Showing posts with label Conamara. Show all posts
Showing posts with label Conamara. Show all posts

Friday, September 12, 2025

Amhráin Áine

Is beag a cheap mé, fadó fadó fadó nuair a thosaigh mé ag breacadh mo chuid smaointe ar phár den chéad uair riamh, go mbeadh dlúthdhiosca de mo chuid amhrán ag teacht ar an bhfód lá éigin ach sin é a bheas ag tarlú, arú amárach, 14 Meán Fómhair, Tigh Mhichael Jack in Eanach Mheáin.

Is in Eanach Mheáin a rugadh agus a tógadh mé, an chéad oileán i gCeantar na nOileán anseo i gConamara, agus táim ag súil go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá. 

Beidh an seoladh ar siúl mar chuid d'fhéile 'Ainm Cleite,' féile a tháinig ar an bhfód cúpla bliain ó shin 'mar aitheantas ar scríbhneoirí agus ar fhilí na háite.'

Tá forbairt agus caomhnú na teanga agus an chultúir mar chuid de phríomhaidhmeanna Ghlór na nOileán agus tá ríméad orm go mbeidh saothar de mo chuid páirteach i gcur chun cinn na n-aidhmeanna sin.
Más mian leat cóip chrua den dlúthdhiosca a fháil, is féidir é a cheannacht ar líne ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht, nó sna siopaí áitiúla anseo i gConamara, Tigh Durkin, Tigh Mhichael Joe, Tigh RoryTigh Plunkett nó ag Bláthanna agus Bronntanais Charoline; nó i Macs Bookshop nó House No. 35 i mBun Cranncha. 

Más fearr leat cóip leictreonach a cheannacht, traic amháin nó an t-albam uilig, is féidir é sin a dhéanamh anseo ar Bandcamp

Wednesday, October 31, 2018

Éan Scéal

Éanlaith atá feicthe agam, anseo i gConamara, le seachtainí beaga anuas,

Spideog

Roilleach

Bardal

Corr Scréachóg (Tuilleadh anseo)

Riabhóg chladaigh 

Faoileán Scadán

Fiach Mara (Tuilleadh anseo)

 An Chailleach Dhubh (Tuilleadh anseo)

Caislín Cloch/Aitinn

 Mallard

Broigheall (Tuilleadh anseo)

Tuilleadh le léamh anseo, maidir le Ainmneacha na nÉan, agus anseo, agus anseo

Friday, September 11, 2015

Éan Scéal

 Tá sé deacair í a fheiceáil, gan dabht ar bith, ach tá sí ann....
...an chailleach dhubh ag móradh na haimsire áille, ar Loch Súilí, i mBun Cranncha, ar maidin inniu. 

Feictear dom, go deimhin, go bhfuil ainm nó dhó eile ag an cormorant, mar atá broigheall, duibhéan, murúchailltreathlach, fiach mara agus amplóir, ach cailleach dhubh an t-ainm a chuala mé féin, thiar i gConamara. 

An méid sin ráite, tá rogha nó dhó eile le feiceáil anseo, ainmneacha a chonaic mé i bhfoclóir Lane's Larger English-Irish Dictionary chomh maith, mar atá cabhail scréachóg, scarbh, seagadh, agus gairg, mar aon le fiach farraige, gairgéan, ballaire, gairrfhiach, agus glaimhfhiach! 

Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar 'a picture paints a thousand words'...

Friday, January 17, 2014

Aithne agus Eolas

Is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil eolas agus aithne mhaith ag mo dhream féin orm - tháinig na bronntanais seo a leanas ó chuid acu um Nollaig seo:

 Óltóir an Fhíona
Catghráthóir
Focalghráthóir
Lastóir Coinnle
Léitheoir na Leabhar
Doirteoir an Chaife
Tóraí...
...Chonamara. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí,  ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)

Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)

Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)

Ar mo mheisce nó ar mo chéill,  d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)

Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)

As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)

Sunday, November 24, 2013

Tacaíocht do Pieta House

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, rinne mé jab beag le déanaí - go deimhin, ní raibh ann ach jab beag, i gcomparáid leis an méid oibre atá déanta, agus atá á dhéanamh, ag na daoine uilig atá, agus a bheidh, páirteach sa cheolchoirm (fógra thuas) atá á reáchtáil ag Ros na Rún, i gcomhar le Raidió na Gaeltachta, an Déardaoin seo chugainn, 28 Samhain, i nGaillimh, ar mhaithe le Pieta House i dTuaim - ach, mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile!  

Beidh mé féin ag dul chuig an gceolchoirm, mar a bheidh Clann Uí Mhaoileáin, an dream a bheidh ag casadh m'amhrán an oíche sin, agus tá súil agam go mbeidh scaifte mór daoine i láthair don chraic uilig. Tá súil agam, ach go háirithe, go bhfuil daoine ag ceannach na dticéad, sa chaoi go ndéanfar neart airgid don charthanacht iontach seo; i dteannta a chéile is fearr é, mar is eol daoibh, a chairde. 

Tá na ticéid le fáil sna siopaí seo a leanas, ar fud na Gaillimhe:

Hanleys Menswear (Sráid na Siopaí), Garavan's Pub (Sráid na Siopaí), Claddagh Jewellery (Sráid na Céibhe), Blake's Corner (Bóthar Eglington), Michael Ryder (An tSráid Ard i dTuaim), Tigh Durkin (Baile na hAbhann), Siopa an Phobail (Indreabhán), agus Texaco (An Spidéal.)

Le bhur dtoil, scaipigí an scéal faoin gceolchoirm i measc bhur gcairde uilig i nGaillimh, agus ar fud na tíre, mura miste libh - beidh chuile phingin ón gceolchoirm ag dul chuig Pieta House i dTuaim. 

Idir an dá linn, má tá cúpla euro le spáráil agat féin, a léitheoir, d'fhéadfá iad a roinnt leis an gcarthanacht anseo, dá mba mhian leat. 

Ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. 

Saturday, September 21, 2013

Gaga ar Doughnuts

Mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, scríobh mé cheana faoi na leaideanna luais sin atá tugtha faoi deara agam, go minic, nuair a bhím thiar sa mbaile, i gCeantar na nOileán agus, go deimhin, scríobh mé chomh maith céanna faoi na rámhaillí gaga atá cloiste ó leaids óga ar leith sa cheantar seo, in Inis Eoghain. 


An tseachtain seo caite, bhí mé ag tiomáint i gCeantar na nOileán, ag tiomáint tríd oileán Eanach Mheáin, ar mo bhealach siar go Leitir Calaidh, nuair a thug mé faoi deara go raibh carr i lár an bhóthair, amach romham, agus é ag baint deataigh as rothaí an chairr; an carr ag dul timpeall i gciorcail, d'aon ghnó, go dtí go raibh an doughnut atá le feiceáil sa ngrianghraf thuas déanta aige, is dócha.

Ní raibh de rogha agam ach stopadh giota maith soir ón gcarr roithleánach, mar a rinne dhá charr eile a bhí ag teacht aniar an bóthar; ar fhaitíos na bhfaitíos go gcaillfeadh an tiománaí smacht ar an gcarr, b'fhéidir, ach mar gheall go raibh sé ag rothlú i lár an bhóthair, ach go háirithe. 

M'anam, a léitheoirí, ach stop mé féin, ar dtús, mar gur baineadh geit asam a leithéidí a fheiceáil ag tarlú i lár an lae ghil, amhail is dá mba rud é gur chuma sa tsioc leis an tiománaí cé a chonaic é, ná cé a bheadh i gcontúirt, dá gcaillfeadh sé smacht ar an gcarr!
Nuair a bhí a chuid fáinneála críochnaithe ag an tiománaí, suas leis bóthar bhaile Eanach Mheáin, mar a fheicfidh sibh ó na rianta bonn atá sa ghrianghraf thuas. Tá doughnuts eile feicthe agam ar an mbóthar sin, gar don reilig thuas ann, reilig ina bhfuil daoine óga curtha cheana féin, faraor géar. 

Feicim rianta doughnuts an lucht gaga ar go leor de bhóithre na tíre, cé gurb é seo an chéad uair a chonaic mé an gníomh ag tarlú beo os comhair mo dhá shúil féin. Ón méid atá léite agam anseo, san A Dictionary of Slang, séard is doughnut ann ná,

'1. An idiot, a contemptible person. 
2. A skilled manoeuvre in a motorized vehicle, whereby it is repeatedly spun on the spot through 360°, resulting in the tyres overheating and consequently leaving burnt rubber on the tarmac - in the shape of a doughnut.'

Fágfaidh mé fúibh féin é, a léitheoirí, cé acu uimhir 1 nó uimhir 2 thuas an míniú is fearr a fheileann do thiománaí an chairr úd. 

Tuesday, November 13, 2012

Téigh ag Feadaíl?

Ag feadaíl uirthi/air, nó ag ligean fead uirthi/air, nó ag ligean fead ghlaice air/uirthi, na leaganacha cainte a bheadh le cloisteáil thiar i gConamara, chomh fada agus is eol dom, dá mbeadh aon wolf-whistle-áil á déanamh ag fear nó bean thiar ann.

Anois, tá sé blianta fada ó chuala mé féin aon duine ag ligean fead orm, ach cloisim feadaíl ag an mbiongó, ó am go chéile, am ar bith a scairtear amach an uimhir legs eleven, abair.  Ar ndóigh, d’fhéadfadh na legs chéanna a bheith ar fhear nó ar bhean, mar sin, bíonn na fir agus na mná araon ag feadaíl – tá’n comhionannas beo beathach ag an mbiongó, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, cail mé ag dul leis an rámhaille seo, arsa sibh féin libh féin, a léitheoirí, agus inseoidh mé daoibh anois díreach– is rabhadh atá sa mhír seo. Rabhadh agus rámhaille in aon mhír amháin – tá sibh millte agam!

Ar aon nós, seo an rabhadh – más fear thú, caithfidh tú stop a chur leis an wolf-whistle-áil sin anois díreach, nó b’fhéidir go mbeadh do phictiúr/d’ainm curtha ar shuíomh idirlín Hollaback na tíre seo, suíomh idirlín a bheas beo ón naoú lá déag den mhí seo, más fíor an méid a chuala mé ar chlár Ryan Tubridy inniu (11.14 go 39.10 nóiméad).

Aimee Doyle, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, a bhí ag labhairt le Ryan ar an gclár, agus bhí éisteoir nó dhó ag roinnt a gcuid tuairimí, freisin. Is fiú éisteacht leo uilig, ceapaim féin:  an ‘street harassment’ nó ‘a load of cobblers’ atá i gceist; an córas ‘name and shame’ nó córas ‘draconian’ atá i gceist?

Cibé bhur mbarúil, seans go dtabharfaidh an comhrá, agus Hollaback, ábhar machnaimh dúinn uilig, a léitheoirí. 

Tuesday, May 15, 2012

Nathanna Cainte


Bhí mé i nGaoth Dobhair le déanaí, agus i gConamara go gairid ina dhiaidh sin, rud a thug deis dom nathanna cainte dúchasacha a chloisteáil sna nGaeltachtaí sin. 

Dá mbeadh tantrum ag páiste, d’fhéadfadh sé bheith ag brúchtadh screadaíl ó thuaidh ach ag cur a chosa beaga uaidh thiar.

Chuala mé an mhallacht ‘Caor thine ort!’ ó thuaidh, cé nach bhfuil an leagan ar leith sin de mhallacht ag an dream thiar, go bhfios dom.

An té a bheadh ag glanadh na bprátaí ó thuaidh, seans go mbeadh sé ag peeling potatoes, cé gur ag baint an chraicinn de na fataí a bheadh an duine i gConamara. Dá mbeadh aon ghlanadh fataí á dhéanamh thiar, is ag baint an tsalachair de na fataí san iomaire a bheadh siad: is ionann an salachar sin agus na fiailí, nó weeds, an dtuigeann sibh.

Lustan an focal a chuala mé ar weeds ó thuaidh, nuair a cuireadh ceist orm ar mheas mé gur cuireadh an ‘lus’ i lus an chromchinn mar gur weed atá ann – freagra nach bhfuil agam, a léitheoirí, cé go bhfaca mé, i WinGléacht, gur lus gan athair gan mháthair an Ghaeilge atá ar duckweed

Dá mbeadh ultach smúdáil le déanamh ag an duine ó thuaidh, bheadh an oiread sin iarnála le déanamh ag an duine thiar.

Agus dá mbeadh fonn ort a leg of chicken a ithe i gConamara, ní cois sicín a d’íosfá, seans, ach ceathrú sicín. Ar ndóigh, ní íosfainn féin ceachtar acu, mar is eol daoibh

Maidir leis an aimsir, tá sí feabhsaithe rud beag inniu. Níl sé ag cur sceana gréasaí mar a bhí sé inné, nuair a bhí an lá fliuch fuar feannaideach. Glacaim leis, mar sin, ó chuala mé an nath sin ón Dómhnallach, go mbíonn sceana an ghréasaí wet cold and sharp. 

Friday, May 11, 2012

Áilleacht Eanach Mheáin

Bíonn mo ghloine i gcónaí lán agus mé ag breathnú ar áilleacht na háite inar rugadh agus inar tógadh mé.  



Sláinte, a léitheoirí!

Saturday, September 10, 2011

Blagáil...Bás nó Beatha?

Sea, is mé atá ann, a léitheoirí, Mise Áine, agus mé beo beathach, ag blagáil liom, mar is iondúil liom, ón gcéad lá úd, ceithre bliana ó shin.

Ar ndóigh, bíonn sosanna agam anois is arís, díreach mar a tharla an mhí seo caite, mar shampla, agus mé ag fámaireacht liom, idir Maidrid agus Conamara, rud a d’fhág mo bhlag díomhaoin, ar feadh píosa.  Aiféala orm faoi sin, a chairde, ach tuigeann sibh féin craic an tSamhraidh.

Ní raibh mé i bhfad as blag, cheap mé féin, mar sin samhlaígí an gheit a baineadh asam, ar m'fhilleadh dhom, nuair a chonaic mé an teideal ‘Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.’ ar mhír Bhreandáin Delap in Beo!. Céard eile a cheapfadh bean ach go raibh mo chomhbhlagálaithe chomh brónach sin i m’uireasa, gur thit an tóin as an earnáil…le, ahem, cumha i mo dhiaidh, an dtuigeann sibh.

Ach, ní mar a shíltear a bítear, agus táim den bharúil nach raibh ann ach tuairimíocht iriseora ar na blaganna Gaeilge sin ‘ar fiú iad a léamh’. Céard is ‘fiú’ a léamh na laethanta seo, meas tú? Ceist mhaith, agus, an bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go luíonn freagra na ceiste sin libhse.  

Deas bheith ar ais libh, a chairde.

Wednesday, June 15, 2011

Cawwokitcha!

Tá fear ar m’aithne agus is Ballyleary an t-ainm atá aige ar Chonamara, ó tharla gur mar sin a chuala cluas an Bhéarlóra sin ‘Bail Ó Dhia Oraibh!’ an chéad lá riamh a roinneadh an bheannacht sin ina chuideachta thiar ann.

Fear deisbhéalach é an fear céanna, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, an lá cheana, bhí sé i mo chomhluadar, ag insint dom faoi leaid óg atá, dar leis, ina ‘fine tall fella’.  Ó tharla aithne mhaith agam ar athair an fhir óig sin, athair le hairde an dorais ann, is é an freagra a tháinig uaimse ná ‘Cá bhfágfadh sé é!’

Tá focal nua ag mo dhuine anois, Cawwokitcha. D’fhéadfadh sé go bhfuil teanga iomlán nua á chumadh aige! 

Tuesday, March 22, 2011

Is Fánach An Áit...

…a bhfaighfeá leithreas.

Bhí mé féin agus é féin ar an mbealach ar ais as Conamara go hInis Eoghain inniu, agus bhí mo cheamara nua liom agam, i mála, le mo thaobh, sa charr. 

Bhí an Garraíodóir ag tiomáint, agus bhí ordaithe faighte aige uaimse bheith réidh le stopadh, am ar bith a déarfainn, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Ní hea, a léitheoir, ní leithreas a bhí uaim, ach bhí mé ar thóir an ‘Wow!’ fachtóir, an dtuigeann sibh, mo shúile ar oscailt agam, ag cuardach an ghrianghraif sin nach mbeadh iondúil, mar a déarfá.

Bhuel, is maith an t-anlann an t-ocras, agus díreach ó thuaidh de Shligeach, céard a chonaic mé, 50 slat isteach ón bpríomhbhóthar, ach an radharc thíos.
Leithreas plean oscailte, b'fhéidir, nó faisean nua-aimseartha, bhur mbarúil?

Monday, January 31, 2011

Oíche na Féile Bríde

Cuirfidh mé Bratach Bhríde amach roimh dhul a luí. Deireadh na seandaoine, dá gcroithfí é in am an ghátair go gcoinneodh sé slán ón chontúirt is ón urchóid thú.’

Sin mar a scríobh Proinsias ar a bhlag anuraidh, agus bhí dearmad glan déanta agam féin den bhrat, go dtí go bhfuair mé glaoch, inniu, ó Bhean an tSléibhe, len é a chur i gcuimhne dom.

Chuaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon, le go bhfeicfinn cén scéal atá taobh thiar den nós seo, agus tháinig mé ar an méid seo, ón leabhar Gnás na Féile Bríde, le Sean Ó Duinn,

Seo nós a bhíodh ag na seandaoine fadó. Nuair a bhíodh Féile naomh Bríd ann do théadh fear an tí amach san oíche agus d' fhaigheadh sé punann choirce agus d' fhágadh sé ar leac an dorais í. 'Sé an fath a dhéantaí é sin na nuair a thagadh Naomh Bríd chuig an doras an oíche sin agus nuair a fheiceadh sí an phunann go gcuireadh sí rath ar an gcoirce sin an bhliain sin (IFC 902; 108; Seán Ó Conaire, Druid Snámh, Mám, Contae na Gaillimhe, Narrator; Cait Ni Chonaire, Scribe).’

Aisteach go leor, labhair mé le duine nó dhó as Conamara anocht, agus níl cuimhne acusan go mbíodh a leithéid á dhéanamh, ach is léir gur nós é ‘Bratach Bhríde’ a bhaineann leis an taobh seo tíre, Dún na nGall, pé scéal é. Scríobhann an t-údar,

‘What is expressed here, is a belief fundamental to the cult of Brigid in Ireland - the belief that Brigid returns from the Otherworld on this night, that she visits the houses of those who venerate her, and that she bestows her blessing on various objects placed outside the door, notably Brat Bhríde - a piece of cloth called 'St Brigid's Cloak' used for cures and protection.

These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’

Só, sin agaibh é, a léitheoirí. Téigí anois agus faighigí píosa d’éadach bán, agus. crochaigí taobh amuigh den doras anocht é. Ón méid atá léite agam
anseo, beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine, agus dá bhrí sin, is dócha, na
powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat.

Mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, deirtear, ach an brat a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach, le go mbeidh fáil agaibh air ‘in am an ghátair’.

Go n-éirí sibh, agus go n-éirí libh!