Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin, nuair a bhí nuacht na seachtaine á léamh agam ar an idirlíon, an raibh an domhan riamh ina chíor thuathail, ach nach raibh muid ar an eolas faoi, ar an bpointe, mar a déarfá, mar nach raibh fáil againn ar an nuacht chomh sciobtha fadó?
I láthair na huaire, tá An Ríocht Aontaithe curtha as a riocht, shílfeá, agus tá sé deacair a rá cé acu faill nó feall atá/a bhí taobh thiar den Bhreatimeacht sin a tharla le déanaí, nó easpa muiníne. Mar a tharla sé, bhí mé thall ar feadh míosa, agus bhí mé i Londain nuair a bhí an reifreann, agus a gcuid tuairimí maidir leis an reifreann, á bplé ag daoine. Ba léir domsa, ón méid a chuala mé, agus ón méid a léigh mé, go raibh Breatimeacht i ndán don tír. Ba mhór an líon daoine é '11% still undecided.'
Leag Cathal Mac Coille a mhéar air, ceapaim, nuair a scríobh sé, ina alt ar tuairisc.ie,
'Níl muinín níos mó as an élite ag
sciar mór den phobal sa Bhreatain ná i mórán tíortha eile. Cé hiad? Ceannairí
agus urlabhraithe na bpríomhpháirtithe agus an chuid is mó de na húdaráis i
ngach tír, chomh maith le ranna stáit, saineolaithe, iriseoirí agus baincéirí.'
Ní raibh na daoine 'mór le rá' ag éisteacht, feictear dom. Ní raibh na daoine ba chóir bheith 'ag éisteacht' ag éisteacht, shílfeá.
Agus, is cosúil nach raibh siad ag éisteacht nuair a bhí nithe amhrasacha ag tarlú in Console. Tá an damáiste déanta, faraor. Agus, tá na cogaí, feictear dom, leanúnach; gan gá leo, dá n-éistfeadh daoine lena chéile.
Chuile sheans nach raibh fáil againn ar an eolas, ná ar na drochscéalta, leis an luas céanna, fadó, nuair nach raibh an t-idirlíon ann, ach tá anois, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ach, fós, fiú agus muid ar an eolas faoin bhfaill agus faoin bhfeall, tá ag éirí leis na brabúsaithe. Níos measa fós, is minic go ligtear leo.
Showing posts with label feall. Show all posts
Showing posts with label feall. Show all posts
Friday, July 8, 2016
Wednesday, July 3, 2013
Focail Féilire
Comhairle do lucht na polaitíochta ar maidin, b'fhéidir...
Gníomh a ghiniúint, éifeacht ar chinniúint.
Act as if what you do makes a difference. It does.
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ón bhfear seo, William James.
Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.
Seanfhocal nó dhó, as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Feall, mar a leanas:
Is measa an té a bhraitheas ná an té a dhéanas.
Is minic cealg i mbun na póige.
Milis os comhair do chuid súl is searbh taobh thiar de do dhroim.
Agus ceann nó dhó eile dóibh, as an leabhar céanna, faoin gceannteideal Fírinne, mar a leanas:
Bíonn dhá thaobh ar an mbilleog.
Seasann an fhírinne i lár na bréige.
Suigh crom ach labhair díreach.

Subscribe to:
Posts (Atom)