Showing posts with label Bluesky. Show all posts
Showing posts with label Bluesky. Show all posts

Friday, April 3, 2026

Rabharta Mór na nÉan

Tá sé de nós agam súil laethúil a chaitheamh ar shuíomh Nuacht1.com le go bhfeice mé céard iad na hailt ar na meáin ba mhaith liom a léamh.  Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an nasc chuig an alt 'Baol stoirme geallta faoi Cháisc,' atá le fáil ar shuíomh nuachta RTÉ. Níl a fhios agam cé hé nó cé hí a bhíonn ag tuairisciú ar an suíomh sin, ach tá saibhreas na Gaeilge sna hailt uaidh nó uaithi, caithfidh mé a rá. 

Luaite san alt faoin aimsir ghránna atá romhainn don deireadh seachtaine seo, thug mé suntas ar leith don líne 'Tá rabharta mór na n-éan linn...' mar nach raibh ainm an rabharta sin cloiste agam, cheana. Is léir nach mé amháin a thug suntas don rabharta sin, mar thosaigh comhrá eadrainn thall ar 'Bluesky,' áit a mbím fhéin agus na Spéiríní eile ag plé nithe a bhaineann le cultúr na tíre, i dteanga na tíre. 

Tháinig Séamus ar an eolas seo agus ar an eolas seo faoi Rabharta Mór na nÉan, i gcartlann.ie, d'aimsigh Conchúr an t-eolas seo faoi rabhartaí (tá Rabharta Mór na nÉan luaite ann) ar duchas.ie, agus is féidir an giota seo thíos a fháil i leabhar Thomáis Uí Mháille, An Béal Beo, ar leathanach 86,


Labhair mé le hiascaire thiar sa mbaile, fear a bhí in ann a dheimhniú dom go dtugtar Rabharta Mór na nÉan ar Rabharta Mór an Earraigh, mar gurb é an rabharta sin an rabharta is mó, agus b'shin an t-am a roghnaíodh na báid mhóra a athsheoladh ar an bhfarraige, théis seal a bheith caite acu ar thalamh tirim, tar éis Rabharta Mór an Fhómhair; idir Rabharta Mór an Fhómhair agus Rabharta Mór na nÉan, bhíodh na báid tarraingthe suas ar thalamh tirim le hiad a dheisiú nó a tarráil mar ba ghá.

Is ag an am sin, théis an rabharta, a thosaíonn na héin ag tógáil a gcuid neadacha ar na carraigeacha. Bíonn snáth mara fágtha ag rabharta mór na n-éan, agus tógann gach éan a nead níos airde ná an líne sin, mar go nglacann siad leis, is dócha, nach mbeidh aon rabharta eile ann a bheas níos airde agus, dá bhrí sin, nach ndéanfaidh an fharraige damáiste don nead; cuimhne ghéiniteach éigin ag feidhmiú, seans. Ó tharla go mbíonn feamainn caite ar an gcladach tar éis an rabharta, agus giotaí de rópaí agus d'eangacha, freisin, is as na hábhair sin agus tuilleadh a dhéanann éin na mara a gcuid neadacha.

Ach, san áit a mbíonn nead bíonn ubh. Nuair a thógfaidís sos ón iascaireacht, isteach leo ar na carraigeacha le hubh a fháil le hithe. Ní mó ná sásta a bhíodh na héin, agus chaithfidís clocha beaga sa mullach ar na hiascairí, ag iarraidh iad a chur dá ngoile, is dócha. Níorbh fhéidir na huibheacha a ithe théis coicís a bheith caite acu sa nead, mar bheadh éinín ag fás san ubh faoin am sin, is dócha.