‘Doing nothing is very hard to do…you never know when you’re finished.’
Agus an t-athfhriotal thuas aistrithe agam, tharraing mé chugam an leabhar Seanfhocla Chonnacht le Tomás Ó Máille (cóirithe ag Donla Uí Bhraonáin), agus tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal ‘Leisce’:
'Tá gach rud crua ag an leisce.'
'Is minic díomhaoineach doicheallach.'
'Fear óg díomhaoin, ábhar an tseanduine bhuain.'
'Fear ramhar, fear spárálach.'
'Tóin le gaoth, is bolg le gréin.'
'Ní minic mórán maoine ag fear na cúinne.'
'Faigheann cos an tsiúil rud nach bhfaigheann cos ina sheasamh'
agus seo leagan eile den tseanfhocal céanna, a chomhbhlagálaithe,
'Is minic a fhaigheas cos siúlach masla, ach ní fhaigheann cos ina cónaí tada.'