Showing posts with label Lá Idirnáisiúnta na mBan. Show all posts
Showing posts with label Lá Idirnáisiúnta na mBan. Show all posts

Friday, March 8, 2019

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2019


Mná Ar Buile

Ag smaoineamh dhom ar chuimhní cinn,
Ar bhóthar ‘tá siúlta a’m seasca bliain,
Cé chasfaí dhom ach mná mo linne,
Mná na hÉireann ‘s iad ar buile.

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile.

Sa mBunreacht nua, bhí mná i sáinn,
Fir a chum na focla ann,
Áit na mban sa mbaile suite,
Socrú déanta, cearta sciobtha.

Curfá   Allilliú…

Bhí greim docht daingean ar gach broinn,
Ní ag na mná an greim docht sin,
Ach cléir is rialtas gan aon bhean,
An chos ar bholg ag dlíthe fear.

Curfá   Allilliú…

Ar phósadh dhí a thosaigh ‘n tost,
Chaill bean sloinne, cearta is post,
Le fear a colainn, maoin is spré,
Fiú dlí á chosaint ar ionsaí gnéasach.

Curfá   Allilliú…

Bhí Maighdiléanaí is iad á gcrá,
Obair chrua, gan meas ná páigh.
A bpáistí tógtha…cá raibh an grá?
Luach ar bheatha, nó fuair siad bás.

Curfá   Allilliú…

An leispiach, bhí sí faoin sceon,
Faoi bhagairt Dhia, Diabhal is meon,
Ach, ‘s fearr le Nádúr bród ná brón,
Níor laga Dia ná Diabhal ár Leo!

Curfá   Allilliú…
                                                                                                           
Savita álainn, chaill sí neart,
An bás a fuair sí, an raibh sé ceart?
Pian is faitíos, cabhair de dhíth,
Beag beann ar impí, cailleadh í.

Curfá   Allilliú…

Bhí reifreann ann a tharraing raic,
Maslaí caite…briathra is beart!
Iad siúd a cheap nár thuig mná faic,
Fuair siad cic sa tóin, is d’fhoghlaim ceacht.

Curfá   Allilliú…

Ó Vicky is Emma, tháinig scéalta
Faoi bhréaga inste, ‘s freagracht séanta,
Ach, sheas siad fód, chuir cos i dtaca,
Is d’fhiosraigh fáth, is feall, is peaca.

Curfá   Allilliú…

Tá obair a’inn le déanamh fós
Nós nua le cur in áit seanóis,
Go n-athróidh dearcadh, iompar is meon,
Beidh Mná na hÉireann ag déanamh gleo.                                                                       

Curfá  

Allilliú, puilliliú, aillilliú bhí mná ar buile
Aillilliú, puilliliú, aillilliú tá mná ar buile!


*******

Sin thuas amhrán a scríobh mé d'Oireachtas na Samhna, anuraidh. Nuair a scríobh mé an t-amhrán, bhí 'Emma' fós linn. Cailleadh í. Suaimhneas síoraí dá hanam uasal. Tá sí i mo smaointe, inniu ach go háirithe, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Bíodh an-oíche agaibh, anocht, agus go n-éirí go geal libh uilig, a mhná! Aiféala orm nach mbeidh mé ansin, ach beidh mé anseo, amárach

Tuesday, March 6, 2018

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2018

Mar a tharla anuraidh, agus arú anuraidh, beidh lá eile le banscríbhneoirí na Gaeilge ann, Déardaoin seo chugainn, 8 Márta, i dTeach an Ardmhéara, arís. Táim ag súil go mór leis.

Táim den bharúil go bhfuil liosta na n-áirithintí líonta anois, mar go mbíonn an-ráchairt ar na háiteanna teoranta atá ann don lucht éisteachta, ach is féidir teagmháil a dhéanamh le heagraí na hócáide, Réaltán Ní Leannáin, ag mnaidirnaisiunta2018 ag gmail ponc com, más mian libh aon cheo a fháil amach faoin ócáid.

Inné, bronnadh Mórghradam Idirnáisiúnta ar Nuala Ní Dhomhnaill. Seo an chéad uair, ó cuireadh tús leis an duais liteartha seo i 2013, a mbronnfar an duais ar bhean.

Dar le duine de na moltóirí,

'“D’éireodh go geal le Ní Dhomhnaill sa Bhéarla ach chinn sí d’aon ghnó teanga an mhionlaigh a roghnú – an Ghaeilge, fíortheanga na hÉireann, atá i mbaol imeacht as. Tá ardmholadh agus aitheantas thar na bearta tuillte ag a leithéid de ghníomh cruthaitheach. Bíonn Ní Dhomhnaill ag troid ar son chearta na mban in Éirinn chun iad féin a chur in iúl ar bhonn cruthaitheach, ar son saoirse cruthaitheachta…" (tuairisc.ie)

Mo chomhghairdeachas ó chroí leat, agus mo cheol thú, a Nuala Uí Dhomhnaill!


Tá ardmholadh tuillte ag Réaltán Ní Leannáin, freisin, eagraí na hócáide, oíche Déardaoin seo chugainn, i dTeach an Ardmhéara, mar is ise a chuireann an dua uirthi féin an ócáid seo a eagrú dúinne, banscríbhneoirí na Gaeilge. Murach í, tá chuile sheans ann nach mbeadh sé de mhuinín agamsa mo dhánta Gaeilge féin a aithris ó ardán ar bith, agus táim buíoch di gur thug sí deis dom aithne a chur ar na mná seo a leanas, na mná a bhí, nó a bheas, ag aithris a gcuid saothar cruthaitheach, i nGaeilge, ón ardán i dTeach an Ardmhéara,

Éilís Ní Dhuibhne Almqvist
Áine Ní Ghlinn
Celia de Fréine
Anna Heussaff
Éilís Ní Anluain
Réaltán Ní Leannáin
Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O Driscoll
Siún Ní Dhuinn
Biddy Jenkinson
Ciara Ní É
Lisa Nic an Bhreithimh
Katie McGreal
Pauline Nic Chonaonaigh
Janneke Spoelstra
Aifric Mac Aodha
Máire Dinny Wren
Lara Sunday
Caitríona Ní Chléirchín
Edel Ní Bhraonáin
Cvetka Beve
Milène Fegan
Dáire Ní Chanáin

Déanaimis ceiliúradh ar na mná atá ag scríobh i nGaeilge...mná na mionteangacha abú! 

Wednesday, February 22, 2017

Ócáidí

Ní minic a bhím ar an ríomhaire na laethanta seo agus, dá bhrí sin, sé mo bhlag atá thíos le m'easpa airde, faraor géar. Airím uaim é. 

An méid sin ráite, ní airím uaim Facebook, ná Twitter, ar bhealach. Cé go bhfuil cuntas agam leo, fós, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil ar bhealaí eile. Tá fáth leis sin. Tuilleadh faoi sin, amach anseo. 

Ní hé go bhfuilim díomhaoin, an dtuigeann sibh. Tá bailiúchán de mo chuid filíochta le teacht ar an bhfód go luath; Cló Iar-Chonnacht len é a fhoilsiú, amach sa mbliain. Ar Lá Vailintín, léigh mé mo dhán 'Mo Ghrá' ar chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta; podchraoltaí anseo, más mian libh éisteacht leis na dánta grá eile a bhí le cloisteáil ar an gclár, ar an lá. 

Tá amhráin nua á gcumadh agam. Bhain mé an-sult as mo chuid ama leis an bhFéile Pan Cheilteach thar na blianta, agus molaim coiste na féile sin, agus a lucht tacaíochta (Glór Cheatharlach, IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, An tOireachtas srl.), go hard na spéire, mar go spreagann siad daoine, mé féin san áireamh, chun amhrán nua Gaeilge a chumadh, go rialta. 

Tá ocht n-amhrán déag sa chomórtas náisiúnta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig (liosta anseo, pdf). Beidh an comórtas amhránaíochta ar siúl sa Seven Oaks Hotel, i gCeatharlach, an Satharn beag seo, 25 Feabhra...go n-éirí go geal leo uilig!

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, 8 Márta, beidh mé fhéin, agus roinnt scríbhneoirí eile na Gaeilge, ag teacht le chéile i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Mar aon le Mise Ciara, táim ag súil go mór leis an ócáid, agus táim fíorbhuíoch do mo chomhbhlagálaí, Réaltán Ní Leannáin, as an méid ama atá caite aici i mbun eagraíochta ar an ócáid. Tuilleadh eolais le fáil uaithi ag realtan (ag) hotmail (ponc) com, más mian libh bheith linn ar an oíche. 

Beidh mac le mo chomhbhlagálaí, Aonghus, Fionn Ó hAlmhain (an bheirt acu le cloisteáil ar an gclár Gaol Gairid, níl sé i bhfad ó shin), agus Hajime Takahashi, ag gabháil cheoil dúinn ag an ócáid; agus mo cheol iad Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta i mbliana.  

Mar is léir, ní bhíonn lucht scríofa na Gaeilge díomhaoin. Ní bhíonn a dteanga ná a ndúchas i bhfad uatha riamh. Gura fada buan a lucht tacaíochta! 

Friday, March 4, 2016

Dáta Don Dialann

Oíche Dé Máirt seo chugainn, 8 Márta, beidh ócáid cheiliúrtha ar  Lá Idirnáisiúna na mBan ar bun i dTeach an Ardmhéara, i mBaile Átha Cliath, ón 7:00 i.n go dtí 10:00 i.n, sa Seomra Darach ann. 

Is í Réaltán Ní Leannáin, mo chomhbhlagálaí, bean eagair na hócáide, agus beidh sise, agus na mná eile atá luaite anseo, ag léamh as a gcuid saothar, ar an oíche. Cúig nóiméad, nó mar sin, an duine a bheas acu, agus beidh a gcuid leabhar ar fáil, mar aon leo féin, más mian le haon duine teagmháil a dhéanamh leo, ina dhiaidh sin.

IMRAM agus Seachtain na Gaeilge ag tacú leis an ócáid agus, a bhuí le Críona Ní Dhálaigh, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath atá ag cur a Teach ar fáil don phobal Gaelach an oíche sin, beidh sólaistí ar fáil, nuair a bheas an léamh ar fad thart, mar sin beidh deis againn uilig a thuilleadh aithne a chur ar a chéile, ar ár gcompord, más mian linn.  

Beidh ceol ann, ar bhonn deonach, le Fionn Ó hAlmhain agus Michael Martin...maith iad!

Ar ndóigh, is trí mheán na Gaeilge a bheas na himeachtaí uilig, agus táim ag súil go mór leis, mar ócáid. Beidh mé ann, mar Bhean A' Tí, le, ahem, smacht a choinneáil 'ar an lucht éisteachta agus ar an lucht léite' deirtear anseo

Gabh mo leithscéal, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht anois, agus bata a aimsiú in áit éigin...

Na Léitheoirí:

Éilis Ní Dhuibhne Almqvist
Áine Ní Ghlinn
Celia de Fréine
Anna Heussaff
Éilis Ní Anluain
Réaltán Ní Leannáin
Áine Ní Mhaoldomhnaigh-Ó'Drioscoll
Siún Ní Dhuinn

Tuilleadh eolais faoin ócáid le léamh anseo agus anseo