Ó am go chéile, léim, agus tá léite agam anseo ar an mblagsféar, in Gaelscéal, agus sna meáin trí chéile, tráchtaireachtaí éagsúla faoi labhairt na Gaeilge, agus faoi Ghaeltachtaí.
An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bíonn sórt bróin orm nuair a léim go bhfuil teorainneacha fós tógtha, agus fós á dtógáil, ag daoine. Osna. Pé scéal é, más fiú a dhath iad, agus mura bhfuil sibh féin tinn tuirseach ag léamh faoin gcraic, seo scéilín agus tuairim uaimse, a chairde.
Anois is arís, téim chun dinnéir le triúr ban; Sasanach, Albanach agus Breatnach, mná ar cairde liom iad. Béarla an teanga coitianta againn. Is de bhunadh na hAlban í an bhean is sine den chomhluadar, agus bím de shíor á ceistiú faoi na gnáthnathanna cainte suimiúla a thagann, go nádúrtha, as a béal:
‘What do you mean by ‘the north wind’ was in your hair? agus
‘What did you mean when you said ‘I’m not haning it?’, mar shampla.
Ní hé nach bhfuil Béarla agam, an dtuigeann sibh, ach níl saibhreas a Béarlasa agam, ó tharla nár tógadh in Albain mé, an áit ónar chuala sise a nathanna cainte dúchasacha, agus í ag fás aníos.
Go deimhin, is minic go gcuireann sise agus na mná eile ceisteanna ormsa faoi mo nathanna cainte dúchasacha féin, na cinn a thagann go nádúrtha as mo bhéalsa. Tá mo shaibhreas cainte féin agam, is dócha, nathanna agamsa nár chuala siadsan cheana, agus thuigfeá sin, ó tharla nár tógadh sna ceantair chéanna muid.
Nuair a casadh an Sasanach orm, an chéad uair riamh, níor thuig mé focal as a béal, ná níor thuig sise focal as mo bhéalsa. Ní hé nach raibh Béarla againn, an dtuigeann sibh, ach níorbh ionann ár gcanúintí, agus bhí deacrachtaí tuisceana eadrainn, go dtí gur thángamar i dtaithí ar ár gcanúintí éagsúla.
Maidir leis an mBreatnach, níl oiread na fríde de chanúint a háite dúchasaí le brath ar a cuid cainte. Níl a fhios agam an dtabharfá ‘cruinneas cainte’ ar a cuid cainte, nó an dtabharfá ‘Béarla caighdeánach’ ar a leithéid, ach ní dóigh liom go mbeadh deacracht ag Béarlóir ar bith í a thuiscint, mar go bhfuil gach uile fhocal uaithi soiléir, agus cruinn beacht ó thaobh na foghraíochta caighdeánaí de, mar shampla.
Ní miste liom cé hiad, nó cá háit, ach nuair a thosaíonn duine ag labhairt i nGaeilge liomsa, sin mo Ghaeltacht. Is cuma liom faoi líofacht nó faoi chaighdeán nó faoi chanúint; níl uaim ach go mbeadh cumarsáid thaitneamhach eadrainn, agus go mbeadh muid ag foghlaim óna chéile, le meas agus le foighne, nuair a bhíonn ár dteanga dhúchais á labhairt againn.
Ná lagaítear meas agus foighne cairde na cumarsáide, cibé teanga atá á labhairt acu, agus gura fada uainn na teorainneacha tuirsiúla loiteacha stairiúla.