Showing posts with label Dennis. Show all posts
Showing posts with label Dennis. Show all posts

Tuesday, February 4, 2025

Bréagadóir

Rinne mé rún ag tús na bliana - bhí mé ag dul an cathú a sheachaint, ní raibh mé ag dul ag breathnú ina threo, ní bheinn ag iarraidh aon fhreagra a fhail uaidh, ní chreidfinn unsa uaidh. Bheadh suaimhneas agam i mo shaol, faoi dheireadh, a dúirt mé liom fhéin. Go dtí seo, tá ag éirí liom. An bhfuilim níos suaimhní? Táim. 

Blianta ó shin, chuir Dennis ceist orainne, scríbhneoirí na Gaeilge thall ar Twitter, cén Ghaeilge a bhí againn ar na scálaí sin ar a seasann duine lena meáchan a mheá. Sheol mise freagra ar ais ar an bpointe - bréagadóir. 

An rud faoin mbréagadóir, is féidir breathnú caol díreach san aghaidh air agus gheobhaidh tú toradh, ar an bpointe. Ach, an í an fhírinne atá sa mhéid atá á léamh agat? Má tá sé ag lagú, a chadhnra ag ídiú, mar shampla, ní féidir brath ar an bhfreagra, an féidir? An bréag atá ann mar sin? Bhuel, má tá an toradh ag titim isteach le mianta an léitheora, seans nach ea, bíodh sé fíor nó ná bíodh. 

Ní fhéadfainn a rá gur teoiric chomhcheilge atá ann, ar ndóigh. Níl intleacht dhaonna ag an scála. Níl ann ach córas, bealach le scéal a insint nó toradh a thabhairt, ag brath ar an meáchan a leagtar air. Ach, má tá an córas lag, mura bhfuil sé in ann an fhírinne a mheá mar is ceart, is faoin duine atá sé an toradh a mheas.

Creideann daoine an rud a thiteann isteach lena meon fhéin, go minic. Fiú más i ngan fhios dó fhéin atá sé sin ag tarlú, mura gcreideann duine an méid a léann sé, nó má chreideann sé chuile fhocal a léann sé, seans go bhfuil meon an duine sách solúbtha gur féidir é a lúbadh, bealach amháin nó bealach eile, le go dtite sé isteach lena meon fhéin. Beag beann ar an bhfírinne.


Thursday, February 14, 2019

Lá Fhéile Vailintín


Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.

Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo

Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.  

Friday, November 25, 2016

Comhábhair


An lá faoi dheireadh, chuir Dennis an t-oideas thuas ar fáil dúinn, thall ar an Twittersféar. Mar fheoilséantóir, bhí dúil agam ann (san oideas) ach bhí comhábhar nó dhó nach raibh agam.

Tharla sé go raibh An Garraíodóir san ollmhargadh ar maidin, nuair a chuimhnigh mé go raibh na comhábhair sin ag teastáil uaim. Sheol mé téacs chuige. Fuair mé freagra. Fuair seisean freagra, nó dhó. Fuair mise freagra. Nó, ceist, b'fhéidir. 

Mar a fheicfidh sibh, is léir go bhfuil comhábhar nó dhó eile atá riachtanach, nuair atá, ahem, téarma cúpla scór bliain curtha isteach agat leis an bpáirtí céanna:
...sea, a léitheoirí, siad na comhábhair sin ná réamheolas agus féith an ghrinn!

Monday, February 29, 2016

Mí an Mhárta

Is gearr uainn tús an Mhárta, agus ó tharla gur chuir Dennis ceist orm faoi sheanfhocail a bhaineann leis an mí ar leith seo...mí atá ar tí a cuid cantail a chur in iúl dúinn, más féidir brath ar fhianaise na haimsire anseo in Inis Eoghain ar maidin!...chuaigh mé ar thóir roinnt seanfhocal, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal 'Aimsear,'

Má thagann an Márta isteach mar leon, rachaidh sé amach mar uan. 

Má thagann an Márta isteach breá, rachaidh sé amach garbh. 

Márta garbh gaothach, Aibreán bog braonach, Bealtaine béalfhliuch. 

Márta tirim, tuar plandaí. 

Mallacht ghaoth ghágach na Márta.

Bíonn 'Máirtín Gágach' amuigh sa Márta. 

Deirtear, sa leabhar, go bhfágann 'an ghaoth fhuar ghéar gága ar chraiceann na lámh is na gcos: déantar 'Máirtín' as ainm na míosa.' 

Labhair mé, inniu, le mná ar m'aithne as Conamara, triúr acu, agus thug mé faoi deara go ndúirt an duine ba shine acu 'Mí an Mhárta' (tá sí os cionn cheithre scór), agus go ndúirt an bheirt eile 'Mí na Márta.' Bhí 'Máirtín Gágach' cloiste ag beirt acu, an duine b'óige (55+) agus an duine ba shine (80+), cé nach raibh sé cloiste ag an mbean i lár báire (65+). 

Bhí an bhean ba shine acu ag insint dom go mbíodh an aimsir an-fhuar go deo sa seanam, agus gur cuimhin léi na gága (agus an fhuil leo) ar chosa na ndaoine, ag teacht isteach ón bhfuacht, théis lá oibre ar an gcladach, nó áit éigin mar sin. Bhíodh 'triomach' ann, a dúirt sí, ach bhíodh 'sioc' ann, freisin, agus is 'ón bhfuacht' a tháinig na gága.

D'inis sí dom, chomh maith, go mbíodh sé de nós ag na daoine, an t-am sin, an mhóin fhliuch ón gcruach mhóna a chuir amach 'i lár an chnocáin' nó 'suas ar an gclaí' i Mí an Mhárta mar, deiridís, 'triomóidh an Márta í sin!'

An Márta a mharaíos daoine
Na Faoillí a mharíos caoirigh.

Ce nach raibh sí ar an eolas faoi 'Na Faoillí' a bheith mar ainm ar Mhí Feabhra, dúirt sí go mbíodh an mhí sin fliuch, ach go mbíodh Mí an Mhárta 'fuar agus tirim.' 

Ní bhíonn sé crua fuar go dtí an Sean-Mhárta.

Maidir leis an seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, tá sé scríofa 'Ní mhothaítear fuacht go dtí an t-earrach (nó deireadh Márta)'

Mo chuimhne, tá Mí na bhFaoillí (Mí na bhFaoilleach) beagnach caite. Tá lá sa bhreis againn an mhí seo, inniu mar a tharlaíonn sé, rud a fhágann gur bliain bhisigh atá ann i mbliana, agus tá pisreoga a bhaineann leis an mbliain bhisigh le léamh ar leathanach 11 den PDF seo ó Choláiste na hOllscoile Chorcaigh. 

Agus, ó tharla 'laethanta na bó riabhaí' ar an mbealach i Mí an Mhárta, freisin, is féidir leat mo bhlagmhír ar an ábhar sin a léamh anseo

Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


Sunday, December 9, 2012

Leigheas ar Dhiúltachas

Fiú mura mbím ag scríobh ar mo bhlag go rialta na laethanta Nollag seo, léim na blaganna eile, aon deis a fhaighim, mar is fánach an áit a bhfaighfeá smaoineamh, i mo thuairim féin, gan trácht ar eolas.   

Chonaic mé go raibh Dennis agus a thráchtairí ag roinnt oideas nó dhó linn le déanaí, oidis nach raibh agam an mhí seo caite nuair a bhí mé tinn le fliú fánach, faraor, ach tá na moltaí uilig, a roinneadh ar an mblagmhír sin, breactha síos agam anois, ar fhaitíos na bhfaitíos go dtiocfadh aon fhrídín fliú eile i mo threo an séasúr seo. Míle buíochas, a fheara!

Pé scéal é, agus mé i mo shuí anseo ar an tolg ar maidin, ag smaoineamh ar mo bheannachtaí, rith sé liom gur iomaí frídín ag Dia, agus go bhfuil ceann nó dhó acu ar m’aithne féin i.e. na daoine sin a bhíonn diúltach an t-am ar fad i.e. na daoine sin nach bhfeiceann dearfacht in aon áit.

Tá sé tugtha faoi deara agam nach bhfeiceann an duine diúltach dearfacht an tsaoil in aon chúinne dorcha, ná in aon scéal ná in aon scríbhinn, is cuma cén t-ádh atá air nó uirthi ina saol féin. Ídíonn an duine sin dearfacht an éisteora/léitheora, mar a bheadh súmaire ann, ag sú fhuil na dearfachta as cibé duine atá ina theannta.

Cibé scéal é, tá bealach faighte agam timpeall ar an bhfadhb/bhfrídín seo, agus táim chun m’oidis a roinnt libh, mar go bhfuil sé tugtha faoi deara agam go n-oibríonn sé, formhór an ama: mura bhfuil de rogha agat ach éisteacht leis an duine diúltach, sé sin le rá, mura bhfuil bealach éalaithe as a gcomhluadar agat, bhuel, a luaithe is a stopann siad ag caint, tosaigh tusa, a léitheoir, ag labhairt faoi nithe dearfacha an tsaoil.

Agus sibh á léamh seo, a léitheoirí, beidh cuid agaibh ag ceapadh nach n-oibreodh a leithéid de sheift go brách, ach oibríonn sé, mar nach maireann an duine diúltach gan diúltachas, agus is gearr go bhfágfaidh siad an áit nach bhfuil cluas na héisteachta diúltaí le fáil acu.

Roimhe sin, áfach, déanfaidh an diúlach diúltach chuile iarracht ar an scéal dearfach a dhéanamh diúltach, ach coinnigh tusa ort, a léitheoir, agus aimsigh ábhar dearfach áit éigin i do smaointe, agus cuir tríd an gcomhrá é, chuile sheans a fhaigheann tú. Fiú mura mbeidh ann ach ‘Is maith liom do gheansaí..,’ cuir tríd an gcomhrá é. Má leanann an diúltachas ar aghaidh, coinnigh tusa ort, a léitheoir, agus fiafraigh ‘Cár cheannaigh tú é..,’ nó ‘An maith leat milseáin..,’ – is cuma céard a déarfaidh tú, ach cuir stop leis an diúltachas, le do dhearfacht féin.

Maidin mhaith, a chairde, agus go n-éirí go geal libh!

Wednesday, May 16, 2012

Fadhb an Óil


Ó tharla Dennis ag scríobh faoin maitheas atá i ngloine fíona, má tá, cheap mé go mb’fhéidir gur mhaith libh fadhb na mná seo a fheiceáil, agus í ag iarraidh gloine fíona a fháil agus a ól!

Tuesday, February 1, 2011

Lá Fhéile Bríde

"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."

Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.

'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'


Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh -  agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.

Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’

Go mba hé daoibh, a léitheoirí!

Tuilleadh faoin bhféile ag Proinsias anseo, giota faoi Naomh Bríd í féin, ag Dennis anseo, agus tuilleadh eolais ó Róislín anseo.

Friday, January 14, 2011

Cá Bhfuil Muid?

D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha.  Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.

A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.

Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.  

Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,

‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…

agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,

‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’

Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?

Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail…