Showing posts with label jab. Show all posts
Showing posts with label jab. Show all posts

Thursday, March 13, 2014

Trust Ag Teitheadh

Blianta ó shin, bhí mé cláraithe le suíomh idirlín, suíomh a bhain le poist a bhíodh le fáil sa seirbhís phoiblí, más buan mo chuimhne, agus gheobhainn ríomhphost ón láithreán gréasáin sin dá mbeadh post nua ar fáil. 

Dá mbeadh suim agam sa phost, d'fhéadfainn brú ar an gcnaipe cuí ar an scáileán, an fhoirm chuí a líonadh isteach, ar líne (réamh-iarratas...liosta ceisteanna...freagraí le ticeáil) agus í a sheoladh chuig an eagraíocht ar leo an suíomh, eagraíocht a dhéanfadh anailís láithreach ar mo réamh-iarratas, ba chosúil. Rud éigin mar sin. Tagann fial le haois, an dtuigeann sibh. 

Ar aon nós, sí mo chuimhne ná go mbrúfainn an cnaipe 'Send' agus, i gcónaí, gheobhainn teachtaireacht ar ais a déarfadh nach raibh mé feiliúnach don phost; nó, b'fhéidir go ndúradh nach raibh an post feiliúnach domsa - ní cuimhin liom - ach, pé scéal é, níor éirigh liom, riamh, dhul níos faide ná an réamh-iarratas sin.

Pé scéal é, tharla sé go raibh grúpa ban óga éirimiúla ina suí sa chistin liom lá amháin, agus bhí mé ag insint dóibh nach raibh ag éirí liom sna réamhiarratais. Arsa duine acu,

'You're probably being too honest in your replies?'

Bhuel, a léitheoirí, baineadh siar asam, caithfidh mé a rá. Ach, de réir cosúlachta, b'fhearr 'Yes' a thiceáil, fiú dá mba 'No' m'fhreagra ionraic, dá mba rud é go raibh uaim bogadh ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Bíodh sé sin fíor nó ná bíodh, ní dheachaigh mé i muinín na teicneolaíochta sin a thuilleadh. Sin mise. Fuair mé post as mo stuaim féin. 

Ar maidin, bhí me ag léamh faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo, agus faoin gcraic seo. Táim i mo shuí ag an mbord sa chistin, agus tá mo thrust ag teitheadh...arís is arís is arís eile.  

Tuesday, September 24, 2013

Comharthaí

Chonaic mé an comhartha seo thíos inniu...
...ar dhoras oifige an dreama seo..
...agus rith sé liom go bhfuil chuile sheans ann go mbeidh an-time ar fad ag an dream uilig atá ag freastal ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, atá ar siúl i gCo. Laois i láthair na huaire. Go n-éirí go geal leo, cibé job a bheidh idir lámha acu ann. 

Ar mo shiúlóid ina dhiaidh sin, chonaic mé comharthaí an fhómhair...
...agus rith sé liom go bhfuil a páirc féin á treabhadh, agus á lomadh, ag Ollmháthair na Cruinne.  

Saturday, October 20, 2012

Jab Le Déanamh


Le seachtain anuas, táim á sheachaint. Chuile uair a rachainn isteach sa seomra leapa, bhí sé romham, ag bagairt orm, ‘Caithfidh tú é a dhéanamh! Caithfidh tú é a dhéanamh!’

Ligfinn orm féin nach bhfaca mé é, agus ní dhearna mé é. Go dtí inniu.

Sea, a léitheoirí, thosaigh mé ar an jab úd ar maidin - éadaí an tsamhraidh á gcur san áiléar agam, agus éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas agam. 

Ní raibh rogha agam, i ndáiríre. Cé go raibh an fhírinne á seachaint agam, mar aon leis an jab úd thuasluaite, is léir dom anois go bhfuil an samhradh thart, agus go bhfuil gá le héadaí atá pas beag níos teolaí.

Mo chuimhne, chuala mé bean ag rá, le déanaí, ‘The trees are turning...' agus cé gur thuig mé céard a bhí i gceist aici, níl a mhacasamhail d’abairt ‘crainn ag iompú’ le fáil i nGaeilge, chomh fada agus is eol dom; ‘tá an dath ag imeacht de na duilleoga’ a deirtear, ceapaim.

‘Ar ndóigh, ní fhéadfadh crann é féin a iompú!’ arsa bean chliste na Gaeilge liom, nuair a luaigh mé an leagan Béarla léi. Tá an méid sin fíor, gan dabht, ach tá rud éigin iontach ealaíonta faoin íomhá a shamhlaigh mé, nuair a dúirt fear áitiúil liom, le déanaí,

‘The frost turned the colour on the trees last night.’

Ealaíontóir an Fhómhair i mbun a chuid oibre, is dócha.