Showing posts with label Facebook. Show all posts
Showing posts with label Facebook. Show all posts

Wednesday, February 12, 2020

Marmite agus An Toghchán

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuil chuile sheans ann go bhfuil mearbhall oraibh, a léitheoirí. 

Tá sibh, b'fhéidir, tinn tuirseach ag éisteacht leis na tráchtairí ar na meáin éagsúla (go háirithe na tráchtairí ar Twitter agus ar Facebook, áiteanna a mbíonn an fhírinne lom le léamh, i gcónaí); nó, b'fhéidir, go bhfuil sibh curtha soir ag éisteacht leis na meisceoirí saineolaithe sna pubanna, nó le saoi-an-tí sa bhaile?

Cibé scéal é, bhí mé as baile, mé féin, mo chluas leis an raidió, mo shúil ar an bhfón/teilifís, chuile sheans a fuair mé, le go bhfeicfinn cén chaoi a raibh na scéalta ag titim sa mhullach ar a chéile, ó thaobh an toghcháin de, in Éirinn. Sular caitheadh vóta ar chor ar bith, bhí sé ina réabadh

Ansin, tharla sé seo

Idir an dá linn, an réabadh agus an toradh, chuala mé duine éigin, áit éigin, ag labhairt faoi Marmite. Ar chlár éigin, ar an raidió, ceapaim. Agus, choinnigh mé i mo chloigeann é. Ná fiafraigh díom cén fáth, ach d'fhan sé ansin, ag spochadh as mo mheabhair, chuile uair a chuala mé trácht ar thoghchán, nó ar pholaiteoirí, nó ar pháirtithe. 

Bhí sé dhá oiread níos measa, mar spochadh, nuair a thosaigh na polaiteoirí agus na tráchtairí ag spochadh as a chéile, théis an toghcháin. 

Comhrialtas?! Le cén páirtí?! Seans ar bith! Seans ar bith?

Marmite! Marmite! Marmite!

An rud faoi Marmite (nó an rud a chuala mise ráite faoi, go minic, bíodh sé fíor nó bíodh) deirtear go bhfuil daoine ann atá craiceáilte ina dhiaidh, ach go bhfuil daoine eile ann nach ligfeadh i bhfoisceacht urchair mhéaróige den teach é, ar ór ná ar airgead. 

Cuirtear cos i dtaca. Tá sé deacair bogadh, nuair atá cos i dtaca. 

An rud a ritheann liom féin faoi Marmite ná go gcaithfear glacadh leis go bhfuil daoine ann nach bhfuil anois, agus nach mbeidh go brách, seans, ar aon tuairim faoi, agus sin sin. 

Ach, mar sin féin, má tá go leor daoine ag teacht chun tí, bíodh an dtaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn, is fearr glacadh leis go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh Marmite - is fearr duit a bheith ciallmhar, agus é a cheannach. 

Nach fearr as a bheas tú an Marmite a bheith os do chomhair, ar an mbord (ní i bhfolach áit éigin), áit a mbeidh tú in ann é a fheiceáil go soiléir? Ar an gcaoi sin, théis tamaill, beag beann ar do bharúil féin, b'fhéidir go mbainfeá féin triail as. M'anam, théis tamaillín, ní bheadh a fhios agat, b'fhéidir go mbainfeá tairbhe as!

Agus, théis tamaill, má thugann tú faoi deara go bhfuil daoine ag rá go bhfuil blas aisteach air, go bhfuil sé imithe i léig, abair, nach féidir leat é a chaitheamh amach, agus triail a bhaint as ceann eile? 

Is féidir breith a thabhairt nuair a bheas an triail thart, théis na cúirte cuairte. 

Tuesday, November 21, 2017

Goineadóir

Fadó, fadó, fadó, nuair a thosaigh mo pháistí ag foghlaim cén chaoi le carr a thiomáint, is é an moladh a thug mé dóibh, maidir leis an gcarr faoina gcúram, 

'Samhlaigh gur gunna atá faoi do chúram agat, bí cúramach leis, agus ná leag aon duine le do mhíchúram.'

Nuair a léigh mé faoi The Social Online Self-Regulation Theory, ar maidin, chuimhnigh mé ar an gcomhairle sin a tugadh, théis an líne seo thíos a léamh,

'“It seems to us that Facebook is like a knife: it can be used for preparing yummy food or it can be used for hurting a person. ...'

Maidir leis na meáin shóisialta, tá an saol athraithe, go mór, ó thosaigh mise ag blagáil, deich mbliana ó shin. I dtús, ní raibh a'm, mar chuntas, ach mo bhlag, agus bhí cuntas amháin ríomhphoist agam, le eircom, mar a tugadh ar an gcomhlacht an t-am sin. Ní raibh fón pócaí coitianta, fiú.

Ag an am sin, ní raibh Wifi le fáil sa tír seo, go bhfios dom, agus ní raibh trácht ar YouTube, Twitter, Facebook, Instagram, Snapchat agus araile; i saol an scríbhneora seo, pé scéal é. Níor tháinig Gmail ar an bhfód go dtí 2014, cé go raibh Google ann, ach bhí tús curtha le ré na teicneolaíochta, agus thosaigh chuile dhuine ag snámh sa linn sin, idir óg agus aosta.

Chuir ré na teicneolaíochta go mór le mo shaol, mar scríbhneoir. Ar líne, sa lá atá inniu ann, tá fáil agam ar fhoclóirí, ar eolas agus ar, ahem, neamheolas, ar an bpointe. Táim in ann ábhar i nGaeilge a léamh go rialta, rud a chuidigh go mór liom, agus mé ag foghlaim, thar na blianta.

Mar gheall ar an idirlíon, tá fáil againn ar lucht labhartha agus ar lucht scríofa na Gaeilge, agus ar neart teangacha eile nach í. Mar sin féin, ní hionann 'fáil' a bheith againn ar dhuine, agus 'aithne' a bheith againn ar dhuine, má thuigeann tú leat mé.

Táim den bharúil nach féidir aithne a chur ar aon duine ar líne, i ndáiríre. Ní dhéantar chuile bheart de réir briathair, go minic, agus, in amanna, bíonn faitíos roimh, nó díomá faoi, na briathra a bhagraíonn go mbeidh beart dá réir. Tá mí-úsáid forleathan ar líne.

Ní chaithim mórán ama ar Twitter ná ar Facebook, ach caithim súil rialta ar chuala.mé, mar is ann a thagaim ar na scéalta atá 'i mbéal phobal na Gaeilge'...go raibh céad míle maith agat, Kevin Scannell!

Breathnaím ar an nuacht ar Google News agus ar tuairisc.ie, chuile lá, má fhéadaim. Roinnim scéal, más scéal é a tharraingíonn m'aird ina threo, agus más rud go gceapaim go mbeadh suim ag daoine ann.

Ní hé sin le rá go gcreidim gach a léim. Is iomaí 'Hmmm' a thagann uaim, go háirithe agus na tráchtanna á léamh agam. Ní lia duine ná barúil, agus tá barúil a'msa go bhfuil daoine ar an idirlíon nach réiteoidh, go brách, le haon tuairim ach lena dtuairim féin.

Le ríomhaire de shaghas ar bith faoinár gcúram againn, tá an baol ann go ngoinfear daoine, ach caithfear bheith cúramach, mar sin féin. Ní féidir an focal scríofa a tharraingt siar.

Imíonn na daoine, ach fanann na focail.

Wednesday, February 22, 2017

Ócáidí

Ní minic a bhím ar an ríomhaire na laethanta seo agus, dá bhrí sin, sé mo bhlag atá thíos le m'easpa airde, faraor géar. Airím uaim é. 

An méid sin ráite, ní airím uaim Facebook, ná Twitter, ar bhealach. Cé go bhfuil cuntas agam leo, fós, tá sé de nós agam súil a choinneáil ar imeachtaí an tsaoil ar bhealaí eile. Tá fáth leis sin. Tuilleadh faoi sin, amach anseo. 

Ní hé go bhfuilim díomhaoin, an dtuigeann sibh. Tá bailiúchán de mo chuid filíochta le teacht ar an bhfód go luath; Cló Iar-Chonnacht len é a fhoilsiú, amach sa mbliain. Ar Lá Vailintín, léigh mé mo dhán 'Mo Ghrá' ar chlár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta; podchraoltaí anseo, más mian libh éisteacht leis na dánta grá eile a bhí le cloisteáil ar an gclár, ar an lá. 

Tá amhráin nua á gcumadh agam. Bhain mé an-sult as mo chuid ama leis an bhFéile Pan Cheilteach thar na blianta, agus molaim coiste na féile sin, agus a lucht tacaíochta (Glór Cheatharlach, IMRO, Gael Linn, Foras na Gaeilge, An tOireachtas srl.), go hard na spéire, mar go spreagann siad daoine, mé féin san áireamh, chun amhrán nua Gaeilge a chumadh, go rialta. 

Tá ocht n-amhrán déag sa chomórtas náisiúnta, i mbliana, agus guím gach rath ar na hiomaitheoirí uilig (liosta anseo, pdf). Beidh an comórtas amhránaíochta ar siúl sa Seven Oaks Hotel, i gCeatharlach, an Satharn beag seo, 25 Feabhra...go n-éirí go geal leo uilig!

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, 8 Márta, beidh mé fhéin, agus roinnt scríbhneoirí eile na Gaeilge, ag teacht le chéile i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Mar aon le Mise Ciara, táim ag súil go mór leis an ócáid, agus táim fíorbhuíoch do mo chomhbhlagálaí, Réaltán Ní Leannáin, as an méid ama atá caite aici i mbun eagraíochta ar an ócáid. Tuilleadh eolais le fáil uaithi ag realtan (ag) hotmail (ponc) com, más mian libh bheith linn ar an oíche. 

Beidh mac le mo chomhbhlagálaí, Aonghus, Fionn Ó hAlmhain (an bheirt acu le cloisteáil ar an gclár Gaol Gairid, níl sé i bhfad ó shin), agus Hajime Takahashi, ag gabháil cheoil dúinn ag an ócáid; agus mo cheol iad Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta i mbliana.  

Mar is léir, ní bhíonn lucht scríofa na Gaeilge díomhaoin. Ní bhíonn a dteanga ná a ndúchas i bhfad uatha riamh. Gura fada buan a lucht tacaíochta! 

Thursday, November 10, 2016

Fíodóir Focal - Jackie MacDonncha

Ceann de na haipeanna a thaitníonn go mór liom ná Podcast Republic. Tá sé ar m'fhón póca agam, rud a thugann deis dom clárú leis na cláir raidió is fearr liom, le go mbeidh mé in ann éisteacht leis na podchraoltaí is ansa liom, am ar bith gur mhian liom, pé áit gur mhian liom. 

Ar na laethanta seo, bím ag éisteacht le podchraoltaí ón gclár Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta. Mar is eol do léitheoiri an bhlag seo, is maith liom focailseanfhoclanuafhocail agus nathanna cainte. Mar gheall air sin, bhí áthas orm nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, go mbíonn Jackie MacDonnacha ar an gclár Iris Aniar go rialta anois; an Fíodóir Focal é féin, agus focail dhúchasacha na Gaeilge á roinnt aige linn, mar a fheicfidh sibh anseo ar leathanach Facebook Iris Aniar.

Chuile choicís, ar an Luan, bíonn Jackie le cloisteáil, a léitheoirí. Mura mbíonn sibh in ann éisteacht leis beo ar an aer, is féidir 'Súil Siar' a chaitheamh ar an gclár ar an suíomh gréasáin, nó is féidir súil a choinneáil ar an leathanach Facebook

É sin, nó is féidir libh éisteacht leis na podchraoltaí uaidh Jackie agus an láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile ar an idirlín anseo. An-mhír go deo. Maith sibh, a chairde na Gaeilge!

Tuesday, August 26, 2014

Scaoil Amach an Buicéad...Ó!


Deis agaibh, a chairde na Gaeilge, tacaíocht a thabhairt don charthanas IMNDA abhus (téacs MND chuig 50300), nó don charthanas ALS thall (modh deonaithe anseo), mura miste libh.

Ar scáth a chéile, an dtuigeann sibh...

Sunday, April 13, 2014

Snámh Phádraig

Teachtaireacht, thíos, ó Aodhán Ó Deá, ceann a chonaic mé ar an suíomh Gaeilge Amháin thall ar Facebook anois díreach. 

Is teachtaireacht í maidir leis an ócáid iontach sin, Snámh Phádraig, atá eagraithe ag na daoine óga iontacha sin, thíosluaite ag Aodhán, do Phádraig Schaler, leaid óg a gortaiodh go dona thall ar Cape Cod, an bhliain seo caite.


Brostaígí oraibh, a léitheoirí - ní theastaíonn ach cúpla míle euro eile uatha agus ansin, ahem, beidh oraibh bhur súile a choinneáil dúnta..;-)
Táimíd dochreidte buíoch don airgead atá ag teacht isteach go leanúnach ach creidimíd go bhfuil spreagadh breise ag teastáil go láidir don lá deireanach. Tá leath de na snámhaithe, idir bhuachaillí 's chailiní sásta tabhairt faoin dara trá dheireanach, Baile na Cúirte, LOMNOCHT (Le Griangraif mar Fhianaise) má shroicimíd €33,333 ar idonate roimhe sin. Tá go dtí 19:00 agat cabhrú linn anseo:http://bit.ly/donatepadraig #snámhphádraig — ag Ballyvaughan, Co. Clare.


Friday, February 7, 2014

Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge

Mar eolas daoibh, a thuismitheoirí, an giota seo a leanas feicthe agam thall ar an suíomh Gaeilge Amháin ar Facebook,

'Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú turais óige chuig Páirc an Chrócaigh ar an 1ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá an turas seo dírithe ar Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois. Beidh deis ag na daoine óga turas timpeall Pháirc an Chrócaigh a dhéanamh, mar aon le cuairt a thabhairt ar an músaem agus an Ethiad Skyline a dhéanamh. Is deis iontach é seo do na Gaeilgeoirí óga bualadh le daoine eile ar chomhaois leo agus lá spraíúil trí Ghaeilge a bheith acu. 

Costas €7.50 roimh an 17ú Feabhra! Chun tuilleadh eolais nó foirm iarratais a fháil, cuir rphost chuig Ciara ciara.feachtas@gmail.'

Tuilleadh eolais faoi feachtas.ie le léamh anseo

Friday, July 5, 2013

An Ghaoth Aneas

Tá forlíonadh Gaeilge - An Ghaoth Aneas - le fáil ar líne anois, a léitheoirí, mar chuid den Southword Journal, atá le feiceáil ar Facebook, freisin.

Bainigí sult as!

Monday, June 24, 2013

Neadió Teilifís Áine

Aiféala orm, a chairde, ach bhain moill dom agus mé ag iarraidh go mbeadh an físeán is déanaí agaibh, ach tá sé le fáil anois, ar YouTube anseo, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Bhí na meantáin mhóra, agus na meantáin mhóra bheaga, gnóthach, mar a fheicfidh sibh. 

Pé scéal é, is fearr go mall ná go brách, mar a deirtear. Mo chuimhne, tá giota beag suimiúil, maidir leis an bhfocal sin 'brách', ag Dennis, mo chomhbhlagálaí, le léamh anseo

Ó tharla go raibh mé as blag, nó as baile, le seachtain nó dhó nó trí, nílim bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú ar an mblagsféar, ná lena bhfuil ag tarlú thall ar Gaeilge Amháin ar Facebook, ach sin mar a bhíonn an scéal, go minic, nuair a bhíonn barraíocht idir lámha ag an duine nach bhfuil ag déanamh tada ag an am céanna. Feictear dom. 

Ah bhuel, sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí, agus an rud a deir an saol, is fíor é. Cibé faoin seanfhocal sin, creidim i bhfocail an tseanfhocail eile, tóg d'am, mairfidh an saol i do dhiaidh; agus tá bá nach beag agam leis an seanfhocal a deir, ní luas do dhuine é féin a thachtadh. (Seanfhocla Chonnacht; ceannteideal 'Deifir')

Mar sin, beidh mo ghreim á chogaint go maith agam agus, ar an gcaoi sin, ní thachtfar mé. tá súil agam. Idir an dá linn, bainigí sult as an bhfíseán, a chairde. 

Tuesday, August 14, 2012

Cén Sórt É?

Blagaire:              Duine maíteach
                           Maíteach: boastful, begrudging, envious.

Giolcaire:             Duine a bheadh ag giolcadh nó ag cabaireacht
                           Cabaireacht: babbling, chin-wagging, loquacity.

Gnúiséara:            Duine milleánach doshásta.
                            Milleánach: fault finding. Doshásta: hard to
                                      please.

Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.

Agus iad á roinnt agam libh anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan ábhar.

Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus, más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.  

Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh, ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.

Roinnfinn an míniú libh anseo, a léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É? 

Thursday, June 23, 2011

Na Meáin Shóisialta

Le bliain nó dhó anois, agus mé ag léamh faoi, nó ag plé le Facebook agus Twitter, mar shampla, tá sé tugtha faoi deara agam an éascaíocht lena roinneann daoine a gcuid tuairimí, a gcuid scéalta srl., ar na meáin sin; ar an uile ní agus ábhar. Níl dochar ar bith ansin, cheapfá, agus, go deimhin, táthar ann a déarfadh gur maith ann an ceangal sóisialta sin.  

Mar sin féin, ón méid atá léite agam féin le bliain nó dhó, caithfidh mé a rá nár chuir an scéal seo, ná an ceann seo, nó fiú an ceann seo, iontas ar bith orm. Ní thuigim cén fáth a ndearna na daoine sin na rudaí a rinne siad, ná fiú cén fáth ar roinn siad, chomh poiblí sin, na nithe a roinn siad, ach is léir go mbíonn iarmhairtí fadtéarmacha lena leithéidí de ghníomhartha.

Is beag an dealg a dhéanfadh braon, mar a deir an seanfhocal, agus táim den bharúil go bhfuiltear ann nach dtuigeann go bhfuil dealg iontach géar ag na meáin shóisialta. Má bhíonn do lámh i mbéal an mhadra agat, bhuel, caithfear bheith cúramach, deirtear.

Is anseo amháin a chloisfidh sibh uaim as seo amach, a léitheoirí, agus déanfaidh mé chuile iarracht gan aon duine, ná ainmhí, a mhaslú ná a ghortú le m’fhocail ann.

Mo chuimhne, tugaim faoi deara go dtagann cuairteoirí nua isteach ar mo bhlag, ó am go chéile, daoine a fhágann a gcuid hataí ar chrochadán mo bhlag - tá fearadh na fáilte romhaibh uilig, a chairde, agus táim buíoch as bhur gComhluadar anseo liom.

Wednesday, January 26, 2011

Beyoncé agus Bean Pháidín

Más rud go bhfuil sibh tinn tuirseach ag éisteacht le fadhbanna na tíre, is cuma sibh thall nó abhus, caithigí súil ar an bhfíseán seo, agus déanaigí dearmad ar gach rud eile, ar feadh scaithimh.

Táim buíoch de Liam Hart, duine de mo 'chairde' ar Facebook, as m'aird a tharraingt ar an gceangal, ahem, tábhachtach seo idir an dá chultúr.