Más mian libh a bheith páirteach, sa lucht éisteachta, ar an gclár Cormac Ag a Cúig, Déardaoin seo chugainn, Lá Idirnáisiúnta na mBan, beidh sé á chraoladh beo ó Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath, idir 17:00 agus 18:00, an tráthnóna sin, agus níl le déanamh agat, le d'áit a chur in áirithe, ach dul i dteagmháil le Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir an chláir. Tá na sonraí teagmhála le fáil anseo.
Níl ach méid áirithe spásanna ar fáil, mar sin mholfainn daoibh an deis a thapú, a chairde, más mian le haon duine agaibh a bheith sa lucht éisteachta, áit a mbeidh mé féin, tá súil agam.
Ar an bpainéal, go bhfios dom, beidh Lisa Nic an Bhreithimh, Niamh Uí Bhriain, Réaltán Ní Leannáin, agus Deirdre Donnelly, agus ar na hábhair a bheas á gcur faoi chaibidil acu beidh an tOchtú Leasú, ciapadh gnéis, difreálach pá srl.
Is dócha go mbeidh deis ann pointí a thógáil ón lucht éisteachta, mar sin má tá pointe le roinnt agat, mholfainn duit d'ainm a chur ar an liosta! Tá Fachtna ag fanacht go foighneach...
Showing posts with label ciapadh. Show all posts
Showing posts with label ciapadh. Show all posts
Tuesday, March 6, 2018
Tuesday, November 13, 2012
Téigh ag Feadaíl?
Ag feadaíl uirthi/air, nó ag ligean fead uirthi/air, nó ag ligean
fead ghlaice air/uirthi, na leaganacha cainte a bheadh le cloisteáil thiar i
gConamara, chomh fada agus is eol dom, dá mbeadh aon wolf-whistle-áil á déanamh
ag fear nó bean thiar ann.
Anois, tá sé blianta fada ó chuala mé féin aon duine ag
ligean fead orm, ach cloisim feadaíl ag an mbiongó, ó am go chéile, am
ar bith a scairtear amach an uimhir legs eleven, abair. Ar ndóigh, d’fhéadfadh na legs chéanna a bheith
ar fhear nó ar bhean, mar sin, bíonn na fir agus na mná araon ag feadaíl – tá’n
comhionannas beo beathach ag an mbiongó, an dtuigeann sibh.
Pé scéal é, cail mé ag dul leis an rámhaille seo, arsa sibh
féin libh féin, a léitheoirí, agus inseoidh mé daoibh anois díreach– is rabhadh
atá sa mhír seo. Rabhadh agus rámhaille in aon mhír amháin – tá sibh millte
agam!
Ar aon nós, seo an rabhadh – más fear thú, caithfidh tú stop
a chur leis an wolf-whistle-áil sin anois díreach, nó b’fhéidir go mbeadh do
phictiúr/d’ainm curtha ar shuíomh idirlín ‘Hollaback’ na tíre seo, suíomh idirlín a
bheas beo ón naoú lá déag den mhí seo, más fíor an méid a chuala mé ar chlár Ryan Tubridy inniu (11.14 go 39.10 nóiméad).
Aimee Doyle, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, a bhí ag
labhairt le Ryan ar an gclár, agus bhí éisteoir nó dhó ag roinnt a gcuid
tuairimí, freisin. Is fiú éisteacht leo uilig, ceapaim féin: an ‘street harassment’ nó ‘a load of cobblers’
atá i gceist; an córas ‘name and shame’ nó córas ‘draconian’ atá i gceist?
Cibé bhur mbarúil, seans go dtabharfaidh an comhrá, agus Hollaback,
ábhar machnaimh dúinn uilig, a léitheoirí.
Subscribe to:
Posts (Atom)