Showing posts with label machnamh. Show all posts
Showing posts with label machnamh. Show all posts

Thursday, January 8, 2026

Smaointe Ag Rith

Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.  

Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir. 

Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici. 

Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall. 

Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.  

Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,

'I can't remember who you are, but I know I love you.'

An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin. 

Thursday, January 16, 2020

Grá agus Vótáil

Goilleann sé orm nach mbeidh mé in ann vóta a chaitheamh san olltoghchán ar an 8 Feabhra, (an chéad uair riamh, go bhfios dom, nár chaith mé vóta sa tír seo, ó thosaigh mé ag vótáil, os cionn dhá scór bliain ó shin) ach tá socruithe eile déanta agam, don dáta sin, i bhfad ó shin, agus níl aon bhealach as agam, faraor. 

Ní bheidh mé, beag ná mór, gar do m'ionad vótála, ar an lá, agus sin sin.

'Ach, a Áine...' cloisim uaibh...'cén bhaint atá ag vótáil le grá?'

Bhuel, casadh bean orm, ar maidin, agus bhí sí ag insint dom faoina garmhac, leaidín atá timpeall is cúig bliana d'aois, go bhfios dom. Aréir, agus í ag léamh scéilín-am-luí leis, chuir sí an cheist air,

'What do you love?'

'I love being loved.' an freagra a fuair sí uaidh.

Tharla sé go raibh roinnt scéalta, ar líne, léite agam féin, roimh mo chomhrá léi, agus rith sé liom go bhfuil bá agus grá don chine daonna ag laghdú, shílfeá. 

Tá cineáltas ár gcine, dár gcine féin agus do chiníocha ciaptha an domhain, ag dul i léig, agus ag imeacht le sruth éigin nach réitíonn le sruth grámhar smaointe an linbh. 

Ní leanbh mise, agus níl mé soineanta, ach an oiread, ach, mar sin féin, dá mbeinn in ann vóta a chaitheamh, bheinn ag iarraidh daoine a roghnú a thuigeann go bhfuil gá le bá, agus go bhfuil gá le roghanna stuama - féach, ach go háirithe, uimhir 10, anseo.  

Níl duine ar bith, thall ná abhus, nach bhfuil 'love being loved' tuillte acu.

Monday, April 11, 2016

Smaointe ag Rith

'Life is too short to wake up with regrets. So love the people who treat you right and forget about the ones who don't.'

Is ar Twitter a bhí mé ar maidin, nuair a chonaic mé an t-athfhriotal thuas, athfhriotal a tháinig ó @WomenOfHistory, via @Tuigim. Táim den bharúil gur ó fhear a tháinig an t-athfhriotal, ar dtús, ach sin scéal eile, nach mbaineann leis an scéal seo. Ceapaim. 

Pé scéal é, chuir an t-athfhriotal sin athfhriotal eile i gcuimhne domsa, ceann a chuala mé ó bhean chliste roinnt blianta ó shin, ceann a chum sí óna dúchas féin, agus í ag labhairt liom, le nádúr carad agus comhairleora, 

Ná glan ach tóin an té a ghlanfadh do thóin duit. 

Chinn mé an t-athfhriotal a roinnt ar mo chuntas féin thall ar Twitter agus, dá thoradh sin, thosaigh trácht nó dhó idir mé fhéin agus @uathachas agus @aonghusoha. Is féidir libh, más mian libh, na tráchtanna sin a léamh anseo

Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith, siar ar bhóithrín na smaointe. Roinnt blianta ó shin, roinn mé athfhriotal na mná cliste le cara eile liom, agus an bhfuil a fhios agaibh céard a dúirt sí liom,

'Honestly, Áine, I don't think I could personally wipe your ass if it needed wiping... but I wouldn't leave you in that state - I'd pay somebody to do it!'

Agus, tuigim a cás...ina bealach féin, ní fhágfadh sí cara san fhaopach, agus sin, ahem, bun agus barr an scéil agus na fealsúnachta. I bhfocail an fhir chliste a chum an leagan nua dom ar maidin, 

Ní grá go glanadh tóna.

Mar sin, is fearr comhluadar a choinneáil leis na daoine a 'who treat you right' agus 'forget about the ones who don't' is dócha. Lón machnaimh daoibh, ar maidin, a chairde. 

Saturday, January 25, 2014

Glanadh an Earraigh

Le seachtain anuas, táim ag glanadh amach cófraí agus tarraiceán anseo i gCeann Scríbe. Is dócha gur 'glanadh an earraigh' a thabharfadh duine ar an nglanadh seo, ó tharla muid i mbrollach an earraigh. 

Bíodh sin mar atá, buaileann rámhaille ghlantóireachta an scríbhneoir seo ó am go chéile, is cuma an t-earrach ann nó as, ach, mar sin féin, tugtar 'glanadh an earraigh' air, feictear dom, is cuma cén t-am den bhliain a ndéantar é.  (An ionann é sin agus 'grianghraf' a thabhairt ar phictiúr a thógfadh duine ar lá báistí, meas tú?) Hmmm...

Cibé scéal é, chuir sé iontas orm na nithe (truflais, giuirléidí) a bhí bailithe agam, sna cófraí agus sna tarraiceáin, thar na míonna - rudaí nach mbainfinn úsáid astu riamh, seans, ach nithe a choinnigh mé 'ar fhaitíos na bhfaitíos' go dteastódh siad lá éigin, is dócha. É sin nó cheap mé go raibh tábhacht éigin ag baint leo, agus go mba chóir dom iad a choinneáil 'ar eagla na heagla.' 

Ar aon nós, scaoil mé le m'fhaitíos agus le m'eagla, agus chaith mé formhór na dtaiscí sa bhruscar. 

Rith sé liom anocht, agus mé ag déanamh machnaimh ar mo sheachtain oibre, nach ndéanfadh sé dochar ar bith dúinn uilig dá gcaithfeadh muid amach cuid de na smaointe sin atá curtha i dtaisce againn thar na blianta; smaointe atá ag bailiú meirge, smaointe nach ndéanfaidh aon mhaith riamh.

Friday, May 17, 2013

Smaoineamh An Lae


Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops. 

Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am. 

An leagan Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar. 

Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.  

Mar chuid den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann seo. 

Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...

Thursday, July 19, 2012

Focail Féilire

Bím mar a shílim.  

If you feel inferior to someone else, it is because of your own beliefs.

Sin thuas an t-athfhriotal Béarla a bhí romham ar m’fhéilire ar maidin, athfhriotal a tháinig ón mbean seo, Catherine Pulsifer, is cosúil. Tá tuilleadh uaithi le léamh anseo. Is uaim féin an leagan Gaeilge. Fáiltím roimh bhur leaganacha Gaeilge féin, a léitheoirí, más mian libh iad a roinnt liom anseo.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Catherine eile i rith na seachtaine, Catherine de Vrye, bean a bhí ag labhairt faoina saol féin ar chlár John Murray. Maireann sí, dar léi, leis an mana seo, ‘Winners become victors from change rather than victims of change.’ Diabhal locht a’m féin ar an mana sin, a léitheoirí.

Cé go n-éistim leis an nuacht uair nó dhó i rith an lae, agus go léim cuid den pháipéar nuachta ar an Domhnach le go mbeidh mé ar an eolas faoin méid atá ag tarlú ar fud an domhain, déanaim iarracht ar nithe diúltacha an tsaoil a sheachaint i mo shaol féin, nuair is féidir.  

Ní hé gur cuma liom faoi thubaistí an tsaoil, an dtuigeann sibh, mar is cuma. Go deimhin, tá a fhios agam go bhfuil an saol crua, agus go bhfuil go leor daoine ag fulaingt, ach b’fhearr liom labhairt agus éisteacht leis an duine a dhéanann an gníomh ciúin fiúntach dearfach chomh minic agus is féidir leo, nuair is féidir leo, seachas bheith de shíor ag éisteacht le callán cainte diúltaí.

Wednesday, May 30, 2012

Focail Féilire

‘Dlí i gcúirt, ceart i gcothrom.’

Mo leagan féin d’athfhriotal na mná seo, athfhriotal a léigh mé ar m’fhéilire inné:

'Law and justice are not always the same.'

Tuilleadh ón mbean chéanna anseo. Tharraing an ceann seo m'aird ina threo,

‘Women are not going to be equal outside the home until men are equal in it.'

Hmmm...caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar an gceann sin...an mbeadh bean ag iarraidh..?...an mbeadh fear ag iarraidh..?...an mbeadh fear in ann..?...ceisteanna, ceisteanna, ceisteanna...freagraí aon duine? 

Tuesday, May 22, 2012

Caife Machnaimh


Arú inné, anseo in Inis Eoghain, bhí maidin caife ag bean ar m’aithne. Le bliain anuas, tar éis di radaiteiripe a fháil i gcoinne ailse bhrollaigh i nGaillimh, tá níos mó ná oíche amháin caite aici in Inis Aoibhinn, áras lóistín atá lámh leis an ospidéal ansin.

Dar léi, tá sise, agus daoine eile atá i ngleic le hailse, in ann an turas a dhéanamh, ón taobh seo tíre go Gaillimh, i mionbhus a ceannaíodh as deontais a tugadh go flaithiúil i siopa carthanachta i Leitir Ceanainn, áit a ndíoltar éadaí srl., chun an bus a choinneáil ar an mbóthar.

Tá seisear tiománaithe acu don mhionbhus, daoine a dhéanann an tiomáint go deonach, a dúirt sí liom. Tá bus níos mó ag teastáil anois, mar sin cuir scairt orthu, nó glaoigh isteach, más feidir leat cuidiú leo, a léitheoir. Tá siad lonnaithe ar Bhóthar an Chalafoirt i láthair na huaire.

Is ar mhaithe le hInis Aoibhinn a bhí mo chara ag bailiú airgid Dé Domhnaigh.  Is áit í Inis Aoibhinn inar féidir le hothair fanacht, saor in aisce, bricfeasta agus dinnéar a fháil ann, saor in aisce, dóibh féin agus dá gcompánach, más gá; gan an turas fada abhaile a tharraingt orthu féin, go mbeidh siad láidir go leor, tar éis an radaiteiripe a fháil. Mar a scríobh bean amháin ar shuíomh idirlín sin Inis Aoibhinn:

‘When I think back to Inis Aoibhinn, I remember it not as the place I was when I was sick; but the place where I began to get well.’

Nuair a shroich mé teach mo chara don mhaidin caife, bhí an áit plódaithe le daoine – balúin bhándearga ar fud na háite, cácaí agus borróga bándearga, a tugadh go deonach, ina gcéadta ann; fir agus mná ag comhrá agus ag gáire go croíúil; mo chara agus a beirt iníonacha ag líonadh cupán le tae agus le caife; an bosca síntiús ag an doras, le go mbeadh muid in ann deontas a fhágáil, dá mba mhian linn. Ba mhian. Bailíodh €2000.

Ritheann sé liom, go minic, go bhfuil an tír seo bun os cionn mar gheall ar dhaoine a chaith airgead na tíre gan cheart gan chúram, ach go bhfuil an t-ádh linn in Éirinn, mar go bhfuil daoine sa tír seo le croíthe móra fiala, daoine a thabharfaidh cúnamh agus airgead go flaithiúil; pobal a thuigeann go bhfuil gá le carthanacht, flaithiúlacht agus féile, go háirithe in am an ghátair. 

Mo chuimhne, a léitheoirí, ná déanaigí dearmad ar an dáta seo, le bhur dtoil.