Showing posts with label polaiteoir. Show all posts
Showing posts with label polaiteoir. Show all posts

Friday, February 26, 2016

Vótáil

Thug mé faoi deara, inné, go bhfuil sé roinnt mhaith blianta ó scríobh mé faoi 'Vótáil agus Vótálaithe,' blagmhír atá le fáil anseo, a léitheoirí, más mian libh í a léamh. Ní hé nach bhfuil suim agam sa pholaitíocht, an dtuigeann sibh, ach, mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, ní duine polaitiúil mé.

Mar sin fhéin, coinním súil ghéar ar a bhfuil ag tarlú sa tír seo, agus déanaim cinnte de go gcaithim mo vóta, lá vótála, mar go bhfuil an ceart sin agam (ceart nach raibh ag mná na tíre seo, tráth den saol), agus is maith liom tacaíocht a thabhairt don cheart sin, agus don tír. 

Inniu, tá vóta le caitheamh againn sa tír seo, le rialtas nua, de shaghas éigin, a roghnú. Leis an bhfírinne a rá, tá sé deacair roghnú eatarthu uilig, mar pholaiteoirí agus mar pháirtithe, ach théis dianmhacnamh a dhéanamh ar na roghanna atá romham, tá mo chinneadh déanta agam, agus caithfear vóta dá réir. Ar a laghad beidh sé le rá agam nár léim mé thar an gclaí, gan breathnú thar a bharr. 

An ndéanfaidh mo vóta aon mhaith? Níl a fhios agam, a léitheoirí. Ach, tá a fhios agam an méid seo, b'fhearr liom gan fanacht ar an gclaí, fiú mura bhfuilim cinnte cén bealach é an bealach is fearr le, ahem, titim. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Is fearr an té a thóigeas claí ná an té a thóigeas caisleán. (Comharsa)

An té is fearr rite reaite, caithfidh sé an claí. (Deis)

Ag cur claí timpeall goirt leis an gcuach a choinneáil istigh. (Díth Céille)

An té nach bhfuil léim aige, leagann sé an claí. (Stuaim)

Wednesday, February 3, 2016

Fírinne


Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann.
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 
 Deacair í a fheiceáil...
 ...ach tá sí ann. 

Tá na polaiteoirí i mbun feachtais anois, thall agus abhus, a léitheoirí. Ar ndóigh, tá agus beidh a scéal féin ag gach duine acu le roinnt linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus is fúinne a bheas sé brí a bhaint as na scéalta sin.

Seo chugaibh roinnt seanfhocal as an leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' le cuidiú libh. Tá siad le fáil faoin gceannteideal 'Fírinne.'

Bíonn dhá thaobh ar gach scéal.

Ní maith scéal gan ábhar. 

Tá scéal go maith go dtig an dara scéal.

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Níl scéal ar bith nach mbaintear casadh as. 


Saturday, July 11, 2015

An Fhírinne Ghlan?


 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann.

 Deacair é a fheiceáil...

 ...ach tá sé ann. 

 Deacair é a fheiceáil...

...ach tá sé ann. 

Ó am go chéile, nuair a chloisim 'Let's be clear about this...' ag teacht as béal pholaiteora, tosaíonn mo Phota Amhrais ag blub-blubbáil, agus tosaím ag Hmmm'áil, mar go mothaím, ar an bpointe, bíodh mé ceart nó mícheart, nach soiléir, ar chor ar bith, a bheas a chuid raiméise cainte.

Ar ndóigh, ní hé sin le rá nach bhfuil an fhírinne áit éigin sa méid atá á rá aige ach, go minic, bíonn sé deacair í a aimsiú! 

Seanfhocail, faoi 'Fírinne', ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.

Níor thacht an fhírinne fear riamh. 

Ná tabhair do bhreith ar an gcéad scéal. 

Ní bhíonn an cath mar an scéal. 

Ritheann an bhréag ach fanann an fhírinne. 

Monday, February 4, 2013

Focail Liom Focail Leat


Táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana, a léitheoirí. 

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin bainte amach agam, nó litir sa bhreis curtha isteach agam, b’fhéidir, nó litir amháin athraithe (ní hionann ‘a’ agus ‘á’, mar shampla); ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.

Inniu, táim, ahem, ag Dáil-eadh focal nuachumtha in bhur dtreo.

Baoiseach – ceannaire nach bhfuil gaoiseach; ceannaire a bhfuil a cheann caillte aige.

Bánaiste – ceannaire ionaid a chuirfeadh an dubh ina bhán ort; an dara duine (is) mire.

Teachtá (Dála) – ionadaí (Dála) nach ndearfaidh ‘níl’ le ceannaire a pháirtí, bíodh sé ceart nó mícheart.   

Wednesday, October 24, 2012

Focail Féilire


Is iad na focail seo a leanas atá ar m’fhéilire fuinneoige ar maidin, focail a tháinig ó Doug Larson, feictear dom:

Few things are more satisfying that seeing your children have teenagers of their own.

Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí, ach an chéad leagan Gaeilge a rith liom féin ná,

Filleann an feall ar an bhfeallaire.

Roinnt seanfhocal eile a fuair mé, faoin gceannteideal Feall, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Déan do gháire is do dhealg sáite.

Is minic cealg i mbun na póige.

Ós cleas é, téadh sé timpeall.

Nach iad na gáirí bána iad scadáin Sheáinín ite.

Maidir leis an gceann deireanach sin, cé nach bhfuil a fhios agam a dhath faoi Sheáinín é féin, tá an méid seo scríofa, sa leabhar, faoi na ‘gáirí bána’ úd,

‘Slad gan meirse (?); is ionann ‘gáire (gáirí) bán’ agus duine ag baint leasa as ceart duine eile, agus gan tada ina dhiaidh air.’

Barraíocht daoine mar iad ar fud na tíre sa lá atá inniu ann, shífeá.  

Agus, ó tharla mé ag plé le téama an fhill, chonaic mé an ceann seo thíos faoin gceannteideal céanna,

Slad mainistir teampaill.

An míniú seo a leanas faighte agam ón leabhar céanna,

‘Seanrá a deirtear, nuair atá fuadach nó gadaíocht an-mhór déanta: ‘Ó, sé slad mainistir teampaill é!’ (RM); nuair a cheaptar rud éigin as bealach a bheith déanta (CA). Cheaptaí gur uafásach an choir é slad a dhéanamh ar mhainistir (RM).

Níl sárú na seanráite le fáil, in amanna.  

Sunday, October 7, 2012

Pocpholaitíocht


B’fhéidir go bhfuilim tinn tuirseach ag éisteacht leo uilig, a léitheoirí, ach cuirim an cheist orm féin, ó am go chéile - go háirithe le seachtain anuas agus na focail ‘stroke politics’ á chloisteáil agus á léamh agam go rialta – meas tú an bhfuil aon pholaiteoir sa tír seo atá ag obair ar mhaithe leis an tír amháin, agus ní ar mhaithe leo féin nó ar mhaithe lena bpáirtí?

Níl ann, an dtuigeann sibh, ach go bhfuilim ag teacht ar an tuairim gurb éard atá uainn sa tír seo, le go dtiocfaimid slán sábháilte as an bpraiseach ina bhfuilimid, ná go mbeidh daoine sa Dáil againn a thabharfaidh tús áite do thodhchaí na tíre, agus ní dá dtodhchaí féin.

Wednesday, August 22, 2012

Puipéad Stoca?

Nuair nach mbíonn daoine, fearacht mé féin, go hiomlán ar an eolas faoi chúrsaí ríomhaireachta ná faoi ghnóthadóireacht an idirlín, seans go dtarraingeodh focal cosúil le sockpuppet a n-aird ina threo.

Bhuel, tharraing sé m’airdse, pé scéal é, nuair a chonaic mé an focal luaite ag Willie O’Dea san Indo, ina alt faoi Chris Andrews.

Dar le Wikipedia, séard is sockpuppet ann ná ‘an online identity used for purposes of deception… ‘ agus ar fhaitíos go mbeadh aon bhlagálaí nó aon ghiolcaire amuigh ansin amhrasach faoina identity féin, deirtear ar an suíomh céanna sin,

A significant difference between the use of a pseudonym and the creation of a sockpuppet is that the sockpuppet poses as an independent third-party unaffiliated with the puppeteer.’

D’fhágfadh sé sin go mbeadh an sockpuppet Neamhspleách Ar Phuipéadóir, b'fhéidir? Féach napachán ar an líosta thíos, a léitheoirí.  

Ní fúmsa atá sé, sa mhír seo, lipéad a chur ar aon duine; níl uaim ach leagan Gaeilge den fhocal sockpuppet a aimsiú, más féidir é, ceann nach ionann é agus aistriúchán díreach, an dtuigeann sibh. Tháinig mé ar na focail seo a leanas, in Cén Sórt É nó ar an suíomh Is Iomaí Duine ag Dia:

Napachán – (Duine anásta dallintinneach; Duine ráscánta maolaigeanta; Leanbh gan chaill) CSÉ (lumpish, witless person) IIDaD

Cealgaire -  (duine glic lúbach, duine a chuirfeadh amú thú d’aon turas; duine fimíneach) CSÉ (guileful person, beguiler, deceiver) IIDaD

Faladhúdaí - (stealthy person, thief, deceiver) IIDaD

Gliúcálaí-  (Rógaire, duine cealgach) CSÉ (Gliúcálaidhe ar IIDaD)

Saofóir - (perverter, deceiver) IIDaD (Duine a chuirfeadh duine nó ní as a cheart; duine cealgach; duine a bheadh ag breabadh nó ar cur cathú) CSÉ

Láimhsitheoir - (Duine a bheadh ag ionramháil) CSÉ (manipulator, grappler) IIDaD

Beartaí – Duine a bheadh ag pleanáil; duine a bheadh ag bagairt; duine a bheadh ag pleanáil go cliste) CSÉ

Líonláimhsitheoir? Gliúcálaí Gréasáin? Saofóir Suímh? Faladhúdaí Idirlín? Láimhsitheoir Láithreáin? Cealgaire Caismirteach? 

Caochadán, b’fhéidir? Napachán, b’fhéidir? Bhur mbarúil féin?

Sunday, July 15, 2012

An Bille Gaeltachta i mBeagán Focal

Le tuiscint níos fearr a fháil ar an méid atá ag titim amach leis an mBille Gaeltachta faoi láthair, tá comhrá suimiúil le cloisteáil anseo. (24 nóiméad ach achoimre, thíos, ón láithreoir)

Podchraoladh ón gclár Today with Pat Kenny atá ann, clár ina raibh Donncha Ó hÉallaithe agus an tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich ag labhairt faoin mbille, an tseachtain seo caite.

Seo achoimre ón láithreoir, Pat Kenny, faoin méid a bhí cloiste aige ón mbeirt fhear ar an gclár:

It seems that we have a difficulty here, two philosophies if you like. One is the one that you are proposing, Donncha, which, you say, is the realistic one: designate the areas where Irish is truly spoken and mind it…care for it, and make sure that, however few they are, that those people survive using Irish as their living language; and the Minister’s, which is, maybe, hoping that this current wave of optimism about the language that exists, particularly in the cities of the country, that that might, in some way, help to revive the language.” (17.45)

Ar ndóigh, dá mba mhian leat comhrá 24 nóiméad a dhéanamh níos gairide fós, d’fhéadfá éisteacht leis an méid a dúradh ag deireadh an agallaimh, idir 22.30 agus 23.58, le tuilleadh a fhoghlaim faoin scéal, le gastacht.

Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith an bille a choinneáil siar, ar feadh píosa, le cinntiú go ndéanfar an jab i gceart, ar mhaithe leis an teanga a choinneáil beo.  
  

Tuesday, June 26, 2012

Wee Scéal Daoibh

Léigh mé tuairisc, le Senan Molony san Irish Daily Mail Dé Sathairn seo caite, go bhfuil an focal beag sin ‘wee’ ina fhocal un-parliamentary - dar le feidhmeannaigh na Dála.

‘No more wee words’ a bhí mar theideal ar an bpíosa a scríobh Senan, agus sí an chuid d'abairt - a dúradh sa Dáil agus a tháinig ó bhéal an teachta Brian Stanley -  a tharraing aird na bhfeidhmeannach, dar le Senan, ná ‘people will have neither a tea nor a wee break.’

an leagan oifigiúil parlaiminteach ar shuíomh Thithe an Oireachtais anois, a scríobh Senan, agus is ‘people will have neither a tea nor a toilet break.’ atá le léamh ansin.  

Is iomaí wee break a bhíonn againn féin anseo i dTír Chonaill, agus cé go mbíonn baint nach beag ag an wee drop of tea leis an scéal, ó am go chéile, is beag a cheapamar go raibh sé a wee bit un-parliamentary an wee word sin a úsáid!     

Tuesday, June 12, 2012

Focail Féilire

Ní dúirt mé gur ort atá an locht, ach go gcuirfinn an milleán ort.

Mo leagan féin den athfhriotal a léigh mé ar m’fhéilire inné:

'I didn’t say it was your fault, I said I was going to blame you.'

Ar fáth éigin, tháinig boic mhóra na Dála isteach i mo chloigeann, agus rith sé liom nach gcailleann polaiteoirí, is cuma cam nó ceart iad, a lucht tacaíochta riamh, feictear dom.

Ar ndóigh, b’fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach, pé scéal é, chum mé athfhriotal nua in ómós do chumas tacaíochta lucht leanúna na mboc mór, agus in ómós do chumas séanta na mboc mór iad féin:

Is cuma milleán nó locht, ní chuirfear boc as a riocht.

Thursday, June 7, 2012

Beo ar an Aer

Ar a laghad, níor tharla sé seo ar an Late Late, a léitheoirí! 

Botún amháin, nó dhó, nó trí, cheapfainn féin…

Tuesday, May 29, 2012

Floccinaucinihilipilification

Is a bhuí le Róislín a tháinig mé ar an bhfocal iontach sin thuas ar maidin.

Ghlaoigh mé ar an nGarraíodóir, fear nach bhfuil róshásta le polaiteoir nó dhó, na laethanta seo.  

I have a great new word for you,’ arsa mé féin.

Thaispeáin mé an focal nua-aimsithe dó in dictionary.com, áit a bhfuil cnaipe in aice an fhocail, le go mbeidh duine in ann fuaimniú an fhocail a chloisteáil.

Bain sult agus úsáid as, a léitheoir, má fheileann sé do do chás.  

Friday, March 23, 2012

Binse Fiosrúcháin Mahon - An Toradh

Bhí mé amuigh ag siúl maidin inné, faoi shodar abhaile mar go raibh uaim tuairiscí na meán ar an Mahon Report, a eisíodh inné, a chloisteáil.

Stop carr le mo thaobh, fear óg ar m’aithne a bhí ann, leaid atá ag obair go dian, le morgáiste a choinneáil íoctha, lena chloigeann a choinneáil os cionn uisce, mar a déarfá.

You in a rush somewhere?’ a d’fhiafraigh sé díom.

I want to get home to hear what the Mahon Tribunal has come up with,’ a d’fhreagair mé féin.

Chrom sé a chloigeann, ‘Why bother…’ a dúirt sé, agus a chloigeann cromtha á chroitheadh aige, ‘…it will make no difference, no matter what they come up with.

Friday, September 16, 2011

An Uachtaránacht

Bíodh sé ina chamghaoth nó ina ghaoth mhór, ach tá an ghaoth, agus an teas, ag éirí faoi rás na huachtaránachta, feictear dom.

Beidh David Norris, fear a tharraing aird an domhain air féin, ach a d’imigh as an iomaíocht ní ba luaithe, beidh sé ar an Late Late Show anocht, agus táthar den bharúil go mbeidh sé ag teacht ar ais san iomaíocht.

Tá cluiche lúrapóg lárapóg á imirt ag Sinn Féin, agus ní bheidh a fhios againn, go dtí ar ball, an mbeidh Michelle, Mickey, nó Martin ag dul san iomaíocht, nó, an bhfuil duine éigin eile i bhfolach acu, áit éigin. Tá an páirtí féin ar an eolas, deirtear, ach caithfimis fanacht ar sceitheadh an rúin sin uathu.

Maidir le Fianna Fáil, nílim róchinnte an bhfuil cluiche folach bíog á imirt ag Mícheál Martin agus a chomhghleacaithe, ach anois is arís, feictear duine amháin, ansin feictear duine eile, agus anois, tá Labhrás á thaispeáint féin dá cheannaire. B’fhéidir nach bhfuil Mícheál bocht rómhaith ag coinneáil greama ar dhaoine ina pháirtí, nó, b’fhéidir nach bhfuil na rialacha uilig ar eolas ag an bpáirtí fós. Cé ag a bhfuil a fhios, mura bhfuil a fhios ag Mícheál é féin é.

Sa chúlra, agus iad ag obair leo go dícheallach, shílfeá, tá Gay Mitchell (Fine Gael), Michael D. Higgins (Lucht Oibre), Mary Davis (Neamhspleách) agus Seán Gallagher (Neamhspleách). An bhfuil an rás rite ag duine acu siúd cheana, meas tú, nó an bhfuil duine éigin eile le teacht isteach sa rás, fós? Beidh le feiceáil, a chairde.

Idir an dá linn, bainigí sult as an gcluiche, a léitheoirí.

Wednesday, July 13, 2011

Miss Piggy

Agus mé amuigh ag siúl ar maidin, chuala mé Mary Mitchell O’Connor ag labhairt le Ray D’Arcy faoin eachtra seo.

Go deimhin, tá ‘Miss Piggy’ cloiste agam, mar leasainm, ar bhean nó dhó thar na blianta. Samhlaím, nuair a chloisim a leithéid, go bhfuil drochmheas á chaitheamh ar an duine, agus ar an nádúr féin, ar bhealach.

Is cuma cén creideamh atá ag duine, is dóigh liom gur thángamar uile isteach sa saol lenár ngéinte réamhshocraithe. Baineann éagasc agus cumas an duine leis na géinte sin, is dócha, ach ní dóigh liom go raibh sé riamh i gceist go mbraithfeadh éagasc ar chumas, ná go mbraithfeadh cumas ar éagasc.

Ach tá saorthoil againn, deirtear, agus is ait an mac an saol.

Thursday, June 16, 2011

Ag Faire?

Rannpháirtithe:

An Faoileán:                Sealbhóirí Bannaí?/Baincéirí?/IMF?

An Cat:                        Rialtóirí agus Rialtas na Tíre?

An Babhla:                   Ciste na hÉireann

An físeán anseo.

Thursday, May 19, 2011

Ach Céard Í An Fhadhb?

Bhí mé i nDoire inniu, san Foyleside Shopping Centre, áit ar phioc mé suas pacáiste ó sheastán ann, pacáiste ina raibh nithe éagsúla a bhaineann leis an bhfeachtas seo, Seachtain um Chaidreamh Pobail 2011.


Pé scéal é, istigh sa phacáiste, bhí an balún thuas. Nuair a chonaic mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar an mBanríon Eilís II, agus ar ár nUachtarán uasal féin, Máire Mhic Ghiolla Íosa.

Ansin, thóg mé amach an mála thuas, agus smaoinigh mé ar na daoine sin a chuir fáilte roimh an mbanríon chuig an tír seo, agus smaoinigh mé, freisin, orthu siúd nár chuir fáilte roimpi.  
Thóg mé amach an máilín milseán thuas. Nuair a léigh mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar na daoine sin a thugann dúshlán ciníochais agus seicteachais, na daoine sin atá de shíor ag obair ar mhaithe le síocháin agus ar son tuisceana, agus ghuigh mé rath a gCé orthu uilig.   

Thursday, March 10, 2011

Féile ina Chroí, Mise ag Guí.

Tá Mark Boylan 13 bliana d’aois, agus chuir sé féile i mo chroí féin, ar maidin, am a chuala mé é ag labhairt ar The John Murray Show.

Scríobh sé a amhrán ‘The Festival’ ina sheomra leapa cúpla seachtain ó shin. Is amhrán é a d’eascair as an ngrá atá aige do chapaill, ach ní hé sin amháin a tharraing m’aird ina threo ar maidin, ach focail dhóchasacha an leaid é féin, agus é ag labhairt faoin ngrá sin.

Mo ghuí ar maidin? Go raibh todhchaí na tíre i lámha a leithéidí Mark, agus go raibh a spiorad dóchasach beo folláin in aireacha nua na tíre seo. Éistigí le focail an amhráin, agus tuigfidh sibh mo ghuí, a léitheoirí.

Más mian libh cuidiú leis an gcarthanacht 'the Injured Jockeys fund', mar ba mhian le Mark, is féidir é sin a dhéanamh anseo. Is féidir an t-amhrán a íoslódáil anseo.

Friday, March 4, 2011

Fís na bhFuirseoirí

Giota craic daoibh ar maidin, a léitheoirí, más mian libh í a chloisteáil, ar ndóigh.

Tá eagarthóireacht iontach déanta ag lucht an Eleventh Hour, RTÉ, ar chuid den amhrán Man in the Mirror le Michael Jackson, agus tá an véarsa sin le feiceáil ar YouTube anseo.

Mar a dúirt mé cheana, cá mbeadh muid gan na fuirseoirí!

Thursday, March 3, 2011

Íoschéimniú?

Caithfidh mé a admháil gur tháinig osna nach beag uaim nuair a chuala mé faoin eachtra seo.

Bean a bhí ag tiomáint, an dtuigeann sibh, bean ar ball d'Fhine Gael í, an créatúr.
Mary eile sa Dáil againn, gan í cinnte cá raibh sí ag dul, is dócha. Rud a thuigfeá.

Tá trua agam don bhean bhocht ach, leis an fhírinne a rá, bhí mé i lagracha gáirí tar éis an físeán a fheiceáil, ní mar gheall ar an eachtra a taispeánadh, ach chonaic mé an trácht deisbhéalach a fágadh faoin bhfíseán:

'is this the 'five step plan' being put into action!'

Cá mbeadh muid gan fuirseoirí na tíre, a léitheoirí!