Showing posts with label Barántas. Show all posts
Showing posts with label Barántas. Show all posts

Monday, October 13, 2025

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2025

Tá ár n-ócáid bhliantúil, An Chúirt Filíochta, ar ais linn arís agus, an geábh seo, beidh muid uilig ag tabhairt ár n-aghaidh agus ár ndánta i dtreo Bhéal Feirste, áit a mbeidh Oireachtas na Samhna ar siúl idir 29 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain.

Is ar an Satharn, 1 Samhain, ag 2:00in, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a bheas muid uilig ag bailiú le chéile le réabadh a dhéanamh aithris a dhéanamh ar na dánta a bheas cumtha againn don Chúirt.  

Mar is iondúil, beidh mé fhéin agus Bríd Ní Mhóráin ag crochadh thart, mar mhná tí, le súil a choinneáil ar Phroinsias dháileadh an Cognac, caviar agus cócaoin, agus, más gá, triail a bhaint astu roimh ré, ar mhaithe libhse, a chumadóirí; le bheith cinnte go bhfuil siad ar ardchaighdeán, an dtuigeann sibh.  

Beidh obair theicniúil le déanamh ag Proinsias Mac a'Bhaird, sirriam gníomhach agus eagraí na Cúirte, in am don ócáid, mar sin bheadh sé thar a bheith buíoch ach bhur gcuid dánta a fháil roimh an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair, chuig pmacabhaird ag gmail ponc com, sé sin, más mian leat do dhán/dhánta a bheith le feiceáil ar an scáileán agus tú i mbun aithrise. 

Ní gá cloí le téama nó téamaí an bharántais, ach iarrtar ort gan ach dán amháin nó dhá dhán ghairide a thabhairt leat, mar d'fhéadfadh cuid den lucht éisteachta titim ina gcodladh bheith ag dul chuig ócáid eile, agus beidh orainn cloí leis an am atá leagtha síos don Chúirt Filíochta ag lucht eagraithe an Oireachtais. Bíonn siad sách cantalach cúramach faoi chúrsaí ama, mar a thuigfeá, agus caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh am againn dul ar ragairne do na sólaistí, ag deireadh na Cúirte. Ár mbuíochas le Clár na Leabhar Gaeilge/Foras na Gaeilge as a gcuid urraíochta fialmhaire. 

Is ócáid shóisialta atá i gceist leis an gCúirt Filíochta, agus beidh fáilte roimh lucht éisteachta chomh maith le lucht aithrise. Cuirtear fáilte ar leith roimh fhilí nua, is cuma cén aois iad. Tá muid thar a bheith buíoch d'fhoireann an Oireachtais as a gcuid tacaíochta. Cuidíonn siad linn, chuile bhliain, croí na filíochta a choinneáil ag bualadh. 

Iarrtar oraibh, le bhur dtoil, Deasghnátha na Cúirte a léamh go cúramach, ar fhaitíos go mbeadh gá le breab aon cheist agaibh do na hoifigigh, roimh an gCúirt. 

Barántas


Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas
, ós tearc an éisteacht a thugtar don éigse, tá an domhan thoir agus an domhan thiar ar shiúl chun sioparnaí. Cuireann fáithe fealltacha cogair chalaoise i gcluas agus is minice bréag agus bladar á chluinstin ag pobal fulangach. Thairis sin, tugtar ár n-ógánaigh a thugann dúshlán ceoil ar ghéarleanúint agus cinedhíothú os comhair bhreithimh na nGall lena nglórthaí a chur ar ceal.

Be it known
, tá maorgacht ár mbratacha á chlaonadh, tá síocháin ár ndaoine á réabadh agus go bhfuiltear ag iarraidh beag a dhéanamh dár n-amhráin agus dár n achainíocha.

Whereas, tá ceithre chuid de Chúig Achadh Uisnigh ag roghnú ceann urra úr a labhrós ar a son. Cén dán molta a chumfaidh Éigse Éireann dár n-uachtarán nua agus cén chomhairle a chuirfear uirthi agus í ag iarraidh Críocha Fáil a mhuirniú agus threorú le go mbeidh dóchas agus rath ar a chlann?

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an chéad lá de mhí na Samhna i mBéal Feirste cois cuain ag 2.00 pm, maidir le bratacha, brúidiúlacht agus bearta dóchais.

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an dara lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Cúig.

                                                            PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                                               Sirriam (mall)ghníomhach

God Save The King!


Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá chuid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear lucht uabhair ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar LGFA Dhún na nGall, tacsaithe Bhéal Feirste ná Jim Gavin ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Cant, agus Gaelic Bhóthar na bhFál.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air sin mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a chuid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

Saturday, October 13, 2018

Oireachtas na Samhna 2018 - An Chúirt Filíochta

Tá Barántas na bliana seo faighte agam ó Shirriam Gníomhach na Cúirte, Proinsias Mac a'Bhaird, agus d'iarr sé orm an cuireadh a chraobhscaoileadh 'i measc filí na hÉireann,' rud atá á dhéanamh agam, anois, leis an mblagmhír seo. 

(Nuair a thagann ordú le haghaidh pionta ón Sirriam Gníomhach, caithfear a mhian a chomhlíonadh, bíodh a fhios agaibh!) 

Tá téama na bliana seo luaite sa Bharántas, thíos, a chairde. 

Mar is iondúil, beidh Bríd Ní Mhóráin agus mé féin i láthair le smacht súil a choinneáil oraibh, agus ar fhaitíos nach bhfuil sibh cinnte faoi, ahem, rialacha na Cúirte, a bhuí leis an Sirriam (Droch)ghníomhach é féin, is féidir libh iad a léamh ag bun na blagmhíre seo, faoin teideal Deasghnátha na Cúirte. Moltar duit iad a léamh agus gan aird ar bith a bheith, ahem, iontach dáiríre fúthu. 

Beidh an Chúirt ar siúl Dé Sathairn, 3 Samhain, ag 1.30 i.n. i Seomra Inis Faithleann, Óstán an Gleneagle i gCill Áirne; ag Oireachtas Iontach na Samhna, mar is iondúil agus, a bhuí le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge, beidh gloine fíona agus greim beag le hithe ar fáil do na rannpháirtithe, théis an imeachta. 

Aon duine agaibh atá ag iarraidh a bheith páirteach sa Chúirt Filíochta i mbliana, bheadh an Sirriam Gníomhach buíoch díbh ach é sin a chur in iúl dó roimh 1 Samhain;  agus cibé dán/dánta atá agaibh le haithris, más mian libh é/iad a bheith le feiceáil ar an scáileán mór ag an ócáid, an bhféadfadh sibh cóip leictreonach den dán a sheoladh chuige, roimh ré le bhur dtoil, ag pmacabhaird ag gmail ponc com. 

(Tá an fear bocht ag dul anonn in aois, an dtuigeann sibh, agus is maith leis am a bheith aige le praiseach a dhéanamh de rudaí a réiteach mar is ceart. Bíonn sé an-chantalach an-chúramach faoin ócáid seo, bíodh a fhios agaibh, agus bíonn an-jab ag Bríd agus agam féin srian a choinneáil air nithe a choinneáil ag imeacht, mar ba mhiste leis.)  

Táimid ag súil go mór le bhur gcomhluadar, a chairde!

Barántas 

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí! 

Whereas, is fada éigse Éireann ag saothrú an tseanchais agus ag soirbhiú saíocht ár sinsear, chosain sí eagna leis na cianta cairbreacha, bhain tuiscint aisti agus chuir ar fáil go macánta do mhaca Mhíle í. 

Be it known, fríd Éirinn na gceithre mbeann gur dual d’fhilí Inis Fáil a nglórthaí a ardú le fírinne a scaoileadh ar Ghael agus ar ghallóglach araon, le guth gaoise a thabhairt dóibh siúd ar easpa glóir. 

Whereas, tá foscadh gann anocht in Oileán na bhFionn, tá luachanna Chlann Fhódhla mar a bhí ag titim in éagruth agus tá an tsaint agus an tuaigneas chun tosaigh an athuair. Cén glór a thabharfaidh éigse na linne seo dóibh siúd atá ar an taobh amuigh? 

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an tSatharn, 3 Samhain ag 1.30 san iarnón, le do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh glórthaí, guthanna agus gealltanais. 

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an tríú lá dhéag de mhí Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a hOcht Déag. 

PROINSIAS MAC A’ BHAIRD 
Sirriam (Droch)ghníomhach 

God Save The King! 


Deasghnátha na Cúirte 

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte. 

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta, labhairt os ard agus a bheith sa tseomra cheart. 

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. 

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar bád Thoraí, an phleanáil teanga nó Dragons’ Den ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta. 

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisce agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard. 

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig na hAlban, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaeilge Thír Chonaill. 

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl]. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné. 

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte. 

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop. 

Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.