Showing posts with label sneachtagraf. Show all posts
Showing posts with label sneachtagraf. Show all posts
Friday, March 2, 2018
Wednesday, February 12, 2014
Thursday, January 13, 2011
Cowen San Fhuacht?
Brian Cowen san fhuacht? Ní dóigh liom é. Feictear dom go bhfuil craiceann tiubh ar an bhfear sin, rud nach bhfuil ar an bhfear sneachta thuas, fear sneachta a tógadh i rith na drochaimsire i gCarn Domhnach, a bhuí leis an ealaíontóir áitiúil, Kenny Kelly.
Is léir go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach, ach nuair nár cuireadh an ruaig air tar éis na heachtra seo, mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon deifir ar a chomhghleacaithe, ná ar a chomhpháirtithe, scaoileadh lena ngreim ar thír ná ar Thaoiseach.
Mar sin féin, táim den bharúil go bhfuil an leá ar an mbealach...
Monday, January 10, 2011
Tá Sé Ar Ais!
via Mise Áine by Mise Áine on 8/1/11
Tá sé ar ais anseo in Inis Eoghain, áit a bhfaca mé an lámhainn, sa sneachtagraf thuas, agus mé amuigh ag siúl i Swan Park ar maidin.
Seans gur chaill duine éigin an lámhbheart, agus gur chuir duine éigin eile ar ghéag an chrainn é. Pé scéal é, tharraing sé mo shúilse ina threo, agus is dóigh liom go ndéanfaidh sé amhlaidh le súil cibé duine a chaill é.
Idir an dá linn, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an miotóg bhocht 'out off a limb' agus 'out on a limb' ag an am céanna.
Subscribe to:
Posts (Atom)










