Beidh a fhios agaibhse a léann mo bhlag go rialta, gur scríobh mé faoi dháileoirí na lipéad, cheana. Níl sa bhlagmhír seo uaim ach tuilleadh smaointe ar an ábhar; smaointe a rith liom aréir, ar mo bhealach abhaile ón mbiongó.
Thug mé faoi deara, thar na blianta, go gcuireann mo chuid biongóála ionadh ar go leor daoine, nuair a chloiseann siad, den chéad uair, go mbím á imirt. Ar chúis éigin, ní thuigeann siad ó thalamh an domhain céard a thabharfadh mo 'mhacasamhail' ag an mbiongó.
Ach, céard is dual do mo 'leithéidí,' meas tú, nó do 'mhacasamhail' aon duine eile?
Céard a chuireann tuairim nó barúil i gcloigeann duine amháin faoi na mianta atá/ba chóir a bheith i gcloigeann duine eile? Aois? Aicme? Inscne? Creideamh? Jab? Páirtí? Tuismitheoir?
Is deacair a rá, ach cuirtear daoine i mboscaí cearnógacha, feictear dom, fiú mura mbíonn smaointe cearnógacha acu uilig. Tá daoine ann a dtéann a gcuid smaointe i ngach slí. Tá siad 'oscailte' mar a déarfá. Níl cúinne ar leith in ann dá leithéidí.
Samhlaigh go bhfuil boscaí ag an smaointeoir cearnógach, agus samhlaigh na lipéid atá ar na boscaí sin. Is iontu a chuirtear chuile dhuine. Fiú má chaitear na daoine a bhrú isteach sna boscaí, in aghaidh a nádúir agus in éadan a dtola, is ann a chuireann an smaointeoir cearnógach an rud atá 'ceart' agus 'cóir' agus 'gnách' agus 'coitianta.'
Déanann an toise céanna gach duine, shílfeá, i dtuairim an smaointeora chearnógaigh. Chuirfeadh, agus cuireann, sé iontas orthu aon duine a fheiceáil taobh amuigh de na boscaí sin. Is iomaí duine sáinnithe acu.
Cén fáth a mbíonn siad mar sin, meas tú? Aois? Aicme? Inscne? Creideamh? Jab? Páirtí? Tuismitheoir?
Is deacair a rá, ach tá a macasamhail ann.
Showing posts with label iontas. Show all posts
Showing posts with label iontas. Show all posts
Monday, July 10, 2017
Wednesday, September 21, 2011
Nod Don Aineolach
Ceann de na nithe a thaitníonn liom faoin saol ná go bhfuilim aineolach ar go leor rudaí. Ní drochrud é sin, ceapaim, mar go dtugann sé deis dom neart a fhoghlaim. Sin mo bharúil, pé scéal é.
Is léir nach bhfuilim i m’aonar, muise. Tá saineolaithe iad féin de shíor ag foghlaim, is cosúil. Déardaoin seo caite, tháinig réalteolaithe ar phláinéad neamhchoitianta a fhithisíonn dhá réalta agus, de réir mar a léim, ní raibh ansin ach tús an scéil, mar, an tseachtain chéanna, d’éirigh le lucht taighde theacht ar ‘74 previously unknown exoplanets’.
San India, tháinig saineolaithe ar chineálacha nua froganna, dhá chineál nua déag, le bheith beacht – ceann acu an ‘meowing night frog, whose croak sounds more like a cat's call’, creid é nó ná creid.
Monday, September 12, 2011
Uirlisí Usáideacha?
Tá Sinéad O’Connor i Lios Dúin Bhearna i láthair na huaire. Tá sí ar thóir fir ann, más buan mo chuimhne ón agallamh a rinne sí ar an Late Late Show, le déanaí. (1:36:40)
Ar aon nós, léigh mé a halt, faoina cuairt ar Lios Dúin Bhearna, san Sunday Independent inné, alt ina scríobh sí ‘I think I will call off the manhunt and instead update my vibrator collection.’ Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘vibrator’, a léitheoirí, ach roghnaigh mé an focal creathaire, bíodh mé ceart nó mícheart.
Rith an smaoineamh liom go bhfuil an saol ag athrú; go raibh am ann nuair nach labhródh fear ná bean, go poiblí pé scéal é, ar a leithéid de rud agus creathaire; nó, go deimhin, go mbeadh an uirlis sin luaite, beag ná mór, le Lios Dúin Bhearna. Ach, ansin chuimhnigh mé ar scéal a chuala mé, níl sé i bhfad ó shin, agus, más fíor an méid a dúradh liom, chuirfeadh sé iontas ort na nithe a d’fheicfeá i mála mná i Lios Dúin Bhearna.
De réir mar a chuala mé, bhí am ann, siar sna seascaidí, agus bhíodh na mná ag teacht as Meiriceá go Lios Dúin Bhearna ar thóir fear; iad gléasta go hálainn, lena ngruaig bouffant, agus lena málaí láimhe, lán smididh agus sprae gruaige. Ach, dar le cara liom, bhí bean amháin, agus bhí níos mó ná smideadh agus sprae ina mála aici.
Dar le mo chara-inste-scéil, bhí sí sa seomra leithris i halla damhsa i Lios Dúin Bhearna, oíche amháin thiar sna seascaidí, nuair a shiúil bean de na Meiriceánaigh thuasluaite isteach. Thosaigh sí ag athsmideadh, os comhair an scátháin ann, taobh le mo chara. Cé nach raibh aithne dá laghad acu ar a chéile, thosaigh comhrá eatarthu.
Agus iad ag caint faoi chraic na féile, chuaigh an Meiriceánach ar thóir a sprae gruaige ina mála, agus céard a chonaic mo chara istigh ina mála, ach gunna. Gunna beag, a léitheoirí, ach gunna mar sin féin. Ar ndóigh, mar a thuigfeá, baineadh geit nach beag as mo chara, agus lig sí béic bheag aisti, ar fheiceáil an gunna di. Níor chuir a geit ná a béicín isteach ná amach ar an Meiriceánach, bean a dúirt go neamhbhalbh,
‘You never know when you might need it.’
Thursday, July 7, 2011
Níl Aon Mhúnlann Mar Do Mhúnlann Féin!
Tá lá an fheithimh fhada thart, a léitheoirí! Níl uait, sa lá atá inniu ann, ach BoginaBag. Sea, Bog in a Bag!
Dar leis na díoltóirí, ar an suíomh anseo,
Dar leis na díoltóirí, ar an suíomh anseo,
‘BoginaBag (Bog in a Bag) is a unique portable toilet that is extremely light weight, portable and very robust. It provides the owner with a solution to that age old question of needing to go and having nowhere to go! It folds out as a stool, but when nature calls you then remove the cover insert one of our specially designed degradable bags, relax and relieve yourself.’
Sórt, ahem, R&R de shaghas eile atá i gceist, is dócha.
Ach, mura bhfuil BoginaBag agat, coinnigh do shúile oscailte, agus breathnaigh thart go bhfeice tú an bhfuil, ahem, clúdach dúnphoill in aon áit in aice leat - d’fhéadfadh sé gur preabmhúnlann a bheadh ann, an dtuigeann tú.
B'fhéidir gur fearr rith maith ná drochsheasamh...
B'fhéidir gur fearr rith maith ná drochsheasamh...
Labels:
craic,
gréasán,
iontas,
meon,
nádúr,
seanfhocal,
teicneolaíocht
Thursday, May 5, 2011
An Raibh a Fhios Agaibh...
…go bhfuil pirimid againn in Éirinn, a léitheoirí?
Bhuel, tá, agus ní raibh a fhios agamsa a dhath fúithi, go dtí gur chuala mé Joe Duffy á lua, ar a chlár inniu.
Bhuel, tá, agus ní raibh a fhios agamsa a dhath fúithi, go dtí gur chuala mé Joe Duffy á lua, ar a chlár inniu.
Ní raibh ann ach sórt ‘mo chuimhne’ uaidh, ach luaigh sé an phirimid ó tharla é ag labhairt le bean a bhí ag dul ar saoire go Cionn Eitigh i gCo. Uíbh Fhailí, áit ina bhfuil an phirimid tógtha, dar leis.
Caithfidh mé a admháil gur shíl mé féin gur ag magadh a bhí sé, ach bhí sé lán dáiríre, a dúirt sé - leis an mbean a dúirt sé é, chan liomsa, an dtuigeann sibh, cé go raibh mise ag éisteacht, i ngan fhios dó.
Pé scéal é, agus ar fhaitíos nach gcreideann sibh mé, tá scéal na pirimide gaelaí le léamh anseo. Tógadh í idir 1830 agus 1834, agus is mionmhacasamhail de Phirimid Mhór Cheops na hÉigipte í.
Nach iontach na rudaí a chloiseann bean, agus í ag cúléisteacht…
Subscribe to:
Posts (Atom)