Tá roinnt físeán curtha le chéile agam ó thosaigh an Covid-19, agus tá siad roinnte agam libh, ó am go chéile (anseo agus anseo agus anseo, más mian libh iad a fheiceáil, arís), ó tharla go raibh cuid agaibh nach raibh in ann bhur dtithe a fhágáil, agus na radhairc laethúla a fheiceáil, mar a bhí mise á bhfeiceáil.
Is ar scáth a chéile atá muid uilig ag maireachtáil, na laethanta seo, a chairde, agus, ó tharla go dteastaíonn tacaíocht ó na carthanachtaí éagsúla, ar fud an domhain, freisin, tháinig an t-amhrán, Tiocfaidh Muid Tríd, ar an bhfód, le déanaí. Tá scéal an amhráin le léamh anseo.
Má chloistear an t-amhrán, iarrtar ar an éisteoir cúpla pingin/cent/euro, nó cibé, a sheoladh chuig carthanacht éigin, más féidir é, ar chor ar bith. Leid bheag daoibh, d'fhéadfadh, ahem, go mbeadh oraibh pingin nó dhó a bheith faoi réir agaibh, má bhreathnaíonn sibh ar an bhfíseán seo a leanas,
Táim chomh buíoch den amhránaí, Caitlín Ní Chualáin, agus dá hiníon, Sorcha, a chuir físeán den amhrán le chéile ar Facebook agus ar Twitter (os cionn 5,400 amharc go dtí seo!). Ar chuala tú é? Tá na naisc thuas, a léitheoir, más mian leat súil a chaitheamh ar an bhfíseán sin. Agus, má tá pingin nó dhó le spáráil agat, ná déan dearmad ar na carthanachtaí!
Tiocfaidh muid tríd, a chairde.