Showing posts with label Cló Iar Chonnacht. Show all posts
Showing posts with label Cló Iar Chonnacht. Show all posts

Tuesday, April 8, 2025

Cló Iar-Chonnacht @ 40


Féach thíos, eolas faoi thrí ócáid a bheas mar cheiliúradh 40 bliain d'fhoilsitheoireacht na Gaeilge ag Cló Iar-Chonnacht sa Taibhdhearc ar an Domhnach seo chugainn, 13 Aibreán, mar chuid d'fhéile na Cúirte

Dinnseanchas – Tír Chonaill ag 2 i.n.


Iniúchadh ar an dinnseanchas, seanchas faoi áiteanna, i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Seo an ceathrú bliain den togra seo, comhfhiontar idir Cló Iar-Chonnacht agus Cúirt. Beidh beirt scríbhneoirí as Tír Chonaill, Eithne Ní Ghallchobhair agus Michelle Nic Pháidín, ag caint faoi thábhacht an dinnseanchais ina gcuid oibre agus ag léamh rogha óna saothar. Is é an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile a bheidh mar fhear an tí.


Ar Thóir Bhríd Ní Mháille ag 5 i.n.


Léamh drámatúil as úrscéal le Micheál Ó Conghaile atá i mbéal a fhoilsithe. Tá an t-úrscéal bunaithe ar scéal Bhríd Ní Mháille, an bhean a scríobh Amhrán an Bháthadh agus Amhrán South Boston. Fitear ceol, prós agus an chaointeoireacht san ócáid speisialta seo le Caitlín Ní Chualáin, Bridie Ní Churraoin agus Eoghan Ó Riada.

 

Ceiliúradh ceoil agus filíochta ag 8 i.n. 


Tráthnóna ceoil, amhránaíochta agus filíochta ag ceiliúradh Leabhar Mór na nAmhrán agus an cnuasach Gearr Gonta: Céad Dán le Céad File. Is é an craoltóir agus amhránaí Máirtín Tom Sheainín a bheidh mar fhear an tí. Ceol agus amhráin le Lillis Ó Laoire, Caitlín Ní Chualáin, Marcus Mac Conghail, agus Eithne Ní Ghallchobhair. Beidh ceol beo ann le Nóirín Ní Ghrádaigh, fidléir as Ráth Tó i gCo. na Mí, agus Colm Ó Dubháin, boscadóir as an Aird Mhór i gConamara.


Thursday, October 22, 2020

Ceardlanna Scríbhneoireachta

Tá dhá cheardlann scríbhneoireachta á n-eagrú ag Cló Iar-Chonnacht idir seo agus deireadh na bliana. 

Dáta: Dé Sathairn, 7 Samhain 2020

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: PRÓS
An gearrscéal, an t-úrscéal agus an splancscéal

Ionad: Le socrúBraitheann ar threoir an rialtais ag an am. Muna féidir teacht le chéile ag ionad faoi leith, cuirfear ceardlann ar líne nó aiseolas ar fáil.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic22@outlook.com ROIMH an 29 Deireadh Fómhair 2020.

Dáta: Dé Sathairn, 5 Nollaig 2020

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Ionad: Le socrú. Braitheann ar threoir an rialtais ag an am. Muna féidir teacht le chéile ag ionad faoi leith, cuirfear ceardlann ar líne nó aiseolas ar fáil.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. 

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag moccic22@outlook.com roimh an 26 Samhain 2020.

Tuilleadh eolais faoi leagan amach na gceardlanna


Ceardlann 7 Samhain, 2020

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Ceardlann 5 Nollaig, 2020

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile.

Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Saturday, May 23, 2020

Rang Beag Scríbhneoireachta

Roinnt seachtainí ó shin, fuair mé glaoch ó Bhridget Bhreathnach, atá ina Bainisteoir Margaíochta leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Cló Iar-Chonnacht.

Bhí smaoineamh aici.

Bíonn smaointe suimiúla ag Bridget, i gcónaí, mar is eol d'aon duine a léann an méid a bhíonn á scríobh aici ar tuairisc.ie, mar sin bhioraigh mé mo chluasa, agus shlog mé, go fonnmhar, an duán ar a raibh baoite a smaoinimh curtha aici. 

Tá croí mór fial ag Bridget Bhreathnach. Duine báúil í. Smaoineamh maith a bhí ann, ceann a chuideoidh le daoine a bhfuil, b'fhéidir, am acu anois, agus smaointe dá gcuid féin acu, smaointe a ba mhaith leo a roinnt, ar bhealach cruthaitheach éigin, ach nach bhfuil siad róchinnte cá dtosóidh siad.

Tá sraith nua, Rang Beag Scríbhneoireachta, ag tosú Dé Céadaoin seo chugainn, 27 Bealtaine, ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht, ar YouTube s'acu, agus ar na meáin shóisialta.

Cúigear againn a bheas páirteach sa chéad sraith - mise, Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, agus Alex Hijmans - físeáin ghairide an duine uainn, faoi chúig nóiméad an ceann, ina mbeidh muid ag cur síos ar ghné faoi leith den scríbhneoireacht. 

Beidh muid ag tabhairt leideanna don lucht féachana maidir leis na modhanna oibre, agus an cur chuige, a bhíonn in úsáid againn féin agus muid i mbun pinn, é mar aidhm ag gach físeán go mbeadh an té a bheadh ag breathnú air in ann foghlaim uaidh agus, más mian leo, an t-eolas a úsáid ina gcleachtas scríbhneoireachta féin.

Ar na topaicí a chlúdófar, beidh,

Áine Durkin:                  Ó smaoineamh go scríbhinn - ag bailiú                                                     smaointe agus á bhforbairt. 
Anna Heussaff:              Ag lorg aiseolais i rith phróiseas na                                                           scríbhneoireachta. 
Áine Ní Ghlinn:             Ag forbairt carachtair. 
Réaltán Ní Leannáin:     Comhrá agus dialóg i bhficsean. 
Alex Hijmans:               An tábhacht atá le disciplín agus cleachtas                                                 oibre don scríbhneoir. 

Táim ag súil go mór le toradh bhur gcuid oibre, a lucht féachana. Ar scáth a chéile, tiocfaidh muid tríd. 

Tuesday, January 21, 2020

Joe Steve Ó Neachtain

Is cuimhin liom an chéad uair riamh ar labhair mé leis. 2008 a bhí ann, ag Éigse an Spidéil

Ba é an chéad uair agam seasamh ar ardán, agus dán a aithris, go poiblí. Bhí mé chomh neirbhíseach sin go raibh mo dhá ghlúin ar creathadh, taobh thiar den phóidiam. Bhí mé cinnte go raibh chuile dhuine san áit in ann cliceáil mo chnámha a chloisteáil, agus bhí mé ag tabhairt amach do mo chiall toisc gur fhág sí mé, agus toisc gur lig sí dom greim a fháil ar an maidhc oscailte sa chéad áit. 

Ach, d'aithris mé dán nó dhó. Ceapaim. Ar mo bhealach ar ais chuig mo shuíochán, chonaic mé Joe Steve ag teacht i mo threo. Labhair sé liom. Thug an fear uasal álainn sin ugach dom, agus ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar a chineáltas, an oíche sin, ag Éigse an Spidéil. Murach é...

Thar na blianta, casadh Joe orm anseo is ansiúd, ag an Oireachtas den chuid is mó; a bhean, Máirín, lena thaobh, i gcónaí. Barróg, beannacht, comhrá gairid, agus bheadh mo mheanman agus mo chroí ardaithe aige. Bhí bealach ar leith leis. 
Bhí an-mheas agam air, mar dhuine, mar scríbhneoir. Nuair a d'iarr mé air an mbeadh sé sásta mo leabhar a sheoladh dom, chuir sé a anam agus a chroí isteach ann. B'in Joe Steve. Fear cuidiúil, fear tacúil. 
Bhuail mé isteach chuige, tráthnóna amháin, arú anuraidh, ar mo bhealach siar abhaile go Conamara, as Inis Eoghain. Bhí sé ag teacht chuige féin, ó bhabhta tinnis (a shaothar 'Mar a bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir' díreach críochnaithe aige, agus tús curtha aige le cnuasach nua gearrscéalta) ach, fós, bhí am aige don chuairteoir-gan-choinne. Fear suimiúil, fear báúil. Thuig sé tábhacht an duine, an dúchais, an dúlra. Agus, bhí an-ghrá aige dá mhuintir, dá theaghlach, dá chomharsan, dá chairde.

Mo chomhbhrón ó chroí lena bhean Máirín, lena bpáistí, Luisne, Aisling agus Páid agus a gclanna, lena gcairde, lena gcomharsana. 
Slán leat, a chara. Aireoidh muid uainn thú. Ní dhéanfar dearmad ort, go brách. 

Monday, October 7, 2019

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge


Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dáta: Dé Sathairn, 23 Samhain 2019

Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa
cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de
dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag moccic@eircom.net roimh an 13 Samhain 2019.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. 

Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí
freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362 
Ríomhphost: moccic@eircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

Ceardlann Scríbhneoireachta

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: 

An Gearrscéal, An tÚrscéal agus An Splancscéal.

Cló Iar-Chonnacht

Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair 2019

Ionad: Poetry Ireland, 11 Cearnóg Pharnell Thoir, BÁC

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc.

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí
aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na
scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net ROIMH an 16 Deireadh Fómhair 2019.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathanch
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost:
moccic@eircom.net
www.cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

Thursday, November 5, 2015

Sliocht Luimneach

Seans go raibh an t-ádh le cuid agaibh agus go raibh an deis agaibh bheith i láthair don 'Léamh agus Comhrá' a bhí ar bun ag 'Sliocht Gaillimh' in Áras na nGael i nGaillimh aréir, ach más rud nár éirigh leat bheith ansin, agus go bhfuil tú áit éigin i Luimneach anocht, b'fhiú go mór duit freastal ar 'Sliocht Luimneach,' ócáid a bheas ag siúl in Halla Íde, at 8:00 i.n.


Mar a fheicfidh sibh thuas, beidh Jackie MacDonncha, Micheál Ó Conghaile agus Réaltán Ní Leannáin (blagálaí 'Turas Amháin') ag léamh as na leabhair atá curtha i gcló acu leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht, an dream atá ag reáchtáil na hócáide i gcomhar leis An Siopa Leabhar, le Conradh na Gaeilge agus le Halla Íde Luimneach.

Go n-éirí go geal leo uilig!

Monday, October 12, 2015

Focail Féilire


Glan do chuid fiacla nó glanfaidh siad leo. 

Is ó Réaltán Ní Leannáin a tháinig an leagan Gaeilge sin, ar Twitter, ar maidin...mo bhuíochas, a chara, agus go n-éirí go geal le seoladh do leabhar nua, Dílis, i gClub Chonradh na Gaeilge, Dé Sathairn seo chugainn, ag Imram, Féile Litríochta Gaeilge

Beidh mé ann, ach, mura féidir leatsa bheith ann, a léitheoir, is féidir leat an leabhar a cheannach anseo, freisin, ó Chló Iar-Chonnacht. 

Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, maidir le fiacla,

Ní bhriseann focla maithe fiacla. (Béasa)

Teanga a ghníos caint is ní fiacla. (Caint)

Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin. (Dúchas)

Cab sinsear na bhfataí. (Plandaí)

Maidir leis an seanfhocal deireanach sin, tá sé scríofa, sa leabhar, 

'an béal; 'casúr na bhfataí' a thugtar ar na fiacla freisin.'

Gabh mo leithscéal anois, a chairde, ach tá mo bhricfeasta ag fanacht le casúr na bhfataí...

Tuesday, November 5, 2013

Oireachtas na Samhna 2013 - Léamh Próis

Cheannaigh mé na trí leabhar sin thuas ag an imeacht 'Léamh Próis' ag an Oireachtas Dé Sathairn. Bhí Joe Steve Ó Neachtain (a chuid leabhar uilig agam cheana!), Micheal Ó Ruairc agus Áine Uí Fhoghlú ag léamh giotaí as a gcuid saothar, agus bhí sé iontach bheith ag éisteacht leo - shamhlaigh mé go raibh mé istigh sna scéalta mé féin, páirteach sna himeachtaí uilig, bhí a gcuid léamha chomh bríomhar sin.. 

Agus, d'fhreagair siad ceisteanna ón lucht éisteachta i ndiaidh a léamha - b'fhiú go mór é an t-am a chaitheamh ina gcuideachta, más léitheoir nó más scríbhneoir thú. 

'Sliocht' is ainm don tsraith léamha seo atá á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht ar fud na tíre an mhí seo (féach thíos agus anseo), agus beidh an chéad 'Sliocht' eile acu i nGaillimh amárach. 

Scaipigí an scéal, a chairde, le bhur dtoil. 


'Tá áthas ar Chló Iar-Chonnacht a fhógairt go mbeidh sraith léamha próis/ficsin á eagrú againn ar fud na tíre ag tús mhí na Samhna. Teideal na sraithe ná SLIOCHT agus is deis iontach iad na léamha seo le cuid de na scríbhneoirí Gaeilge is bisiúla sa lá atá inniu ann a chloisteáil ag léamh óna gcuid leabhar.
Tabharfaidh na léamha seo an pobal léitheoireachta agus na scríbhneoirí le chéile. Triúr scríbhneoirí a ghlacfaidh páirt in gach léamh agus beidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur ar na scríbhneoirí faoi na leabhair i ndiaidh gach léamh.'

Tuesday, March 5, 2013

Ceardlann Scríbhneoireachta

Beidh Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste ar an 23ú den mhí seo, in Ollscoil na Banríona. 

Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltíse atá á éagrú, agus beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí den uile chineál, idir óg, nua, foilsithe nó neamhfhoilsithe; ach a léiríonn go bhfuil cumas scríbhneoireachta acu. 

Más mian leat, nó aon duine ar d'aithne, bheith páirteach sa cheardlann, tá na sonraí uilig le léamh anseo, ach caithfear na samplaí saothair - gearrscéal/cúig nó sé de dhánta/mír as úrscéal - a sheoladh chuig Áine Ní Cholchúin roimh 14 Márta 2013.

Scéal le scaipeadh agus deis le tapú, a chairde.