Showing posts with label óige. Show all posts
Showing posts with label óige. Show all posts

Friday, October 12, 2012

Trí Chéile

Níl a fhios agam an bhfaca aon duine agaibh an físeán seo, a léitheoirí – beirt chailíní, áit éigin i gCorcaigh, más fíor, agus iad ag cíoradh a chéile; ag troid lena chéile, mar a bheadh ainmhithe in adharca a chéile – ach chuir sé an-trí chéile orm ar maidin.

Níl a fhios agam cé hiad féin, ná fáth an chomhraic. Níl ar eolas agam faoin eachtra ach an méid a léigh mé faoi anseo ar maidin, ach chonaic mé an comhrac ar an bhfíseán úd thuasluaite, agus sin mo dhóthain.

Níl a fhios agam cén rud is mó a ghoill orm: an gáire ón lucht féachana, an ‘hit her!...hit her!’ ón lucht féachana, an ‘punch her!…pull her hair!..’ ón lucht féachana, an ‘I can’t see…’ ón lucht féachana, an ‘This is getting boring…’ ó dhuine den lucht féachana, na daoine a bhí i mbun taifeadta ar na fóin pócaí; nó an í aois an-óg na dtrodaithe agus an lucht féachana is mó a ghoill orm?
 
Níl a fhios agam cé acu, ach tá a fhios agam gur thiontaigh an físeán sin mo ghoile, agus gur ísligh sé mo mheanma nuair a chonaic mé é ar maidin. 

Monday, March 14, 2011

Litríocht Ghaeilge na nÓg

Daoibhse nach raibh ar an eolas faoin mblag seo - agus ní raibh mise ar an eolas faoi go dtí gur cuireadh ríomhphost eolais an Dr. Ríona Nic Congáil, ó Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, ar aghaidh chugam inniu -  beidh le feiceáil agaibh, ar an mblag, go dtionólfar an Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht Ghaeilge na nÓg i gColáiste Phádraig, i nDroim Conrach, ar an 8-9 Aibreán.

Tá clár na comhdhála le fáil ar an mblag sin. Beidh fáilte roimh chách, agus léim nach mbeidh táille isteach le híoc ag an té nach bhfuil ag obair. Diabhal locht air sin, ná ar an gclár spéisiúil, feictear dom.

Bheadh sé go deas dá bhféadfá, a léitheoir, an dea-scéal seo a scaipeadh, le do thoil.