Ní raibh fáil agam ar leathanbhanda ón gCéadaoin seo caite,
go dtí inniu. Dá bhrí sin, bhí mo ríomhaire díomhaoin formhór an ama; rud nár
thuig Sióg s’againne, cat a shiúlann isteach san oifig romham chuile mhaidin,
agus a shuíonn le taobh an ríomhaire, ag fanacht go dtosóidh mé ag clóscríobh.
Cibé scéal é, nuair a ghlaoigh mé ar an gcomhlacht teileafóin, cuireadh an
locht ar an líne, áit a raibh fabht, dúradh liom. Dar leo, chuirfidís caoi ar
an teip ‘within 2 to 5 working days’ - thug mé suntas ar leith den fhocal
‘usually’ a cuireadh, mar eireaball, leis an abairt chéanna; níl ach an dá
“bh’fhéidir” ann, a dúirt mé liom féin.
Mo chuimhne, dúradh liom, freisin, nach ‘working days’ iad
an Satharn ná an Domhnach, rud a d’fhág an bhean seo le laethanta sa bhreis
idir locht agus leigheas; ní raibh an líne cóirithe roimh an Aoine, faraor.
Bhuel, ní théann rogha ón réiteach, agus tá gach rud i gceart
arís, feictear dom, mar sin ní fiú bheith ag gearán. Tá Sióg agus mé féin ar
ais ag an ríomhaire, agus beidh sé breá sásta anseo le mo thaobh, a fhad is
nach ndéanfaidh mé dearmad láchín a dhéanamh leis, ó am go chéile. Mura dtugaim
aird air, seo thíos an rud a dhéanann sé.
Ar ndóigh, b’fhéidir go bhfuil an ceart aige, agus go mba
chóir dom níos lú ama a chaitheamh os comhair an ríomhaire. Gan fáil agam ar an
idirlíon, chuir mé seachtain éagsúil isteach, ach seachtain phléisiúrtha, mar
sin féin. Diabhal locht le fáil agam ar an scéal sin, a léitheoirí.