Showing posts with label tinneas. Show all posts
Showing posts with label tinneas. Show all posts

Wednesday, November 7, 2012

Oireachtas agus Obama


Tá slaghdán orm le trí lá anuas, an cineál tinnis sin a fhágann bean gan fuinneamh, agus gan fonn uirthi mórán eile a dhéanamh ach suí go socair ar an tolg – rud nach ionann agus fliú na bhfear, an dtuigeann sibh, ach sin seanscéal, mar is eol, ahem, do mhná an domhain.

Pé scéal é, agus mé i mo shuí anseo ar tholg an tinnis ar maidin, ag breathnú ar thorthaí an toghcháin thall – taobh amháin ag ceiliúradh, an taobh eile diomachroíoch – rith sé liom gur mar sin a bhíonn an saol; bíonn sé ina yin lá amháin, agus ina yang lá eile.  

Bhí deireadh seachtaine iontach agam ag an Oireachtas i Leitir Ceanainn, agus tá neart le rá agam faoin ócáid, rud a dhéanfaidh mé, de réir a chéile, a léitheoirí, nuair a bheidh mo yin-yang ag yin-yangáil mar ba mhian liom. 

Monday, September 19, 2011

Míreanna Meara

Cé go raibh daoine ann a cheap go mbeadh an bua ag Ciarraí, bhí sé soiléir ó thús an chluiche, cheap mé féin, go raibh Baile Átha Cliath ní ba láidre, nó, b’fhéidir, ní ba thiomanta ar an lá. Pé scéal é, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus tréaslaím leis an bhfoireann, agus lena lucht taca.

Agus, más rud nach raibh tú in ann do shúile a bhaint de scáileán na teilifíse nuair a bhí greadadh breá Gaelach á thabhairt d’fhoireann rugbaí na hAstráile, tuigim do chás, a léitheoir. Chuir sé ríméad orm ag breathnú ar na leaids, agus is dóigh liom nach mé an t-aon duine amháin a mhothaigh mar sin Dé Sathairn.

Ach, tá Gael láidir cróga eile i mo smaointe le lá nó dhó, agus sin í Meadhbh McGivern. Go n-éirí go geal léi, agus í ag teacht chuici féin óna hobráid mhór. Go dtaga sí abhaile, slán sláintiúil, go luath. 

Thursday, March 31, 2011

Cén Chaoi a Bhfuil Tú ar Maidin?


Bhí mé i gcógaslann, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí an áit iontach ciúin, gan ann ach mé féin ag an am, rud nach iondúil, ó tharla an chógaslann chéanna an-ghar de mháinliacht ghnóthach.

Is iondúil go mbíonn daoine ag teacht isteach sa chógaslann, go rialta, lena n-oideas dochtúra a líonadh, nó le leigheas éigin a cheannach, do thinneas éigin a thug chuig an dochtúir iadsan, nó duine bainteach leo, an mhaidin sin.  

Is it the economy that has you so quiet?’ a d’fhiafraigh mé féin den fhreastalaí.

No, it’s the good weather.’ a d’fhreagair sí, é tugtha faoi deara aici, thar na blianta, nach mbíonn an oiread sin daoine thart, ná oidis le líonadh, nuair a bhíonn an aimsir go maith.

Agus, is cosúil go bhfuil baint ag an aimsir le sláinte an duine, mar fíor an méid a léigh mé faoi Medical Meteorology anseo,

Since ancient times, people have made a connection between weather and health. Hippocrates first wrote about the effect of hot and cold winds on people and the possible connection between epidemics and weather conditions in 400 BC.’

Chaithfeadh sé, mar sin féin, go mbíonn coinne dochtúra déanta ag daoine roimh ré, roimh theacht na haimsire maithe, mar a déarfá. An é go bhfeabhsaíonn siad ar an mbealach chuig an dochtúir, ar an lá atá grianmhar taitneamhach?

Pé scéal é, bíodh lá maith agaibh, a léitheoirí, agus an tsláinte leis.

Tuesday, February 8, 2011

Anita Álainn

An cuimhin libh an scéal seo, scéal a roinn mé libh i Mí Dheireadh Fómhair anuraidh?

An cuimhin libh an litir seo a scríobh Anita Slowey chuig clár Joe Duffy, í ag insint dúinn faoin gcaoi a gcaitheann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine le fiobróis chisteach?

Bhí Anita 24 bliain d’aois i mí Eanáir na bliana seo, í fós ag streachailt leis an ngalar sin, agus leis an gcóras a d’fhág daoine mar í, le fiobróis chisteach, ag dul i ngleic leis an ngalar, ach iad i gcontúirt sa bhreis, go minic, ‘as a direct result of been exposed to other patients and their germs in uniosolated conditions in St Vincent’s hospital’, mar a scríobh sí féin sa litir sin. Scríobh sí freisin.

‘On the 17th of January 2011 I will be 24. It will be Three years since I spoke to you, Three years since I beat the average life expectancy and three years since that doctor sat me down and told me I would be lucky to survive two. It has also been three years of broken promises over our unit, three years of false hopes and plans. While for the HSE our unit is just one more headache they want to avoid, their false promises have cost me personally both emotionally and physically, even thou I have survive, every infection and sleepless night in St Vincent’s has slowly robbed me of a little more lung power, a little more energy, a little more spirit and will to survive has been slowly eroded away.

On the 30th of July this year my father passed away, the last words he heard on this earth was my voice telling him that I would never give up. That I would stay strong and fight and survive and someday fulfil his life long dream to see me healthy and enjoying a full a normal life. He clutched my hand tightly and then he was gone. Everyday now I fight not just for myself but for him and the countless friends I have lost to this unforgivable disease. I fight to keep that promise. I just pray the HSE are willing to finally stand by their promises.’

Dar leis an méid a chuala mé ar chlár Joe Duffy inniu, táthar ag súil, arís eile, go mbeidh an t-ionad sin in St. Vincent’s réidh i Mí Aibreáin 2012.

Ach, ní bheidh Anita ann choíche. Aréir, d’imigh an cailín cróga sin ar shlí na fírinne.

I mbaclainn a hathar go raibh a hanam álainn.