Trí bliana ó shin, scríobh mé ar an mblag seo faoi Litreacha, agus a dtábhacht i mo shaol fhéin. Faraor, ní scríobhtar mórán litreacha níos mó. Sin an saol ag bogadh ar aghaidh, méara ar mhéarchlár seachas peann ar phár den chuid is mó.
Mise Áine ag Rámhaille
Me-thuiscintí
Friday, April 10, 2026
Taifeadadh
Friday, April 3, 2026
Rabharta Mór na nÉan
Tá sé de nós agam súil laethúil a chaitheamh ar shuíomh Nuacht1.com le go bhfeice mé céard iad na hailt ar na meáin ba mhaith liom a léamh. Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an nasc chuig an alt 'Baol stoirme geallta faoi Cháisc,' atá le fáil ar shuíomh nuachta RTÉ. Níl a fhios agam cé hé nó cé hí a bhíonn ag tuairisciú ar an suíomh sin, ach tá saibhreas na Gaeilge sna hailt uaidh nó uaithi, caithfidh mé a rá.
Luaite san alt faoin aimsir ghránna atá romhainn don deireadh seachtaine seo, thug mé suntas ar leith don líne 'Tá rabharta mór na n-éan linn...' mar nach raibh ainm an rabharta sin cloiste agam, cheana. Is léir nach mé amháin a thug suntas don rabharta sin, mar thosaigh comhrá eadrainn thall ar 'Bluesky,' áit a mbím fhéin agus na Spéiríní eile ag plé nithe a bhaineann le cultúr na tíre, i dteanga na tíre.
Tháinig Séamus ar an eolas seo agus ar an eolas seo faoi Rabharta Mór na nÉan, i gcartlann.ie, d'aimsigh Conchúr an t-eolas seo faoi rabhartaí (tá Rabharta Mór na nÉan luaite ann) ar duchas.ie, agus is féidir an giota seo thíos a fháil i leabhar Thomáis Uí Mháille, An Béal Beo, ar leathanach 86,
Wednesday, April 1, 2026
Gleo na Gaeilge
Le blianta beaga anuas, táim ag seasamh siar ón ngleo. Ar ndóigh, tá daoine ann nach dtabharfadh gleo air agus tuigim dóibh ach, mar is eol dúinn ón bhfear tannáilte thall, tarraingíonn gleo aird. Ach, nuair a bhíonn aird tarraingthe i dtreo amháin, ní féidir léi díriú ar nithe eile atá ag tarlú. Caithfear súil a choinneáil ar an gcleasaí. Ní mar a shíltear a bítear, go minic.
Fadó, dúirt fear rathúil liom nach iad briathra a dhearbhaíonn ach airgead; má tá gníomh le cur i bhfeidhm go rathúil, dar leis, caithfidh sé dul i bhfeidhm ar sparán an té ar a bhfuil d’aird dírithe. Is féidir, a dúirt sé liom, daoine a mhealladh le hairgead; é a bhaint díobh ar bhealach amháin, nó é a shíneadh chucu, ar bhealach eile. Má bhaineann tú airgead uathu, nó má chuireann tú airgead sa bhreis ina bpócaí, ‘that will make them sit up and take notice,’ a mhaígh sé.
Ar an lá seo, anuraidh, a fuair mé an cuireadh bheith páirteach i gcoiste, coiste a bunaíodh, samhlaím, go dleathach ach go rúnda, le cás na Gaeilge laglabhartha a phlé. Tugadh bliain don choiste páipéar bán ar an ábhar a réiteach don rialtas. Dá gcuirfeadh aon duine agaibh ceist orm, a léitheoirí, cé hiad baill eile an choiste, ní bheinn in ann an freagra sin a roinnt libh. Tá sé cineál cosúil leis an gclár sin, The Traitors Ireland. Caithfear a bheith cúramach, gan fíos do rún a scaoileadh, ar fhaitíos.
Ar aon nós, tá mo chuidse den obair cheilteach déanta agamsa, agus beidh an páipéar bán á roinnt go poiblí, inniu. Tá a fhios agam go dtarraingeoidh sé raic, ach bhí seifteanna na nGall ann tráth den saol a chuidigh le cur chun cinn an Bhéarla sa tír seo, agus is fiú dul sa seans le pátrún múnlaithe a d’oibrigh, i mo thuairim, ach ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge, an geábh seo. Ní faide gob na gé ná gob an ghandail. Tá cuid de na moltaí níos oiriúnaí do shochaí na linne seo,
1. Má chloiseann múinteoirí daltaí ag labhairt i mBéarla, cuirfear nóta i nGaeilge abhaile chuig na tuismitheoirí le cur i gcuimhne dóibh go bhféadfaí an Liúntas Leanaí a chailleadh má leanann an Bhéarlóireacht ar aghaidh. Tabharfar Nótaí Scoir ar na nótaí seo.
2, Aon duine atá ag obair don Stát, tabharfar sé mhí dóibh snas a chur ar a gcuid Gaeilge nó caillfidh siad 10% den tuarastal a íoctar leo agus tabharfar é don chomhghleacaí oifige a bhaineann úsáid as Gaeilge amháin ina ghnó, go laethúil.
3. Cuirfear 25% sa bhreis le tuarastal aon oibrí Stáit (Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh) atá in ann Gaeilge a labhairt go líofa, agus nach labhróidh tada ach Gaeilge agus iad ag dul i ngleic le gnóthaí stáit.
4. As seo amach, ní thabharfar aon phost Stáit (Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh) don duine nach bhfuil in ann a theanga dhúchais a labhairt agus a scríobh, le líofacht.
5. Ní labhrófar ach Gaeilge sna cúirteanna dlí, fiú mura dtuigeann lucht labhartha an Bhéarla céard atá ag dul ar aghaidh.
6. Ní bheidh aon ghá ceadúnas teilifíse a íoc ag an té atá ag éisteacht le TG4 amháin, ach ardófar costas an cheadúnais móide €100 sa bhreis an chainéal, má bhíonn aon duine ag breathnú ar chainéal ar a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga labhartha.
Beidh deis ag daoine a gcuid aighneachtaí a chur in iúl ach ríomhphost a sheoladh chuig gleonagaeilge@amadánaibreáin.ie.
Sunday, March 1, 2026
Dronuilleog an Scríbhneora
Ní raibh mé ar an eolas faoin teacht le chéile ar a dtugtar Dronuilleog an Scríbhneora i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire go dtí an tseachtain seo caite nuair a sheol Caoimhín Ó Peatáin an scéal chugam i ríomhphost.
Is é Dave Duggan, blagálaí agus drámadóir, scríbhneoir a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge, a thug Dronuilleog an Scríbhneora ar an bhfód, le deis a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge, nua agus bunaithe, a theacht le chéile go neamhfhoirmiúil uair sa mhí lena dtaithí, lena dtuairimí agus lena mianta a roinnt lena chéile.
Bhí seachtar againn i láthair Dé hAoine seo caite, an chéad uair agamsa ann ach an ceathrú huair ag Dave agus cuid de na scríbhneoirí eile. Bhíomar inár suí ag an mbord, díreach taobh istigh de dhoras tosaigh na Cultúrlainne, ag ól caife agus ag roinnt eolais lena chéile faoi cheird na scríbhneoireachta. Tá caife na Cultúrlainne, agus an fhoireann ann, ar fheabhas ar fad.
Ócáid an-phléisiúrtha, agus bhí sé go hálainn casadh le Dave agus leis na scríbhneoirí eile. Ní gá bheith i do scríbhneoir proifisiúnta le páirt a ghlacadh sa Dronuilleog. Ní ceardlann atá ann. Ní ag scríobh ná ag léamh saothar a chéile a bhíomar, ach ag foghlaim óna chéile; ag roinnt ár dtaithí agus ár n-eolas, ag tacú lena chéile.
Beidh an chéad teacht le chéile eile sa Chultúrlann ar an Aoine, 27 Márta, idir 11:00am -12:00pm. Feicfidh mé ann thú, le cúnamh ár mBé!
Friday, January 16, 2026
An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025
Ócáid neamhfhoirmiúil phléisiúrtha a bhí ann, mar is iondúil. Táim ag súil go mór le Cúirt Filíochta na bliana seo chugainn. Beidh muid ar ais i gCill Airne i 2026. Feicfidh mé ann sibh, a chairde, le cúnamh ár mBé.
Tuesday, January 13, 2026
Cé thú fhéin, anyways?
Ceann de na heachtraí a tháinig chun cuimhne agus cneasú na corróige faoi lán seoil, le déanaí, ná an scéal a chuala mé agus mé i gcomhluadar seisear nó seachtar eile, blianta fada ó shin. Bhíomar ag labhairt faoi eachtraí a tharla dúinn nuair a bhíomar inár ndéaga, más buan mo chuimhne; rudaí a rinneamar a bhain gáirí asainn, ag an am.
D'inis duine den chomhluadar faoin am a rug sé fhéin agus cairde leis greim ar phréachán, cheangal téad lena chois, chaith peitreal ar an téad, las an téad, agus scaoil leis an bpréachán bocht, a thosaigh ag eitilt leis, trí thine agus ag grágaíl; teann faitís nó péine, is dócha.
Bhain uafáis an scéil sin siar asam, ach an rud ba mhó a chuir isteach orm ná an gáirí bríomhar a bhain insint na heachtra as an gcomhluadar ina raibh mé i mo shuí. Cheap formhór acu go raibh sé iontach greannmhar, ba chosúil. Níor cheap mise go raibh, agus dúirt mé amhlaidh. Ní aon ionadh, arsa duine acu, le cantal, 'nach feoilséantóir thusa?' Bhí duine eile sa chomhluadar nach raibh ag gáirí, ach nach ndúirt a dhath.
Tá sé tugtha faoi deara agam, thar na blianta-sách-fada atá caite agam ar an saol seo, nach mar a chéile a bhreathnaíonn daoine ar eachtraí an tsaoil. Tá daoine ann (a) a sheasfaidh a bhfód go glórach (ní chuireann siad fiacail ann, bíodh sí ceart nó mícheart), (b) daoine eile a théann ar chúl scéithe lena mbarúil ('ní bhaineann sé liom," ''ná habair tada, nó tú fhéin a bheas thíos leis,') (c) daoine eile a mbíonn níos mó trua acu don chiontóir ná don íospartach ('an créatúr, tá a fhadhbanna fhéin aige,' 'níor thuig sé céard a bhí á dhéanamh aige,' 'ní raibh ann ach píosa spraoi,'), nó (d) na daoine a chreideann, beag beann ar thorthaí, i 'saoirse cainte' agus 'saor thoil' an duine.
Más rud go bhfuil tú ag léamh, nó ag cloisteáil faoin méid atá ag tarlú ar fud an domhain, faoi láthair - ionradh na hÚcráine, bagairtí na dtíortha láidre móra ar thíortha eile, úsáid intleacht shaorga le mí-úsáid a bhaint as mná agus páistí ar líne, na heachtraí i Veiniséala, tuairimí a bhaineann le hinimiricigh, thall is abhus - bhfuil tú ag gáirí, bhfuil tú glórach, bhfuil tú tostach - nó cé thú fhéin, anyways?
Thursday, January 8, 2026
Smaointe Ag Rith
Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.
Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir.
Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici.
Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall.
Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.
Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,
'I can't remember who you are, but I know I love you.'
An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin.


































