Níl baint ag an bpíosa seo leis an reifreann amárach, a léitheoirí, ach chuir an méid a léigh mé anseo, ar tuairisc.ie, ó Bhridget Bhreathnach, chuir sé modh oibre an tí seo i gcuimhne dom; modh oibre as ar bhain mé féin agus é féin úsáid, ahem, go cúramach, agus páistí s'againne ag fás aníos...fadó, fadó, fadó.
'No! for a No!' a thugamar ar an gcur chuige seo, nuair a bhí na páistí an-óg, ach bhí orainn a bheith iontach cúramach leis, mar chur chuige, sa chaoi is nach muid féin, mar thuismitheoirí, a bheadh thíos leis an 'margadh' a bhí déanta againn leo.
Margadh simplí a bhí ann, an dtuigeann sibh...dá ndéarfadh aon duine againn 'No!' leis an duine eile, (páiste le tuismitheoir/tuismitheoir le páiste...chan tuismitheoir le tuismitheoir, ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoir) bhí orainn glacadh leis an 'No!' sin, mar fhreagra, ach bhí an 'No!' sin i dó phóca agat, mar a déarfá - cead agat é a thabhairt ar ais don fhreagróir, am ar bith a d'fheilfeadh duit féin.
Mar shampla, dá bhfiafróinn de dhuine de na páistí na soithí a ní, agus dá ndéarfadh an páiste sin 'No!' liom, déarfainn leis an bpáiste sin, 'That's okay, but I'm owed a 'No!' and I'll save it for later.' Choinneofá an 'No!' sin ar leataobh, go dtí go raibh an páiste ag iarraidh gar mór míllteach (píosa eile de cháca milis nó, b'fhéidir, ag iarraidh ort milseáin a cheannach sa siopa) agus déarfá leis an bpáiste, 'Remember that 'No!' I'm owed...'
Ar ndóigh, mar thuismitheoirí, bhí orainn a bheith an-chúramach faoinár 'No!'anna féin, sé sin le rá, gan iad a úsáid, mar fhreagra...riamh! Agus, lena chinntiú nach dtiocfadh 'No!' as ár mbéal, i ngan fhios dúinn, chinneamar gan freagra diúltach a thabhairt dóibh, dá bhfiafródh aon dune acu gar orainn, ach 'I'll discuss it with your mother/father, and get back to you.' a rá...i gcónaí! Chuaigh an tseift sin chun sochair dúinn, mar thuismitheoirí.
Níor mhair an cur chuige 'No! in aghaidh No"' i bhfad, mar ba ghearr gur thuig na páistí nárbh fhiú dóibh 'No!' a rá, nuair a bhí jabanna beaga le déanamh, mar gurb iad féin a bheadh thíos leis, i ndeireadh na dála. Bíonn cácaí agus milseáin milis, an dtuigeann sibh, mar aon le 'síocháin agus comhoibriú.'
Tá sé deacair an daonlathas a shárú, a léitheoirí.
Showing posts with label seift. Show all posts
Showing posts with label seift. Show all posts
Thursday, May 21, 2015
Wednesday, April 1, 2015
Soláthróir Nua do Ríomhphoist i nGaeilge!
Tá gmail.com ann, tá eircom.net ann, tá hotmail.com
ann, agus tuilleadh nach iad, ach (agus is ‘ach’ mór é seo), cá mhéad
soláthróir ríomhphost atá ann arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga; nó, go
deimhin, cá mhéad acu arbh í an Ghaeilge an t-aon teanga a cheadaítear i
bhformhór na ríomhphost a seoltar leo? Diabhal ceann, cheapfainn féin.
Go dtí
inniu.
Ar ball, i gClub na Gaeilge, seolfar ‘GaelMail,’
an soláthróir ríomhphost is suimiúla dá bhfaca mé le fada; ó thaobh na Gaeilge
de, pé scéal é.
Admhaím go
bhfuil sé crua orm an focal Béarla sin ‘Mail’ a fheiceáil sa seoladh nua, ó
tharla gur cur chun cinn na Gaeilge atá mar phríomhaidhm acu, ach, mar sin
féin, is fiú go mór bogadh go dtí an soláthróir nua seo, ceapaim féin.
Beidh tú in
ann do roghanna féin a shocrú sna hardsocruithe ar an suíomh nua, mar is
iondúil le gach soláthróir, ach, idir an dá linn, tá réamhshocruithe suntasacha
ar fáil, cinn a thabharfaidh tú faoi deara, chomh luath agus a thosaíonn tú ag scríobh do ríomhphost úr i.e. beidh na focail i nGaeilge le feiceáil i ndúch dubh, mar is iondúil, ach, má chuireann tú aon fhocal iasachta isteach san
abairt, athraíonn dath an dúigh ar an bpointe…mar shampla, beidh dath dearg ar
aon fhocal i mBéarla, agus, suimiúil go leor, tagann dath gorm ar aon fhocal a
bhfuil cuma eascaine air.
Aisteach go
leor, (nó áisiúil go leor, más fearr leat an cor cainte sin a úsáid) tagann
dath buí ar aon fhocal cráifeach as a mbaintear úsáid, bíodh an ríomhphost úr
ag teacht chugat, mar fhreagra ó do sheoladh nua le GaelMail, nó ag imeacht uait ón seoladh sin. Ar ndóigh, mar a
scríobh mé thuas, is féidir leat do rogha féin de dhathanna a úsáid, ach na
réamhshocruithe a athrú.
An aidhm
atá leis an modh oibre seo, dar leo i nGaelMail,
ná go mbeidh ‘an scríbhneoir in ann líon
na bhfocal iasachta/cráifeach atá in úsáid acu a fheiceáil ar an bpointe’,
rud a thabharfas deis don scríbhneoir leagan Gaeilge den fhocal a aimsiú, nó,
bheadh súil acu, go dtabharfaidh an scríbhneoir faoi deara go bhfuil ‘barraíocht raiméise’ in úsáid acu, nuair
a fheicfidh siad líon na bhfocal ‘gan ghá’
atá scríofa acu.
Seift
mhaith, gan dabht, más amhlaidh do mhian. Gach duine agus a dhóigh féin aige, dar
ndóigh.
Le
ceiliúradh a dhéanamh ar an suíomh nua s’acu, beidh comórtas filíochta acu,
uair sa mbliain; comórtas a thabharfas deis duit dán comhaimseartha a scríobh,
ar cibé ábhar is mian leat féin, ach é a bheith scríofa i gcorp do ríomhphoist
úir, ó do sheoladh nua. Caithfear clárú leo, le do sheoladh úr a fháil, ar
ndóigh…seift mhaith eile ansin, ceapaim.
Caithfidh dán
na míosa seo a bheith seolta chucu, roimh dheireadh na míosa seo, chuig amadáin.aibreáin@gaelmail.gom.
Ná déan dearmad na focail ‘Am a’Dáin’
a chlóscríobh ar líne an ábhair, le go n-aithneofar do dhán.
Go n-éirí go gealt libh!
Subscribe to:
Posts (Atom)