Thug mé an brat thuas faoi deara agus mé amuigh ag siúl
tráthnóna inniu. ‘Suimiúil’, arsa mé féin liom féin, ‘meas tú cén fáth a bhfuil
sé sin ar foluain ansin?’
Bhuel, dá mbeadh an páipéar áitiúil léite agam an tseachtain
seo, rud nach raibh, bheadh a fhios agam go bhfuil an ‘O’Neill clan on their way
to Inishowen,’ (lch. 27) le comóradh a dhéanamh ar an ‘Tip O’Neill Donegal
Diaspora Award’ - duais a bhronnfar ar an iriseoir Niall O'Dowd anocht, san Inishowen Gateway Hotel.
Mar a fheicfidh sibh ón leac thuas, atá le feiceáil agam
chuile lá agus mé ag siúl taobh na habhann anseo, ba as Bun Cranncha do
sheanmháthair an Uasail Uí Néill. Beidh 80 dá mhuintir, a iníon Susan ina
measc, ag teacht go Bun Cranncha an deireadh seachtaine seo, agus tá súil agam
go mbeidh am iontach acu, mar tá go leor imeachtaí eagraithe dóibh – ina measc,
‘the unveiling of Tip O’Neill Diaspora monument on Buncrana’s shorefront.'
Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard eile a chonaic mé agus mé
amuigh ag siúl tráthnóna inniu, a léitheoirí, ó tharla go raibh fir oibre á ghlanadh
agus mé ag dul thairis? Chonaic mé an séadchomhartha thuasluaite, agus chinn mé
pictiúr a thógáil de, le m’fhón póca, le roinnt libhse, sula bhfeicfidh aon duine
eile é. Ná habair tada..;-)