Ní hé go dteastaíonn carr nua uaim, an dtuigeann sibh, mar tá carr-nach-bhfuil-leath-chomh-cumasach-ach-déanfaidh-sé agam cheana, ach ba mhian liom ceann de na carranna sin thuastaifeadta a bheith agam, le go mbeadh giota spraoi agam leis.
Samhlaigh, a léitheoirí, an chraic a bheadh agam agus mé, abair, istigh san ollmhargadh, ag breathnú amach ar m'Audi nua, agus é ag tiomáint leis féin, timpeall an charrchlóis. Ní cheannóinn faic san ollmhargadh, ar ndóigh, mar ní bheadh pingin rua fanta i mo phóca ag an gcarr nua, ach ba chuma. Bheadh an-chraic go deo agam. Mar a deir an seanfhocal eile, is furasta óinseach a chur ag gáirí.
An méid sin ráite, maireann croí éadrom i bhfad, agus níor tháinig olc as gáire riamh. Ach, ná déan dearmad den seanfhocal eile, nuair is fearr an spóirt is ea is fearr ligean dó!
Ah bhuel...