Showing posts with label aineolach. Show all posts
Showing posts with label aineolach. Show all posts

Thursday, June 11, 2020

Cén Rannóg Ina Bhfuil Tusa?

Rannóg 1 - 'Níl ann ach seafóid!'

a.    Níl aon víreas ann. Níl ann ach go bhfuil lucht an rachmais ag iarraidh tuilleadh airgid a shaothrú dóibh féin.
b.    Níl anseo ach polaiteoirí agus a gcomhghuaillithe ag iarraidh muid a chur faoi chois.
c.    Ní hé an víreas a mharaigh na daoine sin, nuair a tholg siad é, ach an bhunchúis tinnis a bhí orthu.   
d.    Má tá bunchúis tinnis orthu, fanadh siadsan sa bhaile! Cén fáth a bhfuil muidne ag íoc as, leis an diabhal dianghlasáil seo! Ar ndóigh, ní muidne atá tinn ná sean, an muid!? 
e.    Is fiú éisteacht lena leithéidí Donald agus Boris
f.    Is cuma liom. Déanfaidh mise mo rogha rud. 
g.   Ní teoiric chomhcheilge atá ann, ach an fhírinne ghlan! Fianaise? Tá neart fianaise le léamh ar na meáin shóisialta, ach do dhá shúil a oscailt. 

Rannóg 2 - 'Ní dhéanfainn é sin, ach...'

a.   Céard? Bhí cóisir acu sa teach? Le daoine nach bhfuil muinteartha leo! Ar a laghad, nílimse ach ag dul isteach sna tithe sin ina bhfuil gaolta liom ina gcónaí. Níl gá le masc, ná le scaradh sóisialta sa chás sin! Ar ndóigh, níl siadsan, ná mise, ag meascadh le haon duine eile, agus tá muid sách sábháilte, dá bhrí sin. 
b.   Ní dheachaigh mé chuig salón an ghruagaire. Níl sé sin ceadaithe. Tháinig sise go dtí mo theachsa/Chuaigh mise go dtí a teach. Ar a laghad, bhí masc uirthi agus orm. 
c.   Ar ndóigh, níl gá le masc a chaitheamh sna siopaí! Nach bhfuil gach rud díghalraithe acu? Agus, nach bhfuil formhór na ndaoine ag cloí leis an scaradh sóisialta?
d.   Na páistí bochta! Cén chaoi a bhféadfainn gan barróg a thabhairt do mo gharpháiste? Ach, bhí mé cúramach, agus níor thug mé barróg ar bith dá dtuismitheoirí. Caithfear a bheith cúramach, an dtuigeann tú.
e.   Cén dochar atá ann? Ní raibh ann ach deoch nó dhó, agus rinneamar uilig an-iarracht cloí leis an scaradh sóisialta, rud nach bhfuil éasca agus duine súgach, bíodh a fhios agat!            
f.    Nach bhfuil siad ag rá, anois, nach ar na páistí atá an locht, mar sin cén fáth nach dtabharfá leat iad isteach sna siopaí? Níl gá le masc a chur orthu. Ní maith leo iad, ar aon nós. 
g.   Tá sé thar am acu fáil réidh le formhór na srianta! Ar ndóigh, níl mórán daoine ag fáil bháis anois, agus tá i bhfad níos lú cásanna nua ann, san am i láthair.  
h.   An dara ráig den víreas? Ní tharlóidh sé sin. Nach bhfuil muid ag déanamh thar barr mar atá muid? Tá an víreas faoi smacht againn, cheana féin, nach bhfuil? 

Rannóg 3 - 'Níl sé éasca, ach caithfear éisteacht leis na saineolaithe.'

a.   Airím uaim mo mhuintir, mo gharpháistí, mo chomharsan, ach tuigim go bhfuil gá leis na srianta uilig, go dtí go ndéanfar díothú iomlán ar an víreas seo. 
b.   B'fhearr liom masc a chaitheamh, ar fhaitíos go mbeadh an víreas tolgtha agamsa, nó ag duine eile, i ngan fhios dúinn. Is fearr a bheith cúramach. 
c.   Níl a fhios agam an bhfuil an ceart ag an rialtas cúram ár sláinte a fhágáil fúinn féin...féach céard a tharla nuair a moladh dúinn fanacht as na pubanna? Níor thug go leor daoine aird dá laghad ar na moltaí, ar thug? 
d.   B'fhearr liom dá mbeadh an rialtas dár gcosaint, go hiomlán, fiú má bhíonn gá le rialacha, agus le dlíthe, dochta gearrthréimhseacha. 
e.   Tiocfaidh muid tríd. Ach, idir an dá linn, caithfidh muid aire mhaith a thabhairt dá chéile, go dtí go mbeidh an víreas seo glanta, go hiomlán, amach as an tír.

Sunday, April 22, 2018

Nod Ón Aineolach: Foclóirí Ar Líne

Is aoibhinn liom Oireachtas na Samhna, agus an chéad rud a dhéanaim, nuair a bhíonn ionad an Oireachtais bainte amach agam, ná ceannaím Clár Oifigiúil na Féile, le go mbeidh a fhios agam céard atá ag tarlú, cén áit ina mbeidh sé ag tarlú, agus cén t-am a mbeidh sé ag tarlú.

Leis an gclár, agus leis an aip iontach atá acu, táim in ann liosta na n-imeachtaí laethúla a fheiceáil, agus mo liosta laethúil féin a chruthú as na himeachtaí sin. Ar ndóigh, is minic imeachtaí suimiúla ag tarlú ag an am céanna, agus bíonn orm rogha a dhéanamh ach, ar a laghad, tá rogha agam, agus is fúm féin a bhíonn sé cén cosán a thógfaidh mé. Bíodh mé ceart nó mícheart faoi na roghanna a dhéanaim, is maith ann an tsaoirse sin, caithfidh mé a rá. 

Ceann de na himeachtaí is fearr liom, mar a thuigfeá, ná An Chúirt Filíochta, ach beidh tuilleadh uaim faoi ócáid na bliana 2017, amach anseo. Bhain mé an-sult as, mar is iondúil, agus fuair mé ardú croí ag éisteacht leis na dánta uilig, go háirithe ó na daoine óga atá ag teacht ar fhód na filíochta. 

I measc na n-ócáidí, bíonn ceardlanna agus cainteanna eolais. Mar aineolach, bím ag foghlaim liom, de shíor, agus ceann de na nithe nach raibh ar eolas agam, roimhe, d'fhoghlaim mé faoi ag an gcur i láthair, a d'eagraigh Foras na Gaeilge, faoi 'Úsáid foclóir.ie & teanglann.ie.' B'fhéidir go bhfuil an t-eolas seo agaibh cheana, a léitheoirí, ach, mura bhfuil, ceapaim go mbainfidh sibh leas as an méid a d'fhoghlaim mé féin.

'Uirlisí' ar fáil (breiseáin agus giuirléidí) 'chun rochtain thapa ar aistriúcháin Ghaeilge a éascú go díreach ó do bhrabhsálaí nó ó do leathanach gréasáin' agus cé nach bhfuil sé déanta agam ar an leathanach seo, fós, tá ceann acu ar shuíomh tuairisc.ie, agus táim den bharúil go mbainfear úsáid rialta as, ach duine bheith ar an eolas faoi,

                                                      Brú ar an bhfocal 'Foclóir'...
                                           ...tiocfaidh líne bán faoin bhfocal 'Foclóir'...
                                        ...brú ar fhocal sa téacs, nach dtuigeann tú...
                    ...aibhsítear an focal, agus gheobhann tú bosca anuas le míniúcháin!

Triúr a bhíonn ag obair ag na foclóirí, go bhfios dom; Cathal Convery, Cormac Breathnach agus Pádraic Mianáin, agus ní miste leo aon cheist faoina gcuid oibre, dúradh liom, ach í a sheoladh chuig aiseolas2@foclóir.ie. Fir chuidiúla chumasacha, feictear dom. Agus, mo bhuíochas le Foras na Gaeilge as na suímh iontacha seo a chur ar fáil dúinn. 

Is fiú, i mo thuairim, breathnú ar shuíomh s'acu ar YouTube, go háirithe ar an bhfíseán faoin 'Draoi Gramadaí' ... áiseanna iontacha iad uilig, don té atá ag foghlaim, fearacht an scríbhneora seo.

Mar a dúradh ar Chlár na Féile ag an Oireachtas, tá 'lántairbhe' le baint as na foclóirí ar líne, agus tá an t-aineolaí seo fíorbhuíoch d'fhoireann 'An tOireachtas' as na noda a chuireann siad ar fáil do mo leithéidí, chuile bhliain. 

Friday, July 20, 2012

Mná Cliste

Aiféala orm, a fheara, ach caithfidh mé an scéal seo a roinnt libh.

Sea, tá mná níos cliste.

Ní hé nach raibh a fhios agam féin é sin, an dtuigeann sibh, ach bhí uaim an fhianaise a roinnt libhse, a fheara cliste, ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil aon fhear cliste amuigh ansin, ahem, ag léamh an bhlag seo.

Ar ndóigh, thuigfeadh aon fhear cliste go bhfuil gá leis an scéal seo a roinnt, go forleathan go deimhin, le daoine a choinneáil ar an eolas faoi, ahem, fhíricí tábhachtacha an tsaoil seo.
  

Wednesday, September 21, 2011

Nod Don Aineolach

Ceann de na nithe a thaitníonn liom faoin saol ná go bhfuilim aineolach ar go leor rudaí. Ní drochrud é sin, ceapaim, mar go dtugann sé deis dom neart a fhoghlaim. Sin mo bharúil, pé scéal é.

Is léir nach bhfuilim i m’aonar, muise. Tá saineolaithe iad féin de shíor ag foghlaim, is cosúil. Déardaoin seo caite, tháinig réalteolaithe ar phláinéad neamhchoitianta a fhithisíonn dhá réalta agus, de réir mar a léim, ní raibh ansin ach tús an scéil, mar, an tseachtain chéanna, d’éirigh le lucht taighde theacht ar ‘74 previously unknown exoplanets’.

San India, tháinig saineolaithe ar chineálacha nua froganna, dhá chineál nua déag, le bheith beacht – ceann acu an ‘meowing night frog, whose croak sounds more like a cat's call’, creid é nó ná creid.

Maidir le vacsaíniú, níl a fhios agam an é amhras nó aineolas is cúis leis an imní, ach tá ceisteanna fós le freagairt, shílfeá, agus go leor fós le foghlaim.