Níl baint ag an bpíosa seo leis an reifreann amárach, a léitheoirí, ach chuir an méid a léigh mé anseo, ar tuairisc.ie, ó Bhridget Bhreathnach, chuir sé modh oibre an tí seo i gcuimhne dom; modh oibre as ar bhain mé féin agus é féin úsáid, ahem, go cúramach, agus páistí s'againne ag fás aníos...fadó, fadó, fadó.
'No! for a No!' a thugamar ar an gcur chuige seo, nuair a bhí na páistí an-óg, ach bhí orainn a bheith iontach cúramach leis, mar chur chuige, sa chaoi is nach muid féin, mar thuismitheoirí, a bheadh thíos leis an 'margadh' a bhí déanta againn leo.
Margadh simplí a bhí ann, an dtuigeann sibh...dá ndéarfadh aon duine againn 'No!' leis an duine eile, (páiste le tuismitheoir/tuismitheoir le páiste...chan tuismitheoir le tuismitheoir, ar fhaitíos aon, ahem, mhíthuiscint, a léitheoir) bhí orainn glacadh leis an 'No!' sin, mar fhreagra, ach bhí an 'No!' sin i dó phóca agat, mar a déarfá - cead agat é a thabhairt ar ais don fhreagróir, am ar bith a d'fheilfeadh duit féin.
Mar shampla, dá bhfiafróinn de dhuine de na páistí na soithí a ní, agus dá ndéarfadh an páiste sin 'No!' liom, déarfainn leis an bpáiste sin, 'That's okay, but I'm owed a 'No!' and I'll save it for later.' Choinneofá an 'No!' sin ar leataobh, go dtí go raibh an páiste ag iarraidh gar mór míllteach (píosa eile de cháca milis nó, b'fhéidir, ag iarraidh ort milseáin a cheannach sa siopa) agus déarfá leis an bpáiste, 'Remember that 'No!' I'm owed...'
Ar ndóigh, mar thuismitheoirí, bhí orainn a bheith an-chúramach faoinár 'No!'anna féin, sé sin le rá, gan iad a úsáid, mar fhreagra...riamh! Agus, lena chinntiú nach dtiocfadh 'No!' as ár mbéal, i ngan fhios dúinn, chinneamar gan freagra diúltach a thabhairt dóibh, dá bhfiafródh aon dune acu gar orainn, ach 'I'll discuss it with your mother/father, and get back to you.' a rá...i gcónaí! Chuaigh an tseift sin chun sochair dúinn, mar thuismitheoirí.
Níor mhair an cur chuige 'No! in aghaidh No"' i bhfad, mar ba ghearr gur thuig na páistí nárbh fhiú dóibh 'No!' a rá, nuair a bhí jabanna beaga le déanamh, mar gurb iad féin a bheadh thíos leis, i ndeireadh na dála. Bíonn cácaí agus milseáin milis, an dtuigeann sibh, mar aon le 'síocháin agus comhoibriú.'
Tá sé deacair an daonlathas a shárú, a léitheoirí.
Showing posts with label tuismitheoireacht. Show all posts
Showing posts with label tuismitheoireacht. Show all posts
Thursday, May 21, 2015
Sunday, June 17, 2012
Lá na nAithreacha
Mar a
scríobh mé cheana, níl m’athair féin, ná athair an Gharraíodóra, beo níos mó,
ach bíonn an bheirt acu inár gcuimhne go minic; go háirithe ar Lá na
nAithreacha.
Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.
Ar maidin,
labhair mé féin agus é féin faoin mbeirt acu, agus is aoibhinn linn na smaointe
fúthu a roinneamar lena chéile.
Cibé áit ina bhfuil sibh inniu, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh smaointe aoibhne agaibh le roinnt, agus le cruthú.
Bainigí
sult as an Lá.
Sunday, June 19, 2011
Lá na nAithreacha
Mar a scríobh mé cheana, níl m’athair féin beo. Fuair sé bás tobann blianta fada ó shin, gan súil ar bith agam leis, gan deis agam fiú slán a rá leis.
Chuile bhliain, agus an lá seo ag teacht níos gaire, feicim na cártaí sna siopaí, agus airím uaim m’athair féin, arís is arís eile. Is dóigh liom go mbeidh an scéal amhlaidh go dtí lá mo bháis féin.
Ach, ní lá é seo le bheith brónach, a léitheoir!
Cibé áit ina bhfuil tú inniu, más ann do d’athair, nó más athair thú féin, bain sult as Lá na nAithreacha.
Agus, más rud nach bhfuil d’athair leat, tá súil agam go dtabharfaidh do chuimhní cinn suáilceas duit inniu.
Wednesday, May 11, 2011
Cá nDeachaigh Siad?
Le mí anuas, táim ag coinneáil súil ghéar ar an gcrann silíní thuas, ag breathnú ar na bláthanna ag fás…
…ag fanacht go mbeadh an crann lán le bláthanna, le go mbeinn in ann grianghraf a thógáil de na bláthanna ag eitilt leo, ar an gcéad lá gaofar a thiocfadh..
...ach tháinig lá na gaoithe, i ngan fhios dom, agus fágadh mé leis an gceist,
‘Cá ndeachaigh na bláthanna?’
Rith an smaoineamh liom ar maidin, ar fheiceáil an chrainn nocht dom, a bhláthanna uilig bailithe leo, gur ionann an scéal lenár bpáistí, ar bhealach: cuirtear síol, bíonn siad faoi bhláth faoi choimirce ár ngrá, coinnítear iad ar chúl na gaoithe agus iad ag fás aníos, ach, ansin, lá amháin, i ngan fhios dúinn, shílfeá, imíonn siad, agus fágtar sinn leis an gceist,
‘Cá ndeachaigh na blianta?’
Subscribe to:
Posts (Atom)