Showing posts with label comhrá. Show all posts
Showing posts with label comhrá. Show all posts

Saturday, April 8, 2023

Bearna Idirghlúine

Bhí mé i gcomhrá le cailín óg, ceithre bliana déag d’aois, le gairid. Bhí tuairimí láidre stuama ag an gcailín céanna ar go leor ábhar, agus ba léir dom gur duine í a raibh fios a graithe aici agus, freisin, go raibh a fhios aici cá raibh a triall. Labhair muid faoina hábhair scoile, faoi spórt, faoina cairde agus faoi chairdeas, faoi dhrugaí, faoi alcól, agus faoina haidhmeanna. Nuair a dúirt mé léi go raibh an saol níos féaráilte ar mhná na linne seo ná mar a bhíodh fadó, baineadh siar aisti. Why? a d’fhiafraigh sí.

D’inis mé di faoi na constaicí a bhí romhamsa agus roimh mo mháthair, ar phósadh dúinn, agus faoin gcaoi ar caitheadh le mná le blianta fada: an mhíchothromaíocht agus éagothroime a mhair maidir le vótáil, pá, íocaíochtaí leasa shóisialaigh srl. D’inis mé di faoin gcaoi ar caitheadh le mná sna Magdalene Laundries, sna tithe tábhairne, sa mbaile; gan cead ag mná seo nó siúd a dhéanamh, tús áite i gcónaí ag na fir agus cumhacht dá réir. Tá cearta ag mná anois nach raibh acu fadó, a dúirt mé léi. Ní raibh a fhios aici tada faoin sean-am sin. Chuala mé an focal Really! uaithi, go minic.

Nuair a bhí mise ag fás aníos, labhraíodh mo thuismitheoirí agus mo Mhamó liom faoin saol mar a bhíodh sé acusan. Thuig mé cé dár díobh mo dhream agus d’fhoghlaim mé faoin saol crua a bhíodh ag mná, ach go háirithe. Thuig mé, luath go leor i mo shaol, go raibh mná in áit na leathphingine, gan cearta acu mar ba chóir; iad coinnithe faoi chois ag rialtas agus ag eaglais.  Ar ndóigh, tá go leor dul chun cinn déanta, ach tá go leor fós le déanamh; ní do mhná amháin, ach sin scéal eile.

Na tuismitheoirí óga atá ag cailíní agus buachaillí óga an lae inniu, tá seans ann nach bhfuil siadsan ar an eolas faoin gcaoi ar caitheadh le mná na nglún romhaibh, murar fhoghlaim siad faoi óna sinsir nó ar scoil. Tá fiú chuile sheans ann nach dtuigeann siad an croitheadh a baineadh as an gcóras nuair a toghadh an chéad bhean riamh, Mary Robinson, ina hUachtarán ar an tír seo, 33 bliain ó shin.

De réir a chéile, d’fheabhsaigh rudaí do mhná, a bhuíochas sin leis na mná cróga misniúla a chuaigh romhainn ach, fós fhéin, leantar le nósanna, gan smaoineamh. Cé go bhfuil rogha acu anois, bíonn mná óga fós ag scaoileadh lena sloinnte ar phósadh dóibh agus, níos minice ná a mhalairt, sloinne an fhir amháin a thugtar do pháistí. Nuair a d’fhiafraigh mé den chailín óg an raibh sé sin tugtha faoi deara aici, ní raibh. What if, arsa mé fhéin léi, a pale skinned person was marrying a dark skinned person, and only the dark skinned person was expected to change surname? Well, a d’fhreagair sí, that wouldn’t be right, at all!

************************************

Foilsíodh an t-alt seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh, Súil Thart.' Seán Mór Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall eagarthóir an fhorlíonaidh. 

Friday, May 27, 2022

Cumarsáid

Tá sé cúig bliana déag ó thosaigh mise ag blagáil. Níl a fhios agam cá ndeachaigh an blag miseaine.blogs.ie a thosaigh mé i 2007, ach lean mé orm ón mblag sin ag scríobh blag eile faoin ainm céanna, ar blogspot, i 2009. Ansin, tharla sé seo, agus bhí orm bogadh arís. Táim anseo ó shin, ag rámhaillí liom ó am go chéile. 

Bhí fáth ar leith gur thosaigh mé ag blagáil, mar atá scríofa agam anseo, agus cé nach mbím ag scríobh leis an rialtacht chéanna is a bhínn, is maith liom ardán na blagála. 

Is tríd an mblag a chuir mé aithne ar bhlagálaithe eile, daoine lena ndéanaim cumarsáid go minic, go poiblí agus go pearsanta; an aidhm chéanna againn uilig, feictear dom - an Ghaeilge a choinneáil beo beathach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. 

Chaith mé súil ar bhlagrolla mo bhlag ar maidin (féach 'Comhbhlagálaithe') agus feicim go bhfuil cuid acu fós ag scríobh go rialta, cuid eile ó am go chéile, agus cuid eile nár scríobh aon cheo le dhá bhliain déag anuas. 

Seans, mar a scríobhadh sna tráchtanna ar mhír Bhreandáin Delap (Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.) san iris Beo! i 2011, go mbogann daoine go hardáin eile, nó go bhfuil siad le feiceáil ar ardáin eile; nuachtáin, irisí, na meáin agus na meáin shóisialta ina measc. Cibé scéal é, tá cumarsáid i gceist, agus is cumarsáid i nGaeilge í, an chuid is mó den am. 

Nuair a thosaigh mise amach mar bhlagálaí, ní raibh na hardáin Ghaeilge uilig thuasluaite ar fáil. Ní raibh foclóirí-ar-líne, aipeanna i nGaeilge agus a leithéidí, le fáil mar atá sa lá atá inniu ann. Chuir an t-idirlíon go mór lenár gcumas ár dteanga dhúchais a úsáid go rialta agus go héifeachtach, agus fiú mura n-aontaítear le gach a léitear agus a chloistear, tá sórt athbheochan eile 'béal le béal' faighte ag an nGaeilge le blianta beaga anuas, le cúnamh na n-áiseanna agus na n-ardán atá againn anois. 

Tugann an blag seo deis domsa tuairim/scéal/eolas a roinnt, ar mo bhealach fhéin, i m'am fhéin, i nGaeilge. Is maith ann aon ardán a thugann deis don teanga anáil a tharraingt. 

*****************

Mo chuimhne, comhghairdeachas ó chroí leis na daoine sin a chuir a n-anam lena dteanga agus a fuair, faoi dheireadh, cearta teanga do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Maith sibh!


Saturday, August 8, 2020

Comhrá le hÓgie

Is maith liom podchraoltaí. Tugann siad deis dom éisteacht leis na hagallaimh, comhráite agus cláir is fearr liom féin, cibé uair is mian liom. 

Ar m'fhón póca, tá an aip Podcast Republic agam, agus tógaim síntiús (in aisce) leis na cláir/podchraoltaí is fearr liom féin, le go mbeidh mé in ann theacht orthu, go rialta. Tagann na míreanna nua isteach, go huathoibríoch, agus roghnaím féin na míreanna ar mhian liom éisteacht leo. 

Bhí sé léite agam, ar tuairisc.ie, (a bhuí le chuala.me) go raibh podchraoladh nua ag teacht ar an bhfód, Comhrá le hÓgie, ina mbeadh Ógie Ó Céilleachair ag cur daoine, in Éirinn agus thar sáile, faoi agallamh. Bhí Tadhg Ó Foghlú ar an gcéad podchraoladh (mac le hÁine Uí Fhoghlú, rud nach raibh a fhios agam, go dtí gur chuala mé an t-agallamh) lena raibh mé ag éisteacht, ar maidin.  

Mura ndéanfaidh tú aon cheo eile an deireadh seachtaine seo, a léitheoir, mholfainn duit éisteacht leis an bpodchraoladh seo. Tá sé greannmhar in áiteanna, Tadhg agus Ógie ag gáire os ard leis an gcompord sin a tharlaíonn, go nádúrtha, nuair atá aithne mhaith ag daoine ar a chéile (d'fhreastail siad ar scoil lena chéile), agus bhí cuid de na scéalta a roinn Tadhg linn, faoin am a chaith sé san India, i mBanglaidéis, ar na hOileáin Fhilipíneacha, fíorshúimiúil ar fad - athionchollú, cantaireacht, moncaithe ag sciobadh rudaí, ag múineadh amhrán Diana Ross do na manaigh, cén fáth nach maraítear muiscítí, cén fáth nach gcuirtear striapacha ná páistí ach ar thaobh amháin den Ghainséis srl. 

Ach, is iad na nithe a d'inis sé dúinn faoina chuid ama le Muintir Róihinse, agus é ar cuairt ar an gcampa géibhinn i mBanglaidéis, a bhrisfeadh do chroí. Chaith Tadhg seal ag labhairt le leaid óg as Maenmar, leaid óg a chonaic rudaí nár chóir go bhfeicfeadh aon duine go brách. Tá sé deacair an cineál sin brúidiúileachta a chonaic sé a thuiscint, agus bhain sé siar asam, ag éisteacht leis. 

Má cheapann aon duine nach dtarlódh/nár tharla a leithéidí sa tír seo, riamh, is fiú na línte deireanacha ar leathanach 60 den leabhar 'Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal' a scríobh Tadhg Mac Dhonnagáin a léamh; agus, ar leathanach 150 den úrscéal Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin, tá cuir síos déanta ar eachtra 'ficseanúil' a tharla i mBéal Feirste sna fichidí - leideanna sa dá leabhar sin faoi chumas brúidiúlachta an duine, nó airm, a cheapann go bhfuil an 'ceart' acu na nithe a dhéanann siad a dhéanamh. 

Nuair a chuala mé Tadhg Ó Foghlú ag labhairt faoin méid a chuala sé ón leaid óg, smaoinigh mé ar na hailt a léigh mé ón dá leabhar sin. Tá smaointe ann nach féidir leat a fhágáil i do dhiaidh. Ní féidir tráma an fhir óig sin a shamhlú, ach chuaigh an fuacht go smior ionam ag éisteacht leis an méid a d'aithris Tadhg sa phodchraoladh. 

Maith iad Foras na Gaeilge a thug tacaíocht don tsraith seo. An-jab déanta ag Ógie, an-tuairisc faighte againn ó Thadhg. Táim ag súil, go mór, leis an gcuid eile den tsraith. 

Thursday, November 19, 2015

Lá Idirnáisiúnta na bhFear

Murach gur chaith mé súil ar Ghréasán An Ghiolctha (GAG), ar maidin, ní bheadh a fhios agam gurb é inniu Lá Idirnáisiúnta na bhFear (Linbh), ach sea, a léitheoirí; agus ó tharla mé iontach mór le go leor acu, chinn mé mo bheannachtaí a sheoladh ina dtreo, inniu...go maire sibh bhur lá mór speisíalta, a fheara, agus na 364 gach lá eile atá, agus a bheas, speisialta in bhur saol!

Ar aon nós, tharla sé gur chuir an lá mór seo comhrá i gcuimhne dom; comhrá a bhí agam le fear, mar a tharlaíonn sé, fear atá, fearacht na mná seo, ina fhocalghráthóir. Ach an oiread liom féin, tá sé de nós aige, nuair a chastar cainteoirí dúchasacha na Gaeilge air, focal nó dhó, Béarla agus Gaeilge, a phlé leo, le go bhfeictear an bhfuil aon fhocal dúchasach Gaeilge ann don fhocal ar leith sin. 

An geábh seo, sé an focal 'aerach' a bhí faoi chaibidil acu. Anois, sula dtéim níos faide le mo scéal fada, ba mhaith liom an méid seo a rá libh...daoibhse atá ar chomhaois liom féin, tuigfidh sibh, go maith, cén míniú atá leis an bhfocal sin ach, de réir mar a chloisim, tá míniú eile ann don fhocal sin anois, creid é nó ná creid; ceann nach raibh ann, agus mise ag fás aníos, fadó, fadó, fadó. 

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, thosaigh an comhrá caidéiseach, mar a leanas,

'Bhfuil aon fhocal dúchasach agat don fhocal sin 'aerach?' a d'fhiafraigh an focalghráthóir den chainteoir dúchasach.

'M'anam, ach sin ceist mhaith!' arsa an cainteoir dúchasach, agus a mhachnamh á dhéanamh aige. 

Tar éis dó píosa a chaitheamh ag cogaint na círe, bhreathnaigh sé go dúchasach díchéillí dícheallach ar an gceistitheoir, agus d'fhreagair,

'Fan na bhFear, b'fhéidir...'

Bhuel, caithfidh mé a rá, a léitheoirí, gur baineadh geit asam féin, nuair a chuala mé an méid sin, mar is cosúil go bhfuilim aerach ó rugadh mé, agus ní raibh a fhios agam é! 

Bíodh lá maith agaibh, a fheara..:-) 

Friday, July 31, 2015

Tabhair Dom Cáca Milis!

Faoin am a léifidh sibh an mhír seo, a léitheoirí, beidh an chóisir thart. 

Ní fhéadfainn scríobh fúithi, mar chóisir, roimhe seo, ó tharla gur surprise party a bhí ann, agus ní raibh an ceathrar, a bhí ag ceiliúradh a mbreithlá, ar an eolas faoin gcóisir...léann beirt acu an blag seo, agus, ahem, bhí orm a bheith cúramach, mar a thuigfeá.

Pé scéal é, fúmsa a bhí sé cáca an cheathrair a ordú agus a thabhairt chun cóisire. Ó tharla lá breithe acu uilig ar an lá céanna, agus aoiseanna éagsúla acu uilig - beirt le Gaeilge líofa, an bheirt eile ‘s gan acu ach focal nó dhó - bhí orm dianmhachnamh a dhéanamh ar an mbeannacht a bhí le cur ar an gcáca: ‘Happy Birthday Sibh Uilig!’ a bhí mar thoradh ar an dianmhachnamh sin. Cuimsitheach, nach bhfuil!

Le scéal fada a dhéanamh níos faide, agus ar fhaitíos go bhfuil cuid agaibh nach bhfuil ar an eolas faoi theicneolaíocht-nua-na-gcácaí, is féidir pictiúir nó dhó a chur ar cháca, na laethanta nua-aoiseacha seo, chomh maith le beannacht. Thosaigh mé ag tochailt i mbosca na bpictiúr atá agam, agus tháinig mé ar dhá phictiúr…ceann den lánúin le chéile, agus ceann den bheirt eile, ar col-ceathracha iad, le chéile. 

Leis an dá ghrianghraf i mo ghlac agam, isteach liom chuig an ollmhargadh áitiúil, i nGalltacht, le cáca a ordú…ní báicéir mise, an dtuigeann sibh…agus seo mar a chuaigh an comhrá, a bheag nó a mhór, idir mé féin agus an freastalaí,

MÁ:  Can you put these two pictures on a birthday cake for me?

F:      No problem, but the pictures will look smaller…is that okay?

MÁ:   Fine. But, I want a greeting on the cake, also; half in English, and half in Irish, is that possible?

F:      Of course, but you’ll have to spell it for me...my Irish wouldn't be the best...

MÁ:   No problem, it’s ‘Happy Birthday Sibh Uilig!’

Thosaigh an freastalaí ag scríobh, ‘H-a-p-p-y B-i-r-t-h-d-a-y’…

F:      You’d best spell the rest for me…

MÁ:   ‘Sibh’ is one word, S-i-b-h…

Scríobh an freastalaí an méid sin, taobh leis an ‘Happy Birthday,’ de réir mar a bhí mé féin á litriú,

MÁ:  Now, the next one is U-i-l-i-g…

Scríobh an freastalaí U-i-l-i-g, taobh leis an ‘Happy Birthday Sibh’ go dtí go raibh an bheannacht ‘Happy Birthday Sibh Uilig’ scríofa, díreach mar a litrigh mé í,

MÁ:  That’s perfect! Do I pay you now, or when the cake is ready for collection?

F:      Don’t you want to put the other two names on it!?

‘Ah, uh, umm...no thanks…’ arsa mé féin, ‘…that’ll do fine.’

Ní múinteoir mise, an dtuigeann sibh.



Tuesday, November 13, 2012

Téigh ag Feadaíl?

Ag feadaíl uirthi/air, nó ag ligean fead uirthi/air, nó ag ligean fead ghlaice air/uirthi, na leaganacha cainte a bheadh le cloisteáil thiar i gConamara, chomh fada agus is eol dom, dá mbeadh aon wolf-whistle-áil á déanamh ag fear nó bean thiar ann.

Anois, tá sé blianta fada ó chuala mé féin aon duine ag ligean fead orm, ach cloisim feadaíl ag an mbiongó, ó am go chéile, am ar bith a scairtear amach an uimhir legs eleven, abair.  Ar ndóigh, d’fhéadfadh na legs chéanna a bheith ar fhear nó ar bhean, mar sin, bíonn na fir agus na mná araon ag feadaíl – tá’n comhionannas beo beathach ag an mbiongó, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, cail mé ag dul leis an rámhaille seo, arsa sibh féin libh féin, a léitheoirí, agus inseoidh mé daoibh anois díreach– is rabhadh atá sa mhír seo. Rabhadh agus rámhaille in aon mhír amháin – tá sibh millte agam!

Ar aon nós, seo an rabhadh – más fear thú, caithfidh tú stop a chur leis an wolf-whistle-áil sin anois díreach, nó b’fhéidir go mbeadh do phictiúr/d’ainm curtha ar shuíomh idirlín Hollaback na tíre seo, suíomh idirlín a bheas beo ón naoú lá déag den mhí seo, más fíor an méid a chuala mé ar chlár Ryan Tubridy inniu (11.14 go 39.10 nóiméad).

Aimee Doyle, duine de bhunaitheoirí an tsuímh, a bhí ag labhairt le Ryan ar an gclár, agus bhí éisteoir nó dhó ag roinnt a gcuid tuairimí, freisin. Is fiú éisteacht leo uilig, ceapaim féin:  an ‘street harassment’ nó ‘a load of cobblers’ atá i gceist; an córas ‘name and shame’ nó córas ‘draconian’ atá i gceist?

Cibé bhur mbarúil, seans go dtabharfaidh an comhrá, agus Hollaback, ábhar machnaimh dúinn uilig, a léitheoirí. 

Saturday, November 3, 2012

Oireachtas na Samhna 2012


Mothaím go bhfuilim i mo strainséir ar mo bhlag na laethanta seo, a léitheoirí, ach táim gnóthach, an dtuigeann sibh.

Tá cuairteoirí anseo i gCeann Scríbe ó bhí an Satharn seo caite ann, agus bím ar an mbóthar go Leitir Ceanainn, chuig Oireachtas na Samhna, luath chuile mhaidin ó thosaigh na himeachtaí; gan fáil agam ar mo ríomhaire, go dtí nach mbíonn uaim ach titim isteach i mo leaba, agus codladh na hoíche a tharraingt chugam féin.  

Ar ndóigh, ní féidir an dá thrá a fhreastal, agus feicim, ó liosta mo chomhbhlagálaithe thall ansin ar dheis, nach bhfuil siadsan díomhaoin, go deimhin. Beidh deis agam a míreanna uilig a léamh an tseachtain seo chugainn, agus b’fhéidir go mbeadh focal nó dhó le roinnt agam libh faoin Oireachtas, nuair a fhillfidh mé.  

Caithfidh mé bóthar a bhualadh anois, a chairde, mar go mbeidh an Scéalaíocht agus Agallamh Beirte & Sceitse srl., ag tosú luath go leor ar maidin, agus beidh dán nó dhó le haithris agam ag an gCúirt Filíochta ar ball.

Ina dhiaidh sin, beidh na Príomhchomórtais Rince Aonair romham, agus críochnóidh mo lá le Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós – Corn Uí Riada. Aoibhneas! ♫♪♫♪♫♫♫♪

Ná bígí uaigneach i m’uireasa, a léitheoirí. Beidh mé ar ais libh gan mhoill.