Bhí mé i gcomhrá le cara liom, roinnt seachtainí ó shin, agus bhí mé ag insint di gur thug mé faoi deara go bhfuil uirlisí leictreacha an tí seo ag cliseadh orm, le déanaí, (citeal agus tóstaer, mar shampla), agus chuir sí i gcuimhne dom go bhfuil muid deich mbliana sa teach nua anois, agus go bhfuil sé thar am ag na huirlisí céanna, atá in úsáid chuile lá beo againn, bás a fháil.
Tá soilse ar scáthán nach bhfuil ag obair, níos mó, agus ní féidir, deirtear, 'the right part' a fháil a thuilleadh, mar sin caithfear scáthán nua a cheannach, nó gan bacadh le solas-ar-scáthán, ar chor ar bith, agus é a úsáid mar ghnáth-scáthán, mar a déarfá. B'fhéidir gurbh fhearr scáthán gan solas; ní bheadh na roic chomh soiléir, ach sin scéal eile.
Ar aon nós, cá raibh mé? Ó sea, ábhar na blagmhíre seo...caidreamh.
Bhí mé ag éisteacht le podchraoladh, le déanaí, clár ina raibh 'uaigneas' faoi chaibidil. Ba léir, ó na litreacha a tháinig isteach chuig an gclár, go bhfuil daoine i gcaidreamh ina saol nach bhfuil ar chor ar bith sásúil. Ní foréigean/éigniú/ionsaí a luadh leis an gcaidreamh faoina raibh siad ag scríobh, ach 'easpa' éigin, ceapaim.
Rith sé liom, agus mé ag éisteacht leis na scéalta, go bhfuil a leithéidí de chaidreamh mar sin cosúil le huirlisí tí - níl téagar iontu, an cineál téagair atá ag teastáil le go mairfeadh caidreamh, in ainneoin chora an tsaoil. Ach, os a choinne sin, b'fhéidir nach bhfuil i gceist ach fuarú idir chairde/ghaolta/lánúin, ar chúis amháin nó ar chúis eile, agus go dtagann deireadh leis an gcaidreamh, de réir mar atá meon/dearcadh chaon duine ag athrú nó ag múnlú.
Cibé scéal é, sé an moladh a thuig mé féin ó shíceolaí an chláir ná gur fearr i bhfad a bheadh saol duine gan droch-chaidreamh. Dar leis, is 'de réir a chéile' a ba chóir scaoileadh leis an droch-chaidreamh sin; sé sin, scaoil leis an duine as do smaointe ar dtús, ansin as do chroí, agus ansin as do shaol.
In amanna, is dócha nach mbíonn an 'right part' le fáil níos mó, le rudaí a chur ina gceart, arís.
Showing posts with label uirlis. Show all posts
Showing posts with label uirlis. Show all posts
Thursday, September 26, 2019
Monday, September 12, 2011
Uirlisí Usáideacha?
Tá Sinéad O’Connor i Lios Dúin Bhearna i láthair na huaire. Tá sí ar thóir fir ann, más buan mo chuimhne ón agallamh a rinne sí ar an Late Late Show, le déanaí. (1:36:40)
Ar aon nós, léigh mé a halt, faoina cuairt ar Lios Dúin Bhearna, san Sunday Independent inné, alt ina scríobh sí ‘I think I will call off the manhunt and instead update my vibrator collection.’ Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘vibrator’, a léitheoirí, ach roghnaigh mé an focal creathaire, bíodh mé ceart nó mícheart.
Rith an smaoineamh liom go bhfuil an saol ag athrú; go raibh am ann nuair nach labhródh fear ná bean, go poiblí pé scéal é, ar a leithéid de rud agus creathaire; nó, go deimhin, go mbeadh an uirlis sin luaite, beag ná mór, le Lios Dúin Bhearna. Ach, ansin chuimhnigh mé ar scéal a chuala mé, níl sé i bhfad ó shin, agus, más fíor an méid a dúradh liom, chuirfeadh sé iontas ort na nithe a d’fheicfeá i mála mná i Lios Dúin Bhearna.
De réir mar a chuala mé, bhí am ann, siar sna seascaidí, agus bhíodh na mná ag teacht as Meiriceá go Lios Dúin Bhearna ar thóir fear; iad gléasta go hálainn, lena ngruaig bouffant, agus lena málaí láimhe, lán smididh agus sprae gruaige. Ach, dar le cara liom, bhí bean amháin, agus bhí níos mó ná smideadh agus sprae ina mála aici.
Dar le mo chara-inste-scéil, bhí sí sa seomra leithris i halla damhsa i Lios Dúin Bhearna, oíche amháin thiar sna seascaidí, nuair a shiúil bean de na Meiriceánaigh thuasluaite isteach. Thosaigh sí ag athsmideadh, os comhair an scátháin ann, taobh le mo chara. Cé nach raibh aithne dá laghad acu ar a chéile, thosaigh comhrá eatarthu.
Agus iad ag caint faoi chraic na féile, chuaigh an Meiriceánach ar thóir a sprae gruaige ina mála, agus céard a chonaic mo chara istigh ina mála, ach gunna. Gunna beag, a léitheoirí, ach gunna mar sin féin. Ar ndóigh, mar a thuigfeá, baineadh geit nach beag as mo chara, agus lig sí béic bheag aisti, ar fheiceáil an gunna di. Níor chuir a geit ná a béicín isteach ná amach ar an Meiriceánach, bean a dúirt go neamhbhalbh,
‘You never know when you might need it.’
Subscribe to:
Posts (Atom)