Showing posts with label fíor. Show all posts
Showing posts with label fíor. Show all posts

Thursday, September 13, 2012

Focail Féilire


I bhfianaise ar m’aineolas tá scéalta na meán agam. 

All I know is just what I read in the papers, and that's an alibi for my ignorance.

Tháinig an t-athfhriotal Béarla thuas ó Will Rogers, agus is uaimse an leagan Gaeilge.  

Tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go gcreideann daoine cibé rud is mian leo a chreidiúint, is cuma ann nó as d’fhianaise. Níl a fhios agam an mbaineann sé sin le tionchar nó le teagasc, le ciniceas nó le creideamh, le forbairt nó le teip, le fás nó le marbhántacht; ach is minic duine amháin ag aimsiú fírinne san áit ina n-aimseodh duine eile bréag, mar shampla. 

Agus, má shamhlaítear nach bhfuil an fhírinne iomlán ag teacht ó na meáin, an bhfuil fianaise ag teacht ón mbréag a shamhlaítear?

Cibé scéal é, bíodh sé ag teacht ó na meáin rialta nó ó na meáin shóisialta, ní dóigh liom go mbeadh dochar ann éisteacht agus léamh go faichilleach, le cúram, agus le gráinnín salainn. Ar fhaitíos na bhfaitíos.

Roinnt seanfhocal daoibh, a léitheoirí, cinn atá le fáil faoin alt Fírinne, sa leabhar Seanhfhocla Chonnacht:

An fhírinne as mála na mbréag.

Bíonn an dá leagan ar gach scéal.

Bíonn dhá inseacht ar scéal agus dhá leagan déag ar amhrán.

Maireann an bhréag seal, ach maireann an fhírinne go deo.

Ní chreidtear an fhírinne ó fhear déanta na mbréag.

Scaoil thart an chéad fhear nó go dtaga an dara fear.

Ní bhíonn an cath mar an scéal.

Níor dúradh ariamh ach fíor nó bréag.  

Thursday, September 6, 2012

Fírinne nó Fógraíocht?


D’fhreastail mé ar chúrsa Scileanna Teilifíse roinnt blianta ó shin, agus d’fhoghlaim mé go leor faoin earnáil sin, rud a fhágann go bhfuil tuiscint mhaith agam ar na bealaí éagsúla inar féidir le heagarthóireacht scéal a... inar féidir le heagarthóireacht scéal a mhúnlú, deirimid.

Dá bhrí sin, níor chuir sé iontas ar bith orm nuair a léigh mé faoin eachtra seo in alt dar teideal  ‘Nokia's new PureView ad is amazing, too bad it's faked.’ - b’fhiú daoibh breathnú ar an dara físeán ar an suíomh sin, a léitheoirí, an ceann ón The Verge iad féin, go bhfeice sibh an, ahem, botún sceitheach.

Dar le Nokia, ‘we should have posted a disclaimer stating this was a representation of OIS only,’ agus seans go ndéarfadh an duine ciniciúil, ‘Well, they would say that, wouldn’t they!’

Mise? Bhuel, le blianta fada, táimse ag éisteacht le ‘78% of women agree’ ar fhógra teilifíse, ach ag léamh ‘78% of 101 women asked agree’ scríofa sa chlásal séanta beag bídeach ar an scáileán;  ag léamh ‘You too can have hair like this’ ar fhógra irise do ‘Volume Hair Shampoo’, ach ag léamh ‘Hair extensions have been added for effect’ ar an gclásal séanta beag bídeach i gcúinne an leathanaigh, mar shampla.

Seans go bhfuil an lucht fógraíochta ag brath ar ‘inattentional blindness’ an lucht éisteachta agus léitheoireachta, ag súil nach dtabharfaidh siad na nithe folaithe faoi deara, abair; rud nár tharla i gcás Nokia, is cosúil – an geábh seo.

Agus, más rud go bhfuil uait fáil amach an bhfuil ‘inattentional blindness’ agat féin, a léitheoir, b’fhiú duit tabhairt faoi cheist na, ahem, liathróidí ar an suíomh seo - is gearr uait do fhreagra.