Showing posts with label Covid-19. Show all posts
Showing posts with label Covid-19. Show all posts

Wednesday, October 5, 2022

Coirnéal

 'Bhí sé in ann a choirnéal fhéin a chur ar rudaí...' a dúirt sí liom agus muid i gcomhrá faoina fear céile uasal, a fuair bás le déanaí. 

Bhí os cionn cheithre scór agus deich mbliana caite aige ar an saol seo. Is iomaí comhrá a bhíodh agam leis, an saol i gcoitinne á chur faoi chaibidil againn. Fear tuisceanach, trócaireach. Fear críonna. Airím uaim a chomhluadar nuair a thaobhaím a dteach, anois. Airíonn sise uaithi é, chuile lá beo. 

Is dócha go gcuireann muid uilig ár gcoirnéal fhéin ar rudaí. Thug mé é sin faoi deara, go mór mór i rith na paindéime, am a chuir daoine a gcoirnéal fhéin ar an bpaindéim, mar shampla. Bhí cuid a chreid gur ann di, mar phaindéim; cuid a chreid nach raibh ann ach comhcheilg, teoiric chomhcheilge a bhí cumtha ag lucht rachmais agus rialtas le muid uilig a choinneáil faoi smacht; agus cuid eile a cheap nach raibh ann ach bealach lenár ADN a athrú via vacsaíniú. 

Seans go bhfuil daoine ann a bhreathnaíonn ar a reiligiún ar an gcaoi chéanna. Tá daoine ann a chreideann in aon dia amháin i.e. a ndia fhéin; cuid eile nach gcreideann focal agus a chreideann nach bhfuil i gceartchreideamh ach bealach le pobal a choinneáil faoi smacht; cuid eile nach gcreideann ach i dteoiric éabhlóide Darwin. 

Tá ár gcoirnéal fhéin aimsithe againn uilig, seans, ach is fearr a bheith cúramach agus ciallmhar nuair atá coirnéal nua le casadh ar bhóthar an tsaoil. Tá sé deacair fírinne an tslí a fheiceáil agus tú istigh i gcoirnéal. 

Tuesday, September 29, 2020

Na Féiríní Beaga Sin

 

Chuile mhaidin, líonaim mo phócaí le féiríní beaga. I bpóca amháin, bíonn brioscaí beaga, i gcruth cnáimhe, do mhadra mo mhic (a thagann isteach chugainn, go rialta), agus sa phóca eile, bíonn beartóga beaga bia agam do chat an tí, Maistín. 

Ag déanamh cineáil orthu, a bhím. Treats beaga, mar a déarfá, leis an gcion atá agam orthu a chur in iúl dóibh, is dóigh. 

Pé scéal é, le roinnt míonna anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil an coróinvíreas ag teacht idir daoine agus a gcineáltas, ó am go chéile. 

Is dócha go bhfuil daoine ann, troill agus a leithéidí, gur chuma leo faoi éinne, ach iad ag spochadh agus ag gearán go fonóideach, de shíor. Sin mianach agus meon na ndaoine ar leith sin, agus tógann siad conspóid, gan stró, gan strus, gan dáimh, go rialta. 

Ach, tá ráig an choróinvíris ag cruthú teannais in áiteanna nach raibh teannas riamh roimhe; i measc cairde, i dteallaigh, le comharsana. Is mór an trua é sin. In amanna, feictear dom go bhfuil an 'scáth' in 'ar scáth a chéile' i bhfolach i ndorchadas na ráige. Is mór an trua é sin, freisin. 

Ar maidin, agus mo phócaí á líonadh agam le féiríní beaga, rith sé liom go mba chóir dúinn, ó am go chéile, go háirithe na laethanta ráige seo, bheith ag déanamh cineáil ar dhaoine, freisin. Níl barróga molta, ar ndóigh, ach tá cineáltas tábhachtach agus riachtanach, mar atá tuiscint, tacaíocht agus meas.

Ná déanaimis dearmad ar na féiríní beaga, a léitheoirí. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  

Thursday, June 11, 2020

Cén Rannóg Ina Bhfuil Tusa?

Rannóg 1 - 'Níl ann ach seafóid!'

a.    Níl aon víreas ann. Níl ann ach go bhfuil lucht an rachmais ag iarraidh tuilleadh airgid a shaothrú dóibh féin.
b.    Níl anseo ach polaiteoirí agus a gcomhghuaillithe ag iarraidh muid a chur faoi chois.
c.    Ní hé an víreas a mharaigh na daoine sin, nuair a tholg siad é, ach an bhunchúis tinnis a bhí orthu.   
d.    Má tá bunchúis tinnis orthu, fanadh siadsan sa bhaile! Cén fáth a bhfuil muidne ag íoc as, leis an diabhal dianghlasáil seo! Ar ndóigh, ní muidne atá tinn ná sean, an muid!? 
e.    Is fiú éisteacht lena leithéidí Donald agus Boris
f.    Is cuma liom. Déanfaidh mise mo rogha rud. 
g.   Ní teoiric chomhcheilge atá ann, ach an fhírinne ghlan! Fianaise? Tá neart fianaise le léamh ar na meáin shóisialta, ach do dhá shúil a oscailt. 

Rannóg 2 - 'Ní dhéanfainn é sin, ach...'

a.   Céard? Bhí cóisir acu sa teach? Le daoine nach bhfuil muinteartha leo! Ar a laghad, nílimse ach ag dul isteach sna tithe sin ina bhfuil gaolta liom ina gcónaí. Níl gá le masc, ná le scaradh sóisialta sa chás sin! Ar ndóigh, níl siadsan, ná mise, ag meascadh le haon duine eile, agus tá muid sách sábháilte, dá bhrí sin. 
b.   Ní dheachaigh mé chuig salón an ghruagaire. Níl sé sin ceadaithe. Tháinig sise go dtí mo theachsa/Chuaigh mise go dtí a teach. Ar a laghad, bhí masc uirthi agus orm. 
c.   Ar ndóigh, níl gá le masc a chaitheamh sna siopaí! Nach bhfuil gach rud díghalraithe acu? Agus, nach bhfuil formhór na ndaoine ag cloí leis an scaradh sóisialta?
d.   Na páistí bochta! Cén chaoi a bhféadfainn gan barróg a thabhairt do mo gharpháiste? Ach, bhí mé cúramach, agus níor thug mé barróg ar bith dá dtuismitheoirí. Caithfear a bheith cúramach, an dtuigeann tú.
e.   Cén dochar atá ann? Ní raibh ann ach deoch nó dhó, agus rinneamar uilig an-iarracht cloí leis an scaradh sóisialta, rud nach bhfuil éasca agus duine súgach, bíodh a fhios agat!            
f.    Nach bhfuil siad ag rá, anois, nach ar na páistí atá an locht, mar sin cén fáth nach dtabharfá leat iad isteach sna siopaí? Níl gá le masc a chur orthu. Ní maith leo iad, ar aon nós. 
g.   Tá sé thar am acu fáil réidh le formhór na srianta! Ar ndóigh, níl mórán daoine ag fáil bháis anois, agus tá i bhfad níos lú cásanna nua ann, san am i láthair.  
h.   An dara ráig den víreas? Ní tharlóidh sé sin. Nach bhfuil muid ag déanamh thar barr mar atá muid? Tá an víreas faoi smacht againn, cheana féin, nach bhfuil? 

Rannóg 3 - 'Níl sé éasca, ach caithfear éisteacht leis na saineolaithe.'

a.   Airím uaim mo mhuintir, mo gharpháistí, mo chomharsan, ach tuigim go bhfuil gá leis na srianta uilig, go dtí go ndéanfar díothú iomlán ar an víreas seo. 
b.   B'fhearr liom masc a chaitheamh, ar fhaitíos go mbeadh an víreas tolgtha agamsa, nó ag duine eile, i ngan fhios dúinn. Is fearr a bheith cúramach. 
c.   Níl a fhios agam an bhfuil an ceart ag an rialtas cúram ár sláinte a fhágáil fúinn féin...féach céard a tharla nuair a moladh dúinn fanacht as na pubanna? Níor thug go leor daoine aird dá laghad ar na moltaí, ar thug? 
d.   B'fhearr liom dá mbeadh an rialtas dár gcosaint, go hiomlán, fiú má bhíonn gá le rialacha, agus le dlíthe, dochta gearrthréimhseacha. 
e.   Tiocfaidh muid tríd. Ach, idir an dá linn, caithfidh muid aire mhaith a thabhairt dá chéile, go dtí go mbeidh an víreas seo glanta, go hiomlán, amach as an tír.

Tuesday, June 2, 2020

Radhairc na Seachtaine

Tá roinnt físeán curtha le chéile agam ó thosaigh an Covid-19, agus tá siad roinnte agam libh, ó am go chéile (anseo agus anseo agus anseo, más mian libh iad a fheiceáil, arís), ó tharla go raibh cuid agaibh nach raibh in ann bhur dtithe a fhágáil, agus na radhairc laethúla a fheiceáil, mar a bhí mise á bhfeiceáil. 

Is ar scáth a chéile atá muid uilig ag maireachtáil, na laethanta seo, a chairde, agus, ó tharla go dteastaíonn tacaíocht ó na carthanachtaí éagsúla, ar fud an domhain, freisin, tháinig an t-amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, ar an bhfód, le déanaí. Tá scéal an amhráin le léamh anseo

Má chloistear an t-amhrán, iarrtar ar an éisteoir cúpla pingin/cent/euro, nó cibé, a sheoladh chuig carthanacht éigin, más féidir é, ar chor ar bith. Leid bheag daoibh, d'fhéadfadh, ahem, go mbeadh oraibh pingin nó dhó a bheith faoi réir agaibh, má bhreathnaíonn sibh ar an bhfíseán seo a leanas, 


Táim chomh buíoch den amhránaí, Caitlín Ní Chualáin, agus dá hiníon, Sorcha, a chuir físeán den amhrán le chéile ar Facebook agus ar Twitter (os cionn 5,400 amharc go dtí seo!). Ar chuala tú é? Tá na naisc thuas, a léitheoir, más mian leat súil a chaitheamh ar an bhfíseán sin. Agus, má tá pingin nó dhó le spáráil agat, ná déan dearmad ar na carthanachtaí! 

Tiocfaidh muid tríd, a chairde. 

Sunday, May 24, 2020

Tiocfaidh Muid Tríd

Amárach, Dé Luain, 25 Bealtaine, beidh amhrán nuachumtha, Tiocfaidh Muid Tríd, le cloisteáil, den chéad uair, ar an gclár Iris Aniar, ar Raidió na Gaeltachta.

Is amhrán é a cumadh le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - atá ag streachailt na laethanta coróinvíreasacha seo. Tuigeann sibh féin an scéal, a léitheoirí. Tá srianta i bhfeidhm. Tá daoine ag fulaingt. Tá tacaíocht ag teastáil.

Caitlín Ní Chualáin a bheas ag gabháil fhoinn, agus beidh Seán Ó hÉanaigh á tionlacan, idir uirlisí ceoil agus chomhcheol. Mise a chum, idir fhocail agus fhonn, iadsan a rinne an cóiriú iontach. Mar gheall ar chineáltas agus ar fhlaithiúlacht na beirte sin, mar aon leis an tacaíocht a fuair siad óna gcomhghleacaithe i Raidió na Gaeltachta, tá cóip den amhrán réidh, agus beidh sé le cloisteáil, amárach.

Is fúibhse, an lucht éisteachta, a bheas sé, le bhur dtoil, cúnamh a thabhairt don amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, airgead a bhailiú don charthanacht is ansa libh féin, bíodh an charthanacht sin áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta.

Má chloiseann tú an t-amhrán, is cuma cén áit, iarrtar ort, láithreach bonn más féidir é ar chor ar bith, cúpla euro (nó níos mó!) a dheonú do chibé charthanacht is mian leat féin. Ansin, mura miste leat, déan iarracht theacht ar chóip den amhrán, áit éigin ar na meáin shóisialta, b'fhéidir, agus roinn an t-amhrán, agus an scéal, ar do chairde.

Dá mhéad líon na ndaoine a chloiseann an t-amhrán agus a dheonaíonn ansin, thall nó abhus, is amhlaidh is fearr é do na carthanachtaí éagsúla.

Má tá fón póca agat, tá liosta anseo de na carthanachtaí ar féidir leat téacs tacaíochta a sheoladh chucu (faigheann an carthanas €1.80 as gach €2 a dheonaítear, is cosúil), nó d'fhéadfá suíomh gréasáin na carthanachta a aimsiú, agus airgead a dheonú ar líne.

Mura bhfuil scil agat ina leithéidí teicniúla, b'fhéidir go bhféadfá crúsca (nó rud éigin mar sin) a fhágáil ar an mbord sa bhaile, nó ar leac na fuinneoige, agus chuile uair a chloiseann tú an t-amhrán, nó má thosaíonn tú á chasadh gan choinne (is fonn é a fhanfaidh leat, tá súil againn!), caith euro nó dhó isteach sa chrúsca, le go mbeidh deis agat, am éigin, ar bhealach éigin, an t-airgead sin a dheonú. 

In am an éigin, teastaíonn tacaíocht, agus táim fíorbhuíoch do Chaitlín, do Sheán, agus dá gcomhghleacaithe, as a gcuid tacaíochta. Níor caitheadh oiread is pingin rua ar an amhrán, go dtí seo, ach tá súil agam go mbeidh sibhse, an lucht éisteachta, ag caitheamh neart airgid i dtreo na carthanachtaí, arís is arís eile. 

Tá liricí an amhráin le léamh thíos, a léitheoirí. Beidh Caitlín agus mé féin ag labhairt faoin togra seo ar an gclár, Iris Aniar, amárach, agus beidh an t-amhrán le cloisteáil ar an gclár céanna. 

Is fúibhse a bheas sé, a chairde, an scéal a scaipeadh go forleathan. Le bhur gcúnamh, le bhur gcuid tacaíochta, agus ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd.  


Tiocfaidh Muid Tríd

Ní raibh trácht ar olc ná baol,
Ach, is ait an mac é’n saol,
Aniar aduaidh, tháinig plá gan trua,
Ag scriosadh ’gus ag briseadh croí,
Tá pobal agus tír faoi scáil,
Gan saoirse mar is gnách le fáil,
Ní bheidh muid ag géilleadh
Mar ar scáth a chéile,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Níl do shaolsa mar a bhíodh,
Deirtear leat do lámha’ nigh,
Seas siar, cur fút, gan aon ní romhat
Ach laethanta gan cuma ná caoi,
Tá tinneas ann, is baol an bháis,
Crá croí leis an tuile gan trá,
Ach, lenár ndúchas láidir,
Agus neart ár bpaidir,
Tiocfaidh muide tríd.

Curfá

Tiocfaidh muid slán,
Cine ‘gus clann,
Teaghlach is tír,
Tiocfaidh muid tríd.

Saturday, March 21, 2020

Cíor Thuathail 2020

Ní raibh aon duine againn ag súil leis; víreas damanta damáisteach tagtha aniar aduaidh orainn, agus tá muid uilig trína chéile, mar gheall air. 

'Cogadh' an focal a chloisim agus, ar go leor bealaí, is cogadh atá ann. Ní féidir a bheith neodrach an geábh seo - tá muid uilig inár gcuid den chogadh seo, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Le go mbeidh muid in ann an ceann is fearr a fháil ar an diabhal víreas seo, tá sé tábhachtach go mbeadh muid uilig ag cloí leis na moltaí atá ag teacht ó na húdaráis chuí oifigiúla, ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

Táim féin den bharúil go gcaithfear a bheith cúramach faoi na tráchtanna a fhágann tráchtairí aineolacha anaithnide ar na meáin shóisialta fearacht Twitter agus Facebook. Tá sé de nós agam féin éisteacht leis an méid a chloisim ar na meáin oifigiúla Ghaeilge (raidió agus teilifís) mar go bhfuil sé de nós acusan na saineolaithe cearta a chur faoi agallamh, agus léim na tráchtanna nuashonraithe rialta a thagann uatha sin, freisin. Mo bhuíochas ó chroí leo uilig.

Táim buíoch, ach go háirithe, de na daoine sin atá ag breathnú inár ndiaidh; na daoine sin atá sna seirbhísí tosaigh, sna seirbhísí duine le duine - na 'freastalaithe' uilig sin atá sna siopaí, sna cógaslanna, sna hospidéil, sna clinicí, sna saotharlanna, sna seirbhísí tarrthála srl., - daoine atá á gcur féin sa bhearna bhaoil, ar mhaithe leis an bpobal a choinneáil chomh slán agus chomh sábháilte agus is féidir leo, i láthair na huaire agus na hanachana. 

Níl sé éasca orthu sin uilig, agus ní bheidh sé éasca orainne, mar phobal, ach caithfidh muid ár gcuid a dhéanamh, freisin, le tacú leosan. Tá siadsan ag tabhairt aire dúinne, mar sin is dóigh liomsa go mba chóir dúinne ár n-iarracht féin a dhéanamh gan iadsan a chur i mbaol. Go gcloímid uilig leis na treoirlínte oifigiúla ciallmhara seachanta atá molta ag na saineolaithe. 

Mo chuimhne, táim den bharúil, freisin, go bhfuil ár bpolaiteoirí ag déanamh an-jab go deo. Nár laga an víreas iadsan, ná sibhse, a léitheoirí. 

Tiocfaidh muid slán!