Showing posts with label cat. Show all posts
Showing posts with label cat. Show all posts

Saturday, April 2, 2016

Gan Meas Mada

Is léir nach bhfuil meas mada ag Sióg s'againne ar cheird na scríbhneoireachta, agus cén fáth a mbeadh...is cat é, nach ea?!

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Má bhíonn ceann uain ar mhaidin earraigh, beidh ceann mada allta ar an tráthnóna. (Aimsear)

Tá an mada ag ithe féir, tá báisteach air. (Aimsear)

Is fearr cat gránna ná mada deas sa teach san oíche. (Ainmhithe) 

Is deacair an mada a bhaint den tseanchasán. (Ainmhithe)

Is fearr duit madraí an bhaile a bheith leat ná i d'aghaidh. (Cairdeas)

Bíonn gach mada teann ag a dhoras féin. (Cleachtadh)

Is fearr mada beo ná leon marbh. (Comharsa)

Níl mada ar bith is measa ná an mada is airde tafann. (Cur i gCéill)

Wednesday, October 7, 2015

Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise

Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.

Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.

Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.

Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.

Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!


Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


Thursday, January 30, 2014

Cat Cosanta

Tá a fhios agam gur chuala sibh caint faoi mhadraí cosanta, ach bíodh a fhios agaibh go bhfuil cait iad féin sách cosantach, agus is féidir leo áit a chosaint leis an díth céille díograis chéanna is atá ag madra, mar atá le feiceáil ar an bhfíseán seo, mar shampla. 

Mar is eol daoibh, is maith liom cait, agus is minic iad luaite agam, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i mo bhlagmhíreanna. Ar aon nós, gan súil ar bith agam leis an ábhar a bhí faoi chaibidil ar an gclár raidió s'aige inné, tharla sé gur chuala mé Moncrieffe ar Newstalk, áit a raibh sé ag labhairt le Pam Johnson-Bennet, saineolái ar iompraíocht an chait, faoi na 101 to cat behaviour and understanding it, mar a thuigtear iad, is dócha. 

Bhuel, tuigim go maith go bhfuil sibh ann, a léitheoirí, agus is cuma sa tsioc libh faoi chait, agus gurbh fhearr libh madraí, b'fhéidir. Tuigim é sin, mar is maith liom féin chuile ainmhí. Go deimhin, tá madraí againn féin anseo i gCeann Scríbe, ach is é an gáire a baineadh asam inné, chan ainmhithe, ábhar an bhlag seo, creid é ná creid. 

Bhí láithreoir an chláir, Seán Moncrieff, ag labhairt leis an saineolaí, Pam, agus seo mar a chuaigh an chuid sin den chomhrá a bhain gáire asam (04.16 anseo):

Seán:      '...would it be your suspicion that, really, dogs are kinda stupider than cats?'

Pam:      'Oh, absolutely not. No, and I could never get away with saying that because I have a dog  and, boy, I'd have to pay for that later...I think they are both the same.

Seán:      'Okay, but if your dog and your cat were playing chess, and we had to bet on who was going to win...come on, we'd both bet on the cat.

Pam:      'I'd bet on the cat in a lot of instances, but I tell you, if my dog and my cat are playing chess, I'm putting that on YouTube tomorrow...'

Sunday, December 15, 2013

Faoin gCrann Nollag

Mar a scríobh mé cheananí chreideann an tsúil ach an rud a fheiceann sí. 
An bronntanas is breátha...an féirín is fearr...tá tabhartas agam, gan dabht! 

Tuesday, March 19, 2013

Neadió Teilifís Áine

Inné, tháinig meantán gorm chun tí...
Meas tú bhfuil éin-ne istigh?

Ní fheicim duine ná dreoilín ann...

...ná níl an cat féin le feiceáil in aon áit...

...ó,a dhiabhail! Cé hí sin thall?

Bhain mise agus mo cheamara geit as, is dócha, 'gus d'imigh sé leis; ach, díreach ina dhiaidh sin, tháinig an meantán mór, agus thosaigh sé ag, ahem, magadh faoin meantán gorm, ceapaim...
Meatachán buí thú, chan meantán gorm!

Ní fheicfidh sí mise taobh thiar den ghéag seo, muise...

Inniu, tháinig an meantán mór ar ais agus, cé go raibh sé gar do mo cheamara, ní raibh aon fhaitíos air, shíl mé...
Ní aithneoidh sí mé leis na spéaclaí gréine seo orm!

...ansin, anonn leis go dtí an teachín éan, agus bhreathnaigh sé isteach ann...
Nope, níl nead ar bith anseo fós.

...agus, ar ndóigh tá an ceart aige. Ah bhuel, beidh le feiceáil...

Tuesday, September 25, 2012

Coiméide Bhéasanna?


Táthar ann a déarfadh go bhfuil an cat seo, Nylah, an-chliste ar fad agus, go deimhin, go bhfuil sé an-chumasach, mar chat.

Táim féin den bharúil go bhfuil úinéir iontach cliste agus cumasach aige, muise! 

Sunday, September 9, 2012

Cailín na Gaillimhe!

Ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí, beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.

Aguisín (17:11 i.n) 

Gaillimh 2-13  Cill Chainnigh 0-19

Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)