Showing posts with label Jedward. Show all posts
Showing posts with label Jedward. Show all posts

Saturday, May 26, 2012

An Eoraifís

Mar a scríobh mé cheana, nílim iontach ag roghnú buaiteoirí i gcomórtas na hEoraifíse, ach seo iad na hamhráin a thaitníonn liom - taobh amuigh de Jedward, ar ndóigh. Bhuel, seo iad na hamhráin a d’fhan i mo chloigeann, pé scéal é, ó chonaic/chuala mé iad:

Amhráin na Rúise, na hIodáile, na Sualainne, na hEastóine, na hÚcráine, na hAlbáine, na Ríochta Aontaithe, na Seirbia, agus amhrán na hAsarbaiseáine.

Dá mbeadh orm cúig amhrán a roghnú, ba mhaith liom go mbeadh Éire, an Iodáil, An tSualainn, An Rúis, agus Asarbaiseáin ann, ach ní chuirfeadh sé iontas orm cé a bheadh sa chéad chúig áit, mar seo comórtas na hEoraifíse, agus ní bhíonn a fhios ag aon duine céard a tharlóidh!

Go n-éirí go geal lenár leaids féin – tá siad iontach, is cuma cén vóta a gheobhaidh siad.

♫♪♫♫♪ I am close to the waterline…♪♪♫♫♫


Fonóta: Seo mar a d’éirigh leis na hamhráin a luaigh mé thuas:

Tír                                  Áit

An tSualainn                   1ú
An Rúis                          2ú
An tSeirbia                     3ú
An Asarbaiseáin              4ú
An Albáin                       5ú
An Eastóin                      6ú
An Iodáil                         9ú
Éire                                19ú
An Ríocht Aontaithe        25ú

Saturday, May 14, 2011

An Eoraifís - Mo Rogha

Leis an fhírinne a insint, ní mise an roghnóir buaiteora is fearr, go háirithe nuair is amhráin atá i gceist, ach, mar sin féin, tá a fhios agam céard a thaitníonn liom féin, agus aithním céard a thaitníonn le daoine eile, fiú mura n-aontaím lena rogha i gcónaí.

Tá an liosta seo ag titim isteach le mo rogha féin, ó thaobh rogha 10 de, ach ní mar sin a d’fheicfinn an t-ord, dá mba agamsa amháin a bheadh na vótaí le caitheamh, abair.

Ach, tá níos mó ná vóta amháin i gceist, ar ndóigh, agus níl cead agam vóta a thabhairt do Jedward, mar sin, dá mbeadh vóta amháin le caitheamh ag an mbean/máthair seo, is d’amhrán na Fionlainne a bheinn á thabhairt.

Taitníonn amhrán na hAsarbaiseáine agus amhrán na Danmhairge liom, gan trácht ar amhrán na Fraince, atá eisceachtúil agus éagsúil – ach b’fhéidir gur chuir na geallghlacadóirí an t-amhrán sin chun tosaigh róluath, agus go gceapfaidh vótálaithe go bhfuil sé slán sábháilte mar amhrán, agus go dtabharfaidh siad vóta d'amhrán eile. Hmmm...

Chomh maith leis sin, an bhfaighidh amhrán na Fraince vóta na hóige, rud a gheobhaidh Jedward, seans, lena n-amhrán atá, go dtí seo, curtha sa dara háit ag na geallghlacadóirí? Hmmm…

Tá a fhios agam go mbeidh na daoine óga ag tabhairt vótaí do Jedward, gan dabht, agus chuirfinn geall go ndéanfaidh amhrán na Sualainne agus amhrán na Gearmáine go maith, mar go bhfuil siad tarraingteach mar amhráin, i mo thuairim.

Tuigim go maith go bhfaighidh amhrán na Ríochta Aontaithe, agus amhrán na hEastóine, vótaí ó na vótálaithe óga, cé nach bhfuilim róthugtha dóibh mé féin. Tá siad ócé, ach i gcomparáid leis na hamhráin eile, ní hiad is fearr liom.

Ar aon nós, sin mise agus mo roghasa. Táim cinnte go bhfuil bhur mbarúlacha féin agaibhse, a léitheoirí, sé sin, más rud go bhfuil suim dá laghad agaibh sa chomórtas.

Má tá, bainigí sult as anocht, a chairde.

Mo chuimhne, Jedward Abú!

Friday, May 13, 2011

Is Féad-Jedward Linn!

Bhí fadhbanna le Blogger ó inné, agus dá bhrí sin, ní raibh fáil agaibh ar an mblag seo, ná ar bhlaganna éagsúla eile, go dtí anois.

Níl a fhios agam cén chaoi ar éirigh le lucht Blogger an mhír dheireanach uaim aréir, ‘Ag Damhsa le Jedward’, a chailleadh, ach chaill siad é, in éineacht le haon trácht a fágadh. Á bhuel, sin an teicneolaíocht agaibh…  

Pé scéal é, chuir mé cóip eile den mhír ‘Ag Damhsa le Jedward’ isteach arís, anois díreach. Beidh an dáta as ord, ach ní féidir liom a dhath a dhéanamh faoi sin, a chairde.

Beidh a fhios agaibh uilig, faoin am seo, gur éirigh thar barr leis na leaideanna, agus go mbeidh siad sa bhabhta ceannais den Eurovision san oíche amárach.

Wúhúúúúúúúúúúúúúúúúú! 

Léim anseo gurb iad Jedward rogha mhór na coitiantachta an comórtas a bhuachan, agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith ar an damhsóir seo dá mbuafaidís.

Go n-éirí go geal leo!

♫♪♫♪♫♪ ‘Got my lipstick on♫♫♫♪♪

Ag Damhsa le Jedward

Abraigí, agus ceapaigí, bhur rogha rud fúthu, a léitheoirí, ach beidh mise ag damhsa le Jedward anocht, ag tabhairt mo thacaíochta dóibh, fiú más i mo sheomra suite féin a bheas mé á dhéanamh.

Is maith liom na leaideanna óga seo. Is cuma liom faoina gcumas amhránaíochta, mar go bhfuil a fhios agam go ndéanfaidh siad a ndícheall ar ár son sa chomórtas anocht.

Is maith liom a spiorad, agus is maith liom a mbéasa. Is maith liom go dtugann siad dóchas do go leor daoine, idir óg agus aosta, agus níl dochar ar bith ansin, na laethanta duairce seo.

Mura dtuigeann sibh é sin, a léitheoirí, ní thuigfidh sibh fáth mo dhamhsa.

Go n-éirí libh anocht, a Jedward!

♫♪♫♪♫♪ Got my lipstick on… ♫♫♫♪♪