Showing posts with label Gaelach. Show all posts
Showing posts with label Gaelach. Show all posts
Tuesday, April 10, 2018
BEO - Gaelach agus Bródúil
Tá ócáid mhór ag tarlú Dé Sathairn seo chugainn i mBaile Átha Cliath, a léitheoirí, mar a fheicfidh sibh ón bpóstaer thuas.
B'aoibhinn liom bheith ann, ach, faraor, beidh mé thar lear. An méid sin ráite, beidh mé ag ceiliúradh na hócáide, i mo bhealach fhéin; sé sin le rá, déanfaidh mé mar a dhéanaim chuile lá BEO, agus labhróidh mé i nGaeilge, nó scríobhfaidh mé i nGaeilge, más féidir liom é, ar chor ar bith.
Agus, is mian liom í a labhairt, agus í a scríobh, mar theanga. Mar a scríobh mé cheana, is foghlaimeoir mise, a tógadh trí mheán an Bhéarla i gceantar Gaeltachta. Chaill mé go leor de shaibhreas teanga amháin mar gheall ar labhairt na teanga eile, ach ní raibh aon neart agamsa ar an scéal. An t-am sin.
Ach, tá neart agam anois...neart bealaí ann le Gaeilge a fhoghlaim, neart áiteanna ann len í a labhairt agus a scríobh, neart daoine/eagraíochtaí ar an idirlíon ag iarraidh í a fhorbairt, mar theanga. Is aoibhinn liom go bhfuilim páirteach i bhfoghlaim agus i bhforbairt na teanga sin, i mo bhealach fhéin.
Má éiríonn libh a bheith ann, a chairde, bainigí sult as na himeachtaí uilig atá eagraithe don lá mór seo...BEO, Gaelach agus bródúil...ní neart go cur le chéile!
Wednesday, April 22, 2015
Bye, bye, bye, bye, bye...
Le roinnt seachtainí anuas, tá fógra ar an teilifís atá do mo chur sna trithí ag gáire, agus do mo chur soir, ag an am céanna.
Cén fáth?
Bhuel, go dtí gur chuala mé an diabhal fógra sin, 'As Irish As Never Wanting To Be The First To Hang-up,' (tá tuilleadh acu sa tsraith 'As Irish As..,' ón ollmhargadh céanna, le feiceáil anseo), níor thug mé faoi deara go raibh sé de nós ag na Gaeil a labhraíonn Béarla, an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin a rá ag deireadh ghlao gutháin.
Ach, cloisim anois é! Chuile lá beo, ó chuile dhuine beo a bhíonns ar an bhfón taobh liom...an 'bye, bye, bye, bye, bye...' sin á rá acu, amhail is nach ndéanfadh 'bye' amháin an duine atá ar an taobh eile den líne, duine atá ag rá 'bye, bye, bye, bye, bye...' iad féin, freisin, chuile sheans.
Pé scéal é, rith sé liom, ar maidin, go bhfuilim chun deireadh a chur le mo 'bye, bye, bye, bye, bye...' féin; as seo amach, is cuma cén teanga a bheas á labhairt agam, táim chun 'slán, slán, slán, slán...' a rá ag deireadh mo ghlao agus, ar an gcaoi sin, ar a laghad, beidh mé chomh Gaelach leis na Gaeil a labhraíonn Gaeilge!

Thursday, April 10, 2014
Gaelach le Gaeilge - Glac Leis!
Labhair mé leo ar an bhfón, roimh am lóin, inné, agus tháinig an t-léine thuas ón Spailpín Fánach, roimh am lóin, inniu.
Praghas, postas san áireamh = €20.
Luach, seirbhís do chustaiméirí san áireamh = ríluachmhar!
Monday, May 20, 2013
Cá bhfuil An Grá?
B’fhéidir go bhfaighidh sibh an freagra anseo, a léitheoirí.
Ach, más rud go bhfuil freagra
agat féin, nó go bhfuil dán agat - ach é i’d smaointe féin, ag fanacht le saoirse, abair - agus más rud gur mhaith leat an smaoineamh sin a roinnt le daoine, b’fhéidir gurbh fhiú duit breathnú ar an gcomórtas seo, The Irish Poem Is...'
Bheinn féin den tuairim go mbeadh mo cheannsa i nGaeilge, ach sin mise. Tuilleadh dánta, agus físeanna, ón
Poetry Project iontach, le feiceáil anseo.
Labels:
Colm Breathnach,
comórtas,
dánta,
filíocht,
Gael,
Gaelach,
grá,
Poetry Project
Subscribe to:
Posts (Atom)