Showing posts with label Foinse. Show all posts
Showing posts with label Foinse. Show all posts

Thursday, May 26, 2022

Foinsí

Nuair a d’fhill mé fhéin agus é fhéin ar Bhun Cranncha, théis dheireadh seachtaine taitneamhach a chaitheamh i gConamara, thugamar faoi deara boladh lofa ar fud an tí. Meas tú, arsa fear an tí, agus fuinneoga á oscailt aige, cé as a bhfuil an boladh sin ag tíocht? 

Bhí an boladh ag fáil níos measa. D’oscail muid doras soirn, doras cuisneora agus doirse chófraí, go bhfeicfeadh muid an raibh aon cheo ag lobhadh iontu, ach ní astu sin a bhí an diabhal boladh ag tíocht.

Bhí an aimsir ag éirí níos teocha. Bhí stuif le tógáil as an gcarr. Thug mise isteach an mála níocháin. Chuir sé fhéin an mála beag dramhaíola isteach sa mbosca bruscair sa gcisteanach. Thug muid faoi deara go raibh boladh i bhfad níos measa taobh amuigh den teach, ná mar a bhí taobh istigh. Sciodar, seans, a bhí á chur amach ar an talamh ag na feirmeoirí áitiúla, a cheap muid.

Thug mé an mála níocháin isteach sa gcúlchistin. Ní raibh dé ná deatach ar chat an tí, Féasóg, ach ba léir dhom go raibh sé thart níos túisce mar bhí leath dá chuid bia ite aige óna mhias. Fágann cara linn bia sa gcúlchistin dó cúpla uair sa ló, nuair a bhíonn muide as baile. Lena chois sin, tá a dhoirsín fhéin aige ag bun an chúldorais. Bíodh muid ann nó as, bíonn fáil ag Féasóg ar theach agus ar thuath, ar thearmann agus ar bheatha.

Bhí fuinneog na cúlchistine ar leathadh, oscailte níos túisce ag fear an tí. Bhí an boladh ag fáil níos measa. Ní aer úr a thagann isteach tríd an bhfuinneog nuair a bhíonn sciodar á scaipeadh, arsa mé fhéin liom fhéin. Dhún mé an fhuinneog, agus bhí mé díreach ar tí na héadaí a chur sa meaisín níocháin nuair a thug mé faoi deara é. 

Bhí sé marbh. Bhí sé ag lobhadh. 

Francach mór a bhí ann. Ceann le ceithre chos. Choinnigh mé an cloigeann. I bhfocla eile, rinne mé an rud, ahem, ceart agus glaoigh mé ar fhear an tí. B'fhéidir gur scairt mé air. Nó, b'fhéidir, ahem, gur béic a bhí ann.  Pé scéal é, ní raibh sé siúd i bhfad ag fáil réidh leis an bhfrancach. Ba ghearr go raibh an boladh ón gcúlchistin imithe. Bhí mise imithe ón gcúlchistin roimhe sin. Chomh luath agus a chonaic mé an francach. Mar a thuigfeá. 

Is minic nach bhfeictear an rud atá soiléir. Is fiú go mór cartadh agus cíoradh mar is ceart a dhéanamh le foinse na fírinne a aimsiú. Níl dochar ar bith san intinn oscailte. 

*********************

Foilsíodh leagan den scéal seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Séan Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Comhairle Contae Dhún na nGall, eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Thursday, March 24, 2011

Ó Tholg go Tolg

Ar leathanach tosaigh do Foinse na seachtaine seo, tá an spéirbhean Áine Goggins.

Tá aithne agam ar Áine, ón am a chaitheamar ag obair le chéile ar an gclár Dúshlán, clár a bhain an duais amach do ‘Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge – Faisnéis’ ag na Smedias i 2008.


Thángamar le chéile tráth, lucht foghlama scileanna teilifíse ón dá Acadamh, agus taobh istigh de choicís, rinneamar, na scoláirí ón dá choláiste, dhá chlár le chéile.

Bhí Áine agus mé féin ag obair ar an bhfoireann chéanna, agus bhain mé an-sult as a comhluadar. Ba léir dom, fiú ag an am sin, nach tarraingteach amháin a bhí Áine, ach go raibh tallann nach beag aici, agus chuidigh an dá thréith sin go mór linn, agus na cláir á gcur le chéile againn.

Is bean chumasach phroifisiúnta í, agus táim ag dúil go mór lena clár nua, Ó Tholg to Tolg, a fheiceáil ar TG4 anocht, ag 9.30 i.n.

Wednesday, March 2, 2011

Cumarsáid an Ghrá

Tá a fhios agam go bhfuil Lá San Vailintín thart, a léitheoirí, ach ní fhéadfainn gan na ‘chat up lines’ seo a leanas a roinnt libh, ó tharla gur léigh mé iad in Foinse an lae inniu.

Tá siad le fáil istigh san Forlíonadh Speisialta atá acu do Sheachtain na Gaeilge, an dtuigeann sibh, iad mar chuid de na noda éagsúla atá acu, faoin teideal ‘Conas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge bhunúsach.’

Seo chugaibh iad:

Gabh mo leithscéal. Is gadaí mé agus tá mé anseo chun do chroí a ghoid!’

‘Dá mbeinn in ann an aibítear a atheagrú, chuirfinn U agus I le chéile.

‘Nílim ach tar éis bogadh anseo. An féidir na treoracha a fháil chuig do theach?’

‘An eachtrán a bhí i d’athair mar níl aon duine eile cosúil leat ar domhan.’

Do bharúil? An n-oibreodh na ‘chat up lines’ sin, meas tú? Nó, an bhfuil ceann níos fearr agat féin?