Tá na chéad téarmaí ón mbailiúchán 'Téarmaí Teicneolaíocht Faisnéise' foilsithe anois, anseo, ag tearma.ie.
Is fiú an scéal sin a scaipeadh, i mo thuairim, nó is fiú é a 'athphostáil' nó, b'fhéidir gur fiú é a 'atvuíteáil,' más mian leat.
Is léir go bhfuil an 'blagaisféar' beo beathach ar an 'ardán sóisialta' seo, scéal eile ar fiú é a 'ghreamú' áit éigin, shílfeá, nó d'fhéadfá 'is maith liom' a bhrú ag 'moladh' an dea-scéil, dá mbeadh fonn ort a leithéid a dhéanamh.
Agus, má tharlaíonn 'mearscaipeadh' de thoradh na 'postála' seo, beidh 'leantóirí' go leor ag 'scaidhpeáil' faoin dea-scéal, is dóigh liom.
Ach, más mian leat tús a chur le 'snáithe plé' agus tú ag 'snúpáil' nó ag 'gliúcadh' thart, ná bí i do 'seachantóir meán sóisialta' agus bain sult as an gcraic uilig!
Showing posts with label eolas. Show all posts
Showing posts with label eolas. Show all posts
Wednesday, October 7, 2015
Friday, January 31, 2014
Oireachtas na Samhna 2013 - Na Seastáin
Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, bainim sult as na seastáin i Halla na Seastán ag an Oireachtas, agus rinne mé amhlaidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne roinnt míonna ó shin - aiféala orm faoin tuairisc mhall, ach más mall is mithid!
Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.
Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:
Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.
Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:
Friday, January 17, 2014
Aithne agus Eolas
Is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil eolas agus aithne mhaith ag mo dhream féin orm - tháinig na bronntanais seo a leanas ó chuid acu um Nollaig seo:
Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)
Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)
Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)
Ar mo mheisce nó ar mo chéill, d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)
Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)
As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)
Óltóir an Fhíona
Catghráthóir
Focalghráthóir
Lastóir Coinnle
Léitheoir na Leabhar
Doirteoir an Chaife
Tóraí...
...Chonamara.
Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,
Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)
Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)
Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)
Ar mo mheisce nó ar mo chéill, d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)
Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)
As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)
Friday, February 1, 2013
MED
Táim ag
roinnt na scéalta seo a leanas libh, a chairde, mar eolas daoibh:
Lón sa
Spéir
Chuala mé
Seán Ó Cualáin, @fearCharna, ag caint le Ryan Tubridy ar an Late Late Show an
tseachtain seo caite (giota atá le feiceáil anseo ar RTÉ Player, ag 29.11 nóiméad
den chlár) agus bhí sé ag labhairt faoina scannán Lón sa Spéir/Men at Lunch;
beidh an leagan Gaeilge den scannán le feiceáil san IFI anocht ag 18.30 (Cilian Fennell fear an tí)
agus, arís, ar an 5 Feabhra. Mar atá léite agam ag bun an leathanaigh ar
shuíomh sin RTÉten, beidh sé ar siúl in áiteanna eile ar fud na tíre, freisin.
Focal
Point
Chuala mé
Manchán Magan ag labhairt ar an gclár Today with Pat Kenny ar an raidió an lá cheana, giota atá le
cloisteáil ar cheann de na podchraoltaí anseo, faoin teideal Is the Irish Language On
Life Support, agus bhí sé ag labhairt faoina dhráma dátheangach nua, Focal
Point, dráma a bheidh ar siúl sa Project Arts Centre, ag tosú Dé Luain seo
chugainn, an 4 Feabhra, agus ar siúl ar feadh seachtaine.
Tuilleadh eolais, agus ticéid, le fáil anseo.
Gaelscéal
Ar Scoil
Léigh mé
alt i nGaelscéal na seachtaine seo, agus @gaelscealscoil thall ar Twitter, go
bhfuil leathanaigh nua don bhunscoil acu sa pháipéar anois. Má ghlactar síntiús
do scoilbhliain 2012/2013, tá IPAD le buachan, agus tá síntiúis ar phraghas speisialta ar fáil do scoileanna. Sonraí le fáil anseo.
Cluichí
an Ocrais
The
Origins of the Irish
D’fhéadfadh
sé go mbeadh suim agaibh sa méid atá le rá ag J.P. Mallory le Pat Kenny anseo (podchraoladh faoin teideal Book: The Origins of the Irish), faoina leabhar nua, The Origins of the Irish, leabhar atá le fáil ar shuíomh Easons
ar €28.55, postas in aisce in Éire agus na RA, ceapaim; agus tá sé le fáil ar shuíomh Amazon ar $18.80, ach costas postais le híoc, ag brath ar d’ordú, más
buan mo thuiscint.
Féile
Pan Cheilteach
Mar
fhocal scoir, má bhíonn aon duine agaibh i gCeatharlach an tseachtain seo
chugainn, b’fhéidir go bhfeicfinn ann sibh, go háirithe ag an gComórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach ar an Déardaoin, 7 Feabhra, áit
a mbeidh mé féin agus Seoirse lenár n-amhrán nuachumtha (focail uaimse, ceol
agus gabháil fhoinn uaidhsean). Táim ag súil go mór leis na hamhráin Ghaeilge
eile a chloisteáil, caithfidh mé a rá. Ticéid le fáil anseo.
Tuesday, October 9, 2012
Dul i bhFiáin
Ar an
Déardaoin beag seo, 11 Deireadh Fómhair, beidh sraith den chlár Dul i bhFiáin ag
tosú ar TG4, ag a 10:00 i.n. Dar leis an mblurba ar shuíomh TG4, beidh ‘beirt shaineolaithe
allamuigh ag dul ar thuras, ach caithfidh siad maireachtáil ar bhia ón dúlra…’
Bhuel, arsa
mé féin liom féin, ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar ar bith dom foghlaim
faoi na nithe seo, ar fhaitíos na bhfaitíos go rachadh mé féin agus é féin amú amuigh
faoin tuath am éigin, agus go dteastódh greim bia uainn. Dá bhrí sin, tá mo
nasc sraithe nasctha leis an gclár agam, agus táim ag súil go mór leis.
Ar ndóigh,
níl leid dá laghad agam céard a bheidh ar an mbiachlár ag na saineolaithe agus
láithreoirí, Frainc MacCionnaith agus Darach Ó Murchú, ná fiú an bhfeilfeadh
an bia don fheoilséantóir seo, ach beidh le feiceáil.
Dul i bhFiáin,
TG4, Déardaoin, 11 Deireadh Fómhair, 10:00 i.n.
Subscribe to:
Posts (Atom)
