Lean an comhrá ar aghaidh, an Dr. Mary agus painéal an chláir ag labhairt faoinár ngéinte, agus an bealach cliste atá acu, mar ghéinte, dul chun cinn a dhéanamh, trí fhabhrú, le go mbeidh muid níos sláintiúla amach anseo.
An chéad rud eile, chuala mé caint uathu ar ábhar an ‘menopause’. Luadh é, ní mar ghalar, an dtuigeann sibh, cé go mbíonn mná cráite aige go minic, ach luadh é mar fhreagra ar cheist ó dhuine den phainéal, a d’fhiafraigh, ‘What is the benefit of having people who live into old age?’
Bhuel, baineadh geit asam, a léitheoirí! Táim den bharúil go bhfuilim anois, seans, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh, ar tí ‘living into old age.’ Bíodh sin mar atá, tháinig freagra na ceiste sin 'What is the benefit...' ón Dr. Mary, freagra a bhain geit eile as an, ahem, tseanbhean seo. Dar léi,
‘...the reason why people live past menopause is to take care of, nurture, and continue to be involved in the upbringing, and in the development, of the next generation.’
An bhfuil a fhios agaibh cén t-ainm a thugtar ar an hipitéis sin thuas, a léitheoirí? Tugtar an ‘grandmother hypothesis’ air.
Hmmm...