Showing posts with label meas. Show all posts
Showing posts with label meas. Show all posts

Friday, November 6, 2020

Máirtín Tom Sheáinín

 

An Ródaí

 

(dán in ómós do Mháirtín Tom Sheáinín)

 

Thuig tú cás agus mórtas cine

An dream abhus an dream i gcéin

D’éist le scéalta chuile dhuine

Beag beann ar rachmas, cáil ná léann.

 

Bhí do bhá le tír is teaghlach

Bhí do thuiscint cothrom grinn

Cois amháin san am a caitheadh

Is cois eile ag siúl chun cinn.

 

Bhíodh do chomhrá réidh is stuama

Chuile cheist uait lán le meas

Fuair tú freagra ón mbéal tostach

Le do chineáltas gan cleas.

 

Chraol tú amhráin nua sean-nóis

Mhéadaigh cartlann, ceol is craic

Bhailigh chugat foghlaim shaolta

A fhormhór sin Tigh Mhichael Jack.

 

Thaisteal tú fud fad na tíre

Ag stiúradh leoraí, bus nó carr

Ach, sé do sheal istigh sa Ródaí

‘s ag láithriú Oireachtais, ab fhearr.

 

Thuig tú údar Chorn Uí Riada

Bhain tú fhéin an duais faoi dhó

Go deimhin, thuig tú daoine óg is aosta

B’in do bhua, a dhuine chóir.

 

Gan do thogha ná do rogha

Ní bheidh do ghlórsa ar an aer

Ach, tagann aois an phinsin

Roimh aois Choilm, faraor géar.

 

D’fhág tú slán ag Ardtráthnóna  

‘Níl aon mhaith déanta’ níl ‘by daid’

Aireoimid uainn do chur i láthair

Do theanga líofa…agus do  ‘hea!’

 

Go n-éirí an bóthar leat, a Ródaí

Fad saoil is sláinte, faoi rath faoi bhláth

Is thar rud ar bith eile ná déan dearmad

Go mbeidh ár mbuíochas leat go brách.

Thursday, September 26, 2019

Easpa i gCaidreamh

Bhí mé i gcomhrá le cara liom, roinnt seachtainí ó shin, agus bhí mé ag insint di gur thug mé faoi deara go bhfuil uirlisí leictreacha an tí seo ag cliseadh orm, le déanaí, (citeal agus tóstaer, mar shampla), agus chuir sí i gcuimhne dom go bhfuil muid deich mbliana sa teach nua anois, agus go bhfuil sé thar am ag na huirlisí céanna, atá in úsáid chuile lá beo againn, bás a fháil.

Tá soilse ar scáthán nach bhfuil ag obair, níos mó, agus ní féidir, deirtear, 'the right part' a fháil a thuilleadh, mar sin caithfear scáthán nua a cheannach, nó gan bacadh le solas-ar-scáthán, ar chor ar bith, agus é a úsáid mar ghnáth-scáthán, mar a déarfá. B'fhéidir gurbh fhearr scáthán gan solas; ní bheadh na roic chomh soiléir, ach sin scéal eile. 

Ar aon nós, cá raibh mé? Ó sea, ábhar na blagmhíre seo...caidreamh. 

Bhí mé ag éisteacht le podchraoladh, le déanaí, clár ina raibh 'uaigneas' faoi chaibidil. Ba léir, ó na litreacha a tháinig isteach chuig an gclár, go bhfuil daoine i gcaidreamh ina saol nach bhfuil ar chor ar bith sásúil. Ní foréigean/éigniú/ionsaí a luadh leis an gcaidreamh faoina raibh siad ag scríobh, ach 'easpa' éigin, ceapaim.  

Rith sé liom, agus mé ag éisteacht leis na scéalta, go bhfuil a leithéidí de chaidreamh mar sin cosúil le huirlisí tí - níl téagar iontu, an cineál téagair atá ag teastáil le go mairfeadh caidreamh, in ainneoin chora an tsaoil. Ach, os a choinne sin, b'fhéidir nach bhfuil i gceist ach fuarú idir chairde/ghaolta/lánúin, ar chúis amháin nó ar chúis eile, agus go dtagann deireadh leis an gcaidreamh, de réir mar atá meon/dearcadh chaon duine ag athrú nó ag múnlú. 

Cibé scéal é, sé an moladh a thuig mé féin ó shíceolaí an chláir ná gur fearr i bhfad a bheadh saol duine gan droch-chaidreamh. Dar leis, is 'de réir a chéile' a ba chóir scaoileadh leis an droch-chaidreamh sin; sé sin, scaoil leis an duine as do smaointe ar dtús, ansin as do chroí, agus ansin as do shaol. 

In amanna, is dócha nach mbíonn an 'right part' le fáil níos mó, le rudaí a chur ina gceart, arís.

Sunday, November 23, 2014

Ceart agus Cearta

Blianta ó shin, agus mise ag fás aníos i gCeantar na nOileán, bhí umar uisce ar chúl an tí againn, sa mbaile. Bhí sé déanta as coincréit, nó ábhar éigin mar í, agus ní raibh clúdach air, ar dtús, más buan mo chuimhne, go dtí gur thit cat isteach ann, agus cuireadh clúdach coincréite air ansin, ar fhaitíos na bhfaitíos go leanfadh aon pháiste againn an cat, is dócha...bhí sé domhain, mar umar uisce, an dtuigeann sibh, agus bhí muide beag, 

Bhíodh an tank, mar a thugamar air, lán le huisce sa gheimhreadh, ó tharla neart báistí ann len é a líonadh, ach is minic, sa samhradh, nach mbáfaí luch ann, ná bac le cat ná le páiste, mar nach mbeadh braon báistí ag titim ón spéir agus, dá bhrí sin, ní bhíodh mórán uisce ar fáil le sconnaí an tí a líonadh, ná le folcadán a líonadh, ná le leithreas a shruthlú, go minic. 

Mar gheall air sin, is dóigh liom, bhí mé cúramach le huisce ar feadh mo shaoil, sé sin le rá, níor chuir mé uisce amú, agus bhí mé iontach buíoch, mar atáim fós, go raibh agus go bhfuil uisce le fáil agam, go fial flúirseach; bíodh sé ina gheimhreadh nó ina shamhradh, bíodh báisteach ann nó ná bíodh. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, a léitheoirí, tá a fhios agam nach mise an t-aon duine amháin atá tinn tuirseach den chraic seo uilig...an 'craic' i 'craiceáilte' atá i gceist agam, seachas aon rud a bhaineann le spraoi, an dtuigeann sibh...ach, mar sin féin, tá mo phota amhrais ag cur thar maoil, na laethanta seo. 

lucht na polaitíochta, ar chuile thaobh den scéal, feictear dom, agus táim den bharúil go bhfuil dearmad déanta acu ar 'ceart' agus ar 'cearta'...sé sin le rá, tá siad uilig den bharúil go bhfuil siad féin ceart, beag beann ar chearta aon duine eile. Ní dóigh liom féin go bhfuil sé sin ceart. 

Bíodh meas againn ar a chéile, agus bíodh meas againn ar uisce. Gan iad, ní féidir maireachtáil i gceart.  

Saturday, October 22, 2011

Slí na Fírinne

Seans go mbeidh cuid agaibh ann, a léitheoirí, nach mbeidh aithne agaibh ar Cathal O’Shannon, iriseoir agus scannánaí cumasach a fuair bás inniu.  

Agus mé i mo dhéaga, agus níos sine, aon uair a chloisinn glór Chathail ar an raidió, bhíodh sé de nós agam stopadh, agus éisteacht le cibé rud a bhíodh le rá aige.

Cén fáth?

Bhí Cathal O’Shannon ar dhuine de na daoine sin lena n-éistfeá, feictear dom, is cuma cén scéal a d’inseodh sé. Bhí bealach aige scéal a insint, cheap mé féin, le cneastacht agus le creideamh. Mar gheall air sin, chothódh sé mo shuim, fiú gan a fhios agam, roimh ré, cén t-ábhar ar a raibh sé ag dul a labhairt.

Daoibhse nár chuala Cathal ag labhairt cheana, b’fhiú daoibh breathnú ar an mbabhta sparraíochta seo, idir é féin agus Muhammad Ali. Tallann ar leith, tallann atá caillte againn inniu, faraor.

Thursday, June 23, 2011

Na Meáin Shóisialta

Le bliain nó dhó anois, agus mé ag léamh faoi, nó ag plé le Facebook agus Twitter, mar shampla, tá sé tugtha faoi deara agam an éascaíocht lena roinneann daoine a gcuid tuairimí, a gcuid scéalta srl., ar na meáin sin; ar an uile ní agus ábhar. Níl dochar ar bith ansin, cheapfá, agus, go deimhin, táthar ann a déarfadh gur maith ann an ceangal sóisialta sin.  

Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.

Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.

Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.

Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.