Showing posts with label ceolchoirm. Show all posts
Showing posts with label ceolchoirm. Show all posts

Friday, March 7, 2014

Ceolchoirm i nDoire

Mar eolas daoibh, a chairde an cheoil thraidisiúnta, seo teachtaireacht a fuair mé inné, faoi cheolchoirm a bheidh ar siúl i nDoire an tseachtain seo chugainn,

'Beidh Oíche Cheoil Thraidisiúnta i Sandinos, Déardaoin, 13ú Márta, 9.30in le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Beidh 'Fadó' (Claire Nic Ruairí, Barry Mullan, Maria Maes) agus Cór an Ghrianáin i mbun ceoil ar an oíche agus beidh na hamhráin ar fad i nGaeilge!'

Mé féin a chuir isteach na naisc Idirlín atá aibhsithe sa teachtaireacht sin thuas, a léitheoirí - níl le déanamh agaibh ach cliceáil ar an nasc aibhsithe, agus gheobhaidh sibh eolas sa bhreis ar an ábhar sin. 

Thursday, March 6, 2014

Éigse an Spidéil 2014

Éigse an Spidéil ar siúl ón 5 Márta go dtí an Domhnach seo chugainn, 9 Márta, agus tá clár na n-imeachtaí le fáil anseo.  

Beidh Oscailt na hÉigse ann at 8:00 i.n. anocht, agus beidh Ceolchoirm ann ina dhiaidh sin, le 'Amhránaithe Sean-nóis Óga an Ghaelacadaimh ar an ardán le haghaidh mór-oíche ceoil agus amhránaíochta.'

Bainigí sult as an gcraic uilig, a chairde! 

Friday, November 8, 2013

Féile Na Nollag

Le cúpla seachtain anuas, bhí Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le lucht Ros na Rún, ar thóir amhráin - amhrán nuachumtha a bhí uatha, amhrán don Nollaig, mar a scríobh mé cheana

Bhí an comórtas amhránaíochta á reáchtáil acu le hairgead a bhailiú d'ionad nua Pieta House i dTuaim, ionad a bheidh ag oscailt go luath. 

Saoire sa Spáinn, agus €300, na duaiseanna a bhí le buachan, agus bhí deich n-amhrán san iomaíocht do na duaiseanna sin:

An Chéad Nollaig le Bairbre Ní Ghríofa, Sí an Nollaig Í le Feargal Ó Béarra, An Nollaig le Dara Ó Fatharta, An Nollaig Álainn Ó le Bairbre Uí Mhaolchiaráin, An Nollaig Mar Atá le Máirín Ní Dhomhnaill, Óiche Nollag i gConamara le Josie Mac Donncha, An Nollaig le Máirín Uí Fhlatharta, Oíche Nollag Mhór le Ellen Ní Chualáin, Nollaig le Pádraig Ó Maolaoidh, agus m'amhrán féin, Féile Na Nollag. 

Bhuel, le scéal gairid a dhéanamh de, seachas scéal an ghamhna bhuí, mar a déarfá, nach mé féin a bhain an comórtas, le m'amhrán Féile na Nollag, mar a fheicfidh sibh anseo. Clann Uí Mhaoileáin (Lorna, Laine, agus Eoghan, ón Aird Mhór/Bearna i gConamara) a chas an t-amhrán dom, agus is iad a bheidh á chasadh ag an gceolchoirm mhór i nGaillimh ar an 28 Samhain, áit a mbeidh lucht Ros na Rún agus Brian Kennedy i mbun siamsaíochta leo, ar mhaithe leis an gcarthanacht, Pieta House i dTuaim. Is féidir ticéid don cheolchoirm a cheannach i siopaí áitiúla, ar fud na Gaillimhe. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na moltóirí, Máire Pheter Uí Dhroighneáin (Ros na Rún), Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers) agus Colm Mac Séalaigh (Na Fíréin), agus leo siúd i Ros na Rún agus i Raidió na Gaeltachta, as an deis seo a thabhairt domsa, agus do Chlann Uí Mhaoileáin, bheith páirteach sa cheolchoirm iontach seo - maith sibh uilig! 

Feicfidh mé ann sibh, a chairde.


Friday, October 18, 2013

Amhrán Don Nollaig

Más rud go bhfuil amhrán nuachumtha scríofa agat, nó fonn ort ceann nua a chumadh, ceann a d'fheilfeadh mar amhrán don Nollaig, a léitheoir, tá deich lá eile fágtha agat le d'amhrán a chuir san áireamh don chomórtas atá á reáchtáil ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ardtráthnóna, ar Raidió na Gaeltachta, i gcomhar le lucht Ros na Rún, faoi láthair.

Tá na sonraí uilig le fáil anseo, áit a gcloisfidh sibh Cóilín Ó Scolaí, Maria Ní Ghríofa, Seán Ó hÉanaigh srl., ag labhairt faoin gceolchoirm (13.40) atá á reáchtáil acu don ionad nua, Pieta House i dTuaim, ionad a bheidh ag oscailt go luath. 

Cloisfear na sonraí faoin gcomórtas don amhrán nuachumtha (20.30) ansin, freisin, amhrán a bheidh le cloisteáil ag an gceolchoirm i gCathair na Gaillimhe ar an 28 Samhain, áit a mbeidh na haisteoirí agus foireann Ros na Rún i láthair, ag tacú leis an gcarthanacht iontach seo.

Más mian leat bheith páirteach, b'fhiú go mór duit peann a chur le pár, nó méar(a) a chur le méarchlár, agus d'amhrán a chumadh anois, agus a sheoladh, ar dhlúthdhíosca, chuig Máirtín ar Ardtráthnóna roimh an 28 Deireadh Fómhair, más féidir.  

Ar scáth a chéile...