Tá ag éirí go maith liom, mar go bhfuil úinéirí na siopaí ag
déanamh a n-iarrachtaí féin ar son na cúise geilleagraí, agus tá lascainí go
leor á dtabhairt, feictear dom.
Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, bím ag éisteacht
leis an raidió go minic, agus tá cúpla rud a chuala mé le déanaí, gur mhaith liom a roinnt libh anseo ar maidin, le deis a thabhairt daoibh bhur
dtacaíocht féin a thabhairt, más mian libh.
Amárach, beidh Fiver Friday ann, agus iarrtar orainn cúig
euro sa bhreis a chaitheamh, más féidir, le tacaíocht a thabhairt do gheilleagar na tíre
agus, dá bhrí sin, dá chéile. Má théann tú isteach anseo, ar shuíomh Liveline le Joe Duffy
ar RTÉ Raidió 1, feicfidh tú cá bhfuil na margaí éagsúla le fáil, má tá fiver le spáráil agat; nó má tá táirgí/seirbhís le díol agat ar fiver amárach, is féidir leat an t-eolas sin a roinnt leo ansin.
Mar a scríobh mé cheana, tá Daidí na Nollag é féin faoi
bhrú geilleagrach, agus tá RTÉ 2fm, i gcomhar le SuperValu agus na daoine sin atá ag
obair go dian le Cumann Naomh Uinseann de Pól, ag cuidiú le Daidí na Nollag arís i mbliana, agus iarrtar orainn,
‘Simply drop an unwrapped toy any time up to December 9th at the special pick-up points at 195 SuperValu stores nationwide. Of course, we want to make sure that older children also get something from Santa, so we'd also welcome vouchers, books orbook tokens…Our wish is that every child gets a toy this Christmas.’
Mura bhfuil am ná deis agat bréagán a cheannach, nó
mura bhfuil siopa le SuperValu i ngar duit, is féidir leat féirín fíorúil a bhronnadh anseo.
Tuigim go maith go bhfuil daoine ann nach bhfuil pingin rua le
spáráil acu, ach más rud go bhfuil, creidim féin go bhfuil cumhacht i
gcaitheamh agus i bhfáil.
Ar scáth a chéile…