Showing posts with label aois. Show all posts
Showing posts with label aois. Show all posts

Friday, March 28, 2025

Machnamh

De réir mar atá na blianta ag dul thart, (agus tá siad ag imeacht an-sciobtha le blianta beaga anuas, feictear dom), déanaim iarracht gan a bheith cantalach, gan mo racht a ligean amach taobh amuigh de mo bhéal, gan a bheith róchorraithe. Ní hé go gceapaim gur binne béal ina thost, ach tá faoiseamh ar leith ag baint le suaimhneas na socrachta. 

Nuair a bhuail mé le haois an phinsin, chroith mé lámh léi, chuir mé fáilte roimpi agus lena híocaíocht sheachtainiúil. Thug mé faoi deara nach ciall a thagann ina teannta, go minic, ach cibé scéal é, táimse faighte níos séimhe ionam fhéin, ceapaim. Glacaim leis go bhfuil nithe ann nach féidir liom a athrú; gur fearr, in amanna, nithe móra beaga a ligean tharam, agus gur fearr gan deis a thapú gan mo thaighde a bheith déanta agam roimh ré. 

An méid sin ráite, thosaigh mé ag blagáil beagnach fiche bliain ó shin le go mbeadh glór na mná meánaoisí san áireamh i gcumarsáid na Gaeilge, ar líne. Cuireann sé áthas orm go bhfuil mná go leor ag cumarsáid trí mheán na Gaeilge ar líne ar na saolta seo, idir óg agus aosta. Áirím mé fhéin leis na haostaigh, anois, agus táim den bharúil, cibé an bhfuil ciall ann nó as, go bhfuil taithí na mblianta do mo stiúradh na laethanta seo, seachas ualach na mblianta, mar a déarfá. 

Mar sin fhéin, tá nithe a chuireann as dom, fós, ag an tráth seo de mo shaol. Tá comhionannas tábhachtach. Creidim gur ionann muid uilig, go dtagann muid ar an saol le pócaí folmha agus is mar sin a fhágfaidh muid an saol. Ní féidir do mhaoin a thabhairt leat.  Is cuma cé muid fhéin ná cé leis muid, is mar a chéile an toradh ag an tús (breith), agus ag an deireadh (bás).  

Idir an dá linn, an bhreith agus an bás, tá beatha; agus is beatha duine a thoil. Sa tír seo, is lucht dea-thola a bhformhór, ach tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil rudaí ag titim amach le roinnt blianta anuas, thall agus abhus, a chuireann machismo na haimsire caite i gcuimhne dom. Tá lucht leanúna ag na fir seo, réalta iad i súile daoine atá, shílfeá, dall ar chomhionannas agus ar chineáltas.

Nuair a chonaic mé an raic sa Dáil an lá cheana, an easpa measa ar chaon taobh, an easpa ábaltachta theacht ar réiteach gan raic, gan screadaíl, le stuaim agus le guaim, tharraing mé anáil dhomhain dhíomách dhubhach. 

Tá roth an tsaoil ag casadh...

Thursday, August 17, 2017

Focla Nach mBriseann Fiacla

De réir mar atáim ag dul anonn in aois, táim ag foghlaim. Táthar ann a déarfadh go bhfuilimid i gcónaí ag foghlaim agus, go deimhin, tá an méid sin fíor, ach táthar ann, chomh maith, nach dtuigeann anois, agus nach dtuigfidh go brách, go bhfuil ceachtanna le foghlaim ónár dtaithí saoil, agus gur fás agus forbairt atá le foghlaim ón taithí sin, is cuma cá bhfuil ár gcosa curtha i dtaca againn. 

An ceacht is mó atá foghlamtha agam, thar na blianta, ná go gcaithfear a bheith cúramach le focail. Bíodh siad scríofa nó labhartha, is urchair nó ungadh atá iontu. Bíodh peann i do lámh agat, teanga i do bhéal agat, méara ar mhéarchlár nó ar scáileán romhat, is fearr a bheith cúramach, i gcónaí, seachas a bheith místuama, nuair atá tú armáilte le focail. 

Ach, tá cúram orainn féin, freisin, maidir leis na briathra a chloisimid, nó a léimid. An fearr aird a thabhairt ar na focail atá cloiste/leite againn, nó an fearr gan bacadh leo, go háirithe más rud go bhfuil muid in amhras faoina dteachtaireacht? Go deimhin, fiú má aontaíonn duine leis an teachtaireacht, an fearr a bheith faichilleach, ar fhaitíos na bhfaitíos?

Cúpla leid atá faighte/foghlamtha agam féin, maidir le focail, le caitheamh na mblianta, 

1. Ná ceap gur fútsa/duitse amháin atá an duine ag scríobh/ag labhairt. 
2. Ná glac leis go bhfuil an tuiscint chuí agat ar an méid a chuala tú/a léigh tú. 
3. Seas siar, dún do bhéal, agus fan go mbeidh tú cinnte faoi bhriathra, uait nó romhat. 

Roinnt seanfhocal daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ní bhriseann focla maithe fiacla.  (Béasa) 

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre i gcónaí. (Caint)

Bíonn cluas bhodhar ag fear na foghlach. (Aire)

Bunchloch na bréige i gcolann na fírinne. (Bréaga)

Is féidir milleán a chur ar an bhfírinne, ach ní féidir náire. (Fírinne)

Mar nuafhocal scoir, uaimse,

Is fearr focla a chur ar an méar fhada, ná an mhéar fhada a thabhairt. 

Wednesday, May 25, 2016

In Aois na hAibíochta?

Ó am go chéile, ritheann sé liom go bhfuilim ag dul anonn in aois. Amanntaí eile, bím den bharúil go mb'fhéidir go bhfuilim curtha soir, agus amach sna blianta, ag aimhréidh an tsaoil. 

Tá an saol de shíor ag athrú, mar is eol daoibh, a léitheoirí. Tá sé deacair cloigeann ná cos a choinneáil leis an gcraic uilig. Ach, déanaim iarracht bheith ar an eolas faoi chúrsaí an tsaoil, agus déanaim iarracht sibhse a choinneáil ar an eolas faoi na nithe sin nach bhfuil/raibh ar eolas agam. Déanaim é sin, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine agaibhse chomh haineolach liomsa, an dtuigeann sibh. 

Faraor, tá corr rud a sciorrann tharam, i ngan fhios dom.

Roinnt blianta ó shin - am nach raibh mé chomh gar sin do na trí scóir is atáim anois, ach am a raibh na páistí tógtha agam, agus deis agam suí ar mo sháimhín só i bpub i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le duine nó dhó a cuireadh ar m'aithne tríd an mblag seo - bhí, ahem, deoch nó dhó ólta agam, agus sheol mé féinpic chuig m'iníon, An Bhean Neamhspleách, bean a bhí ag cur fúithi i Londain ag an am. 

'You look like Gollum!' 

...an téacs a sheol sí ar ais chugam. Rinne me googláil ar 'Gollum images' go bhfeicfinn cén sórt boicín é an Gollum seo, boc nach raibh ar m'aithne agam. Nuair a chonaic mé mo leathchúpla, d'inis mé scéal na dtéacsanna don lucht dí i mo chomhluadar. 

'Ba chuma liom...' arsa mé fhéin leo, '...ach níl aon aithne a'msa ar Ghollum, mar nach bhfaca mé Star Wars riamh i mo shaol!'

Tá siad fós ag gáirí fúm. Rinne mé tuilleadh googlála ar an ábhar ina dhiaidh sin, mar a thuigfeá. Níl Star Wars feicthe fós agam. Ná Lord of the Rings. Aiféala orm faoi sin, a lucht Sci-Fi!

Ar maidin, chonaic mé tvúit ó Aonghus, thall ar Twitter,

'Ná bac le mac a' Wookie is ní bhacfaidh mac a' Wookie leat...' a bhí cumtha aige. 

Ar fhaitíos na bhfaitíos gur chaill sibh an scéal, a léitheoirí, rinne mé googláil ar Wookie, ar ár son. Mar eolas daoibh, tá ní darbh ainm Chewbacca ina Wookie... tá, ahem, seisean in Star Wars, freisin, is cosúil.  

Is ait an mac an saol, ach táim ag foghlaim liom. Anois, ná bíodh sé le rá ag aon duine agaibh, a léitheoirí, nach bhfuilim do bhur gcoinneáil ar an eolas faoi, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil.

Wednesday, June 5, 2013

In Aois na Gaoise

‘Ní thagann ciall roimh aois!’ a chonaic mé scríofa thall ar Thalamh an Éin, ó tharla mo bhlagmhír thíos, Focail Féilire, ag tarraingt giolcadh nó dhó ó dhuine nó dhó, thall ann.

B’fhéidir nach dtagann, arsa mé féin liom féin, ach, mar sin féin, tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta, go mbíonn gaois aoise ag leanaí áirithe; ag aois nach mbeifí ag súil lena leithéid, mar a déarfá.

D’éirigh liomsa an físeán seo (le Luiz Antonio na Brasaíle ag labhairt) a fheiceáil nuair a bhí fotheidil Bhéarla leis - níl teanga dhúchais Luiz agam, áfach. Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an leaidín álainn seo a thuiscint, a léitheoirí, mar is fiú a chiall a chloisteáil, i mo thuairim féin.

Táim den bharúil go dtagann chuile leanbh lena chiall nádúrtha féin, ciall atá, seans, i bhfad chun cinn ar chiall an duine fásta, ar bhealach. De réir mar a thagann aois ar pháistí, tá formhór acu múnlaithe ag creideamh, nó faoi thionchar creidimh, á ndream féin; rud a fhágann, b’fhéidir, nach mbíonn deis ag an leanbh éisteacht lena thuiscint inmheánach nádúrtha féin.

Tá súil agam nach gcaillfidh Luiz Antonio na Brasaíle a ghaois nádúrtha go brách.

Tuesday, June 4, 2013

Focail Féilire

Tagann aois le ciall.

Age is whatever you think it is. You are as old as you think you are.

An leagan Béarla ó Muhammad Ali, agus an leagan Gaeilge uaimse. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.

Ó tharla mé ag tagairt d’aois, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal ‘Aois,’ sa leabhar Seanfhocla Chonnacht

Is fearr a bheith liath ná leamh.

Nuair is óige an tslat is éasca a lúbadh.

Ní féidir ceann sicín a chur ar sheanchearc.

Níl fear dá láidre nach leagann an aois é.  

Saturday, March 23, 2013

Áine Ársa

Fadó, fadó, fadó, nuair a bhí mise i m’ógbhean, ahem, ghnéasinsúlach chanliathach, níor chuir m’aois isteach ná amach orm, beag ná mór.

Go deimhin, ní bhuaireann m’aois mo chloigeann na laethanta seo ach an oiread, ach, mar sin féin, bhain sé geit asam, ar maidin, nuair a léigh mé gur gearr uaim an tseanaois - i gceann cúpla mí, mar a tharlaíonn sé, a léitheoirí - más fíor an méid a léigh mé anseo.

Sea, is gearr go mbeidh sé 55 bliain ó rugadh mé agus, más fíor an méid a cheapann daoine sa suirbhé sin thuas, tá cath na haoise caillte agam. Sea, táim ársa ainriochtach, ceann creathach, cnagtha leis an aois, ag titim as mo chéile; cnoc na haoise dreaptha agam, agus mé ar mo bhealach anuas, le luas.

Aiféala orm nár chuir mé sibh ar an eolas faoin méid sin ní ba luaithe, a léitheoirí, ach, bhuel, níor rith sé liom, an dtuigeann sibh, mar nach raibh a fhios agam gur amhlaidh atáim.

Ó tharla mé róthugtha don Gharraíodóir le bheith i mo Chougar, gabhaigí mo leithscéal, a chairde, ach caithfidh mé imeacht anois, agus zimmer frame a cheannacht dom féin. 

Beidh mé ar ais libh gan mhoill de réir a chéile…