Showing posts with label muintir. Show all posts
Showing posts with label muintir. Show all posts

Wednesday, October 12, 2022

Róluath

Ní raibh fhios nuair a tháinig tú chugainn

nárbh fhada do sheal linn, a chroí,

go raibh breithiúnas tugtha ag aingle

gur ar iasacht a bhí tú ó Dhia.

 

Bhí ábhar do shaoil ar phár Pharthais,

do chinniúint breactha roimh ré,

breith agus bás is gan eatarthu

ach tréimhse do bheatha in am Dé.

 

Ó, d’imigh tú uainne gan coinne,

tháinig deireadh do thuras ‘s do dhán,

aistear álainn go tubaisteach gearrtha,

tú sciobtha ó chairde ‘s ó chlann.


Scríobh tú do scéal inár gcroí,

é deartha go domhain ‘s go deo,

sé giorracht d’aiste a fhágann

muid uile ag sileadh na ndeor.

Monday, May 15, 2017

Smaointe ag Rith

Tharla sé go raibh sé fhéin agus mé fhéin ag ól caife, ar chúl an tí (sular fhág an ghrian muid) inné, agus cé nach cuimhin liom cén fáth ná cén chaoi ar tharla sé, tháinig ainm Emma Peel isteach sa chomhrá. 

Anois, tá a fhios agam go maith go bhfuil daoine á léamh seo agus ní bheidh leid dá laghad acu cé hí Emma Peel, agus tá chuile sheans ann nár chuala siad iomrá ar The Avengers ach an oiread (an clár ina mbíodh an t-aisteoir, Diana Rigg, ag aisteoireacht mar Emma Peel) ach ba chlár é a thaitin go mór liom fhéin, nuair a bhí mé i mo chailín óg. 

Bhí mé, ahem, ag iarraidh bheith cosúil le Emma Peel, an dtuigeann sibh, a léitheoirí. Shamhlóinn mé fhéin, i m'éadaí dubha teanna, ag sábháil an domhain, agus is iomaí karate cic a tarraingíodh, i dtreo mo shiblíní, thar na blianta, agus mé, ahem, i mbun na hoibre sin. Tá chuile sheans ann go bhfuair mé cic nó dhó ar ais, ach ní cuimhin liom na, ahem, rudaí beaga suaracha sin. 

Ach, is cuimhin liom, go maith, an díomá a bhí orm nuair nár éirigh le Daidí na Nollag an chulaith dhubh theann sin a fhágáil faoin gcrann Nollag dom. Bhí sí ar bharr mo liosta a'm! Ar ndóigh, tá a fhios agam nach ar Dhaidí na Nollag a bhí an locht, mar nár fhéad sé theacht ar chulaith a d'fheilfeadh. Mar sin fhéin, ag an am ar leith sin, bhí an cailín beag ramhar seo an-bhuartha ar fad. Níor thuig sí, an créatúirín, go raibh an saol agus a cuid samhlaíochta in adharca a chéile. Tuigim anois é. 

Sa lá atá inniu, feicim an brú atá ar chailíní agus ar bhuachaillí. Tá siad báite agus sáite sna meáin, áiteanna ar féidir an fhírinne a cheilt; go mion minic, i ngan fhios don té atá soineanta, nó neamheolach ar fhíricí an tsaoil. 

Bhí an t-ádh liomsa, ar go leor bealaí. Bhí daoine muinteartha liom, agus cairde agam, a choinnigh súil ar mo chuid samhlaíochta, agus a chothaigh mo chuid muiníne, ar feadh mo shaoil. Is faoina dtioncharsan atá mé fós ag maireachtáil. 

An méid sin ráite, ní hionann an dá ré, ansin agus anois. Ach, is ionann mianta an duine óig, mar go bhfuil a gcuid samhlaíochta fós aibí, agus éasca a mhúnlú. 

Tá súil agam go mbeidh muintir agus cairde daoine óga samhlaíocha na linne seo in ann iad a thabhairt slán ón múnlú dodhéanta neamhchríonna. 

Thursday, November 24, 2016

Lá an Altaithe

Daoibhse uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe inniu, tá súil agam go mbeidh lá ar dóigh agaibh. 

Más féidir é, ar chor ar bith, caith an pholaitíocht as bhur gcloigne inniu, agus bí ar bhur suaimhneas le bhur gcairde agus le bhur muintir. Cibé áit ina mbeidh sibh, go raibh agaibh síocháin, sonas agus sócúlacht. 

Más mian libh scéilín beag a léamh, faoi m'am féin thall ar Lá an Altaithe, caith súil anseo, a léitheoirí. Táim den bharúil go bhfuil an dream seo, ahem, i bhfad níos fearr ná muidne!

Thursday, November 26, 2015

Lá an Altaithe

Mar a dhéanaim chuile bhliain, ar an lá mór-le-rá seo, seolaim mo bheannachtaí chuig na daoine sin uilig, thall agus abhus, atá ag ceiliúradh Lá an Altaithe, inniu. 

Ach, ar dtús, scéilín. 

Roinnt blianta ó shin, chuaigh scaifte de mo mhuintir thiar, agus scaifte de mo chlann féin abhus, anonn go Bostún, áit ar chaitheamar uilig Lá an Altaithe, leis an dream thall. 

Níl a fhios agam cé mhéad againn a shuí chun boird an lá sin, ach bhí muid uilig ann, trí ghlúin ar a laghad, agus b'aoibhinn an t-am a bhí againn, le chéile...ag ithe, ag ól 's ag comhrá, an seandream ag roinnt cuimhní cinn leis an dream óg; cuid de na cuimhní sin, bhí siad an-bhrónach ar fad, ach, formhór na gcuimhní...bhuel, rinneamar go leor gáirí. 

Tharla sé gur chuir deirfiúr amháin againn leabhráin d'amhráin le chéile, seanamhráin a bhformhór, agus bhíomar ag gabháil fhoinn, tar éis an dinnéir, go dtí nach aon amhrán ó na leabhráin nach raibh canta againn. Ar ndóigh, bhí fonn orainn tuilleadh óil amhráin a chasadh, agus chinn duine den dream óg go mba chóir dúinn tabhairt faoi 'Someone Like You' le Adele

Bhuel, thosaíomar...mar a dhéanfadh aon duine leathsteamáilte le leathamhrán ar eolas acu. Nuair a bhí an t-amhrán, ahem, casta againn, arsa m'iníon,

'OMG, Mum! Ye killed it!'

Ní dóigh liom gur moladh a bhí ann. 

Pé scéal é, a léitheoirí, cibé áit ina bhfuil sibh ag ceiliúradh inniu, go raibh sibh uilig ar bhur suaimhneas i gcuideachta bhur gcairde agus i gcuideachta bhur muintire; go raibh sibh uilig faoi shíocháin agus saor ó bhuairt. 

Agus... hello!...b'fhéidir gurbh fhearr amhráin Adele a sheachaint...

Saturday, October 10, 2015

Blaiseadh Den Sean-Am


Blianta ó shin, nuair a bhí mise iontach óg ar fad, bhíodh mé i mo chónaí i dteach in éineacht le mo shean-aintín, agus le mo shin-seanmháthair. Bhí mo thuismitheoirí ann, freisin, ar ndóigh, agus ní raibh i gceist ach seal gairid, go dtí go raibh teach nua s'againn féin tógtha, nó rud éigin mar sin. 

Cé nach raibh mé féin ach, b'fhéidir, cúig bliana d'aois nó mar sin, tá cuimhne mhaith agam ar an tráth sin i mo shaol, mar gheall ar mo shin-seanmháthair, ach go háirithe. Baintreach a bhí inti, le fada, bean álainn chineálta, bean a chaith éadaí dubha an t-am ar fad, b'fhacthas dom, nós a bhí sách coitianta sa sean-am. An méid sin scríofa, foscéal atá sa chuimhne sin, ach roinnim anseo í, ó tharla gur rith sí liom, mar chuimhne, anois díreach. 

Ina póca, ag mo shin-seanmháthair, áit éigin faoina seál, bhíodh milseáin aici, i gcónaí. Bhíodh siad istigh i mála beag bán, más buan mo chuimhne, agus thabharfadh sí ceann de na milseáin sin dom, go rialta. Milseáin iad a bhí déanta as liocras, milseáin a bhí chomh dubh leis na héadaí a chaith sí féin, milseáin díreach cosúil leis na cinn dhubha atá le feiceáil sa bhosca, sa phictiúr ansin thuas, milseáin a cheannaigh mé i siopa áitiúil inné.

Chomh luath agus a chuir mé ceann de na milseáin dhubha isteach i mo bhéal, thosaigh mé ar mo thuras siar, siar ar bhóithrín na smaointe. Tháinig blaiseadh den sean-am chugam, arís, agus thosaigh mé ag roinnt mo chuimhní cinn leis an nGarraíodóir, fear a bhí ag slogadh na milseán eile as an mbosca Liquorice Allsorts, amhail is dá mbeadh lá éigin an chumais ag teannadh linn. 

Pé scéal é, ceann de na cuimhní a rith liom ná an chraic a bhíodh agam féin, agus ag mo shiblíní, leis na milseáin dhubha sin. Ar ndóigh, d'ithimis iad, go fial fonnmhar, ag cur ár dteangacha dubha i gcomórtas lena chéile, ach sí an chuimhne is mó a rith liom ná an chaoi a mbainimis úsáid as na milseáin, le mantacháin a dhéanamh dínn féin. 

Agus, ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtuigfidh sibh an modh oibre sin, a léitheoirí, seo chugaibh, thíos, pictiúr mínitheach, ceann a thóg mé níba luaithe, inné.

Rabhadh anseo, b'fhéidir...

Thursday, November 27, 2014

Lá an Altaithe

Bíodh sibh thall nó abhus, sibhse a bheidh ag ceiliúradh an lá seo inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh.

Bainigí sult as bhur lá mór; go raibh sibh uilig i gcuideachta cairde, agus i gcuideachta bhur muintire, saor ó bhuairt, agus ar bhur suaimhneas. 

Friday, January 17, 2014

Aithne agus Eolas

Is léir, domsa ar aon nós, go bhfuil eolas agus aithne mhaith ag mo dhream féin orm - tháinig na bronntanais seo a leanas ó chuid acu um Nollaig seo:

 Óltóir an Fhíona
Catghráthóir
Focalghráthóir
Lastóir Coinnle
Léitheoir na Leabhar
Doirteoir an Chaife
Tóraí...
...Chonamara. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, a léitheoirí,  ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Aithnítear cara i gcruatan. (Cairdeas)

Má tá tú ar lorg carad gan locht, beidh tú gan charaid go deo. (Cairdeas)

Ní bhfuair an carrachán caraid ab fhearr ná a mháthair. (Clann)

Ar mo mheisce nó ar mo chéill,  d'aithneoinn mo dhuine féin. (Cairdeas)

Is fearr comharsa ná saibhreas. (Comharsa)

As a dtoradh a aithnítear na crainn. (Dúchas)

Thursday, November 22, 2012

Lá an Altaithe


Daoibhse, thall agus abhus, a bheidh ag ceiliúradh inniu, tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh; go mbí sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta cairde, agus go mbaine sibh sult as bhur lá mór.