Bhí mé i mBaile Lifín inné, ag Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann, agus cé nach bhfuil a fhios agamsa a dhath faoi ghalf, bhí An Garraíodóir in ann insint dom céard a bhí tarlú, agus cérbh iad na réaltaí mór-le-rá sa spórt sin.
Ar ndóigh, d'aithin mé Rory, Pádraig agus cúpla galfaire eile, ach sin an méid atá ar eolas ag an scríbhneoir seo faoi ghalf; ach amháin gur léir dom, ó inné, go bhfuil go leor daoine thart ag a bhfuil i bhfad níos mó suime acu sa spórt, ná mar atá agamsa. Bhí na sluaite móra daoine ann.
Bhí an lá go hálainn, agus cibé dream dúthrachtach daoine a d'eagraigh an ócáid, bhí sí eagraithe go héifeachtach acu. Bhí gach rud ann a bhí ag teastáil; bia agus deoch, siopaí gailf, leithris ghlana (neart acu), ardáin don lucht féachana, cathaoireacha agus boird taobh amuigh de na bialanna, maoir agus gardaí le daoine a threorú, neart áit páirceála, busanna ag teacht agus ag imeacht go rialta, oifig eolais, bileoga eolais srl.
Bhí an ghrian dár mbeannú ar feadh an lae. Bhí mo cheamara liom agam, agus thóg mé na céadta grianghraf (go ciúin cúramach, i gcaoi nach gcuirfeadh isteach ar na gailfairí...tá an méid sin ar eolas agam!), ach ar m'fhilleadh abhaile dom, cuireadh mé ar an eolas nach raibh sé ceadaithe agam mo cheamara a úsáid, ar chor ar bith, ar an láthair, rud nach raibh a fhios agam. Dá bhrí sin, ní féidir liom na grianghraif a roinnt libh anseo, a léitheoirí.
Mar eolas daoibh, tá sé scríofa ar an ticéad (rud nach bhfaca mé in am, faraor) 'The use of any cameras, computers and other electronic equipment at the Tournament Thursday to Sunday is not permitted other than with the proper accreditation....Making or distributing broadcasts, commentary, news reports, data, results or statistics by any means in any format or media including any such by mobile phone or other wireless device is not permitted.'
Mar gheall air sin, cé nár dúradh tada liom, ar an lá, agus mé ag dul thart le mo Chanon, ní féidir liom na grianghraif a roinnt, libhse ná le haon duine eile. Aiféala orm faoi sin. Níl de rogha agam ach fanacht...
Ach, déarfaidh mé an méid seo, bhain mé an-sult as, agus chuir áilleacht na háite agus na haimsire go mór leis an ócáid. An-jab go deo déanta ag lucht a heagraithe. Maith iad!
Showing posts with label Inis Eoghain. Show all posts
Showing posts with label Inis Eoghain. Show all posts
Saturday, July 7, 2018
Monday, April 2, 2018
Milleadh na Tuile
Tá sé os cionn seacht mí ó scríobh mé faoin tubaiste sin a tháinig aniar aduaidh orainn anseo i gCeann Scríbe, nuair a rinne díle an-damáiste ar fud na háite, anseo in Inis Eoghain.
Le cúpla lá anuas, bhí mé ag breathnú ar sheanphictiúir atá agam de Pháirc na hEala (nó Swan Park, mar is fearr aithne uirthi, thart faoin áit seo) agus tá sé dochreidte an damáiste atá déanta sa pháirc sin...agus nach bhfuil deisithe fós, faraor.
Le tríocha bliain anuas, níl seachtain nár chaith mé lá nó seacht sa pháirc sin, agus airím uaim, go mór, an suaimhneas intinne a fuair mé ar mo shiúlóid cois na habhann ann, lá i ndiaidh lae.
Is fada liom go nglacfaidh Roinn nó Rannóg éigin sa rialtas freagracht as an obair atá le déanamh, le go mbeidh deis ag an áit, agus deis níos fearr ag muintir na háite, teacht chugainn féin, arís.
Le cúpla lá anuas, bhí mé ag breathnú ar sheanphictiúir atá agam de Pháirc na hEala (nó Swan Park, mar is fearr aithne uirthi, thart faoin áit seo) agus tá sé dochreidte an damáiste atá déanta sa pháirc sin...agus nach bhfuil deisithe fós, faraor.
Le tríocha bliain anuas, níl seachtain nár chaith mé lá nó seacht sa pháirc sin, agus airím uaim, go mór, an suaimhneas intinne a fuair mé ar mo shiúlóid cois na habhann ann, lá i ndiaidh lae.
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Tráth dá raibh...
Anois...
Airím uaim an áit álainn dhraíochtúil seo...
Labels:
Bun Cranncha,
Ceann Scríbe,
dúlra,
Inis Eoghain,
nádúr,
Páirc Swan,
scrios,
siúlóid,
tuile,
tulca
Tuesday, August 29, 2017
Ciúin Ciontach
Bíonn ciúin ciontach, go deimhin...shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ar maidin.
Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Ná trust ciúin ciontach. (Tost)
Beir ar an abhainn sula dtéir chun an fhuarlaigh. (Breathnú Romhat)
Níl cnocáinín aerach nach fogas dó móinín fraoigh,
ná gleann domhain gan abhainn a bheith ag dul tríd;
Tá rotha an tsaoil ina shodar agus gan aon chónaí faoi,
Agus ní hiondúil an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd. (Maith)
Sunday, June 18, 2017
Féile na mBláthanna
Tuilleadh eolais faoin bhféile le fáil anseo agus anseo agus anseo.
Mo cheol iad!
Níl ansin ach cuid den taispeántas, a léitheoirí, grianghraif a thóg mé ar m'fhón póca, inné. Tá an taispeántas ar siúl arís inniu. Is fiú go mór na bláthanna uilig a fheiceáil, i mo thuairim. Tá an-jab déanta ag na dearthóirí uilig, agus bhí an ceol, ón gcláirseach agus ón veidhlín, go hálainn.
Subscribe to:
Posts (Atom)







































































