Showing posts with label Blogger. Show all posts
Showing posts with label Blogger. Show all posts

Sunday, October 2, 2011

Tachtadh Tráchta

Tá fadhb le Blogger, arís eile, feictear dom.

Ó am go chéile, le lá nó dhó, rinne mé iarracht ar thrácht a fhágáil ar bhlag nó dhó. Níor éirigh liom trácht a fhágáil ar bhlag Néidí, ná ar bhlag Alex, mar shampla, cé gur éirigh liom, théis iarracht nó dhó, tráchtanna a fhágáil ar bhlaganna eile.

Pé scéal é, tá Éire théis úd eile a fháil, anois díreach, sa chluiche rugbaí i gcoinne na hIodáile. Wúhúúúu! Tá foireann na hÉireann chun cinn 26 -6 i láthair na huaire. Iontach!

♫♪♪ Low lie the fields of Athenry…♫♪♪

Sunday, June 5, 2011

Réiteach na Faidhbe!

Mar is eol daoibh, bhí fadhb agam le mo bhlag ón tseachtain seo caite - bhuel, chan leis an mblag é féin, ach ní raibh mé in ann nóta tráchta a fhágáil ar bhlaganna eile, ná fiú freagra a thabhairt, i bhfoirm nóta tráchta, ar mo bhlag féin.

Bhí mé ag útamáil liom anocht, ag googláil 'Why?, Why?, Why? - caitear bheith drámatúil ag am mar seo, an dtuigeann sibh – agus ba léir, ón méid a léigh mé, go raibh go leor daoine leis an bhfadhb chéanna.

Pé scéal é, bhí rogha réiteach aimsithe acu uilig, ach seo thíos an ceann a d’oibrigh domsa. Tá súil agam go gcuideoidh sé leatsa, a léitheoir, más rud nach bhfuil tú in ann nóta tráchta a fhágáil ar bhlag:

…agus tú ag logáil isteach ar do chuntas Blogger, nó ar do Google Account, cuireann tú isteach do sheoladh ríomhphost sa bhosca Email, agus cuireann tú do phasfhocal sa bhosca Password, ach, sula mbuaileann tú an cnaipe ‘Sign In’, bain an tic amach as an mbosca ‘Stay signed in’, agus beidh leat – tá súil agam!

É sin déanta, faigh an buidéal fíona, ansin faigh gloine…

Friday, January 14, 2011

Cá Bhfuil Muid?

D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha.  Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.

A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.

Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.  

Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,

‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…

agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,

‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’

Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?

Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail…