Showing posts with label Aonghus. Show all posts

Thursday, February 14, 2019
Lá Fhéile Vailintín
Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.
Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo.
Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.
Wednesday, May 25, 2016
In Aois na hAibíochta?
Ó am go chéile, ritheann sé liom go bhfuilim ag dul anonn in aois. Amanntaí eile, bím den bharúil go mb'fhéidir go bhfuilim curtha soir, agus amach sna blianta, ag aimhréidh an tsaoil.
Tá an saol de shíor ag athrú, mar is eol daoibh, a léitheoirí. Tá sé deacair cloigeann ná cos a choinneáil leis an gcraic uilig. Ach, déanaim iarracht bheith ar an eolas faoi chúrsaí an tsaoil, agus déanaim iarracht sibhse a choinneáil ar an eolas faoi na nithe sin nach bhfuil/raibh ar eolas agam. Déanaim é sin, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh aon duine agaibhse chomh haineolach liomsa, an dtuigeann sibh.
Faraor, tá corr rud a sciorrann tharam, i ngan fhios dom.
Roinnt blianta ó shin - am nach raibh mé chomh gar sin do na trí scóir is atáim anois, ach am a raibh na páistí tógtha agam, agus deis agam suí ar mo sháimhín só i bpub i mBaile Átha Cliath, ag labhairt le duine nó dhó a cuireadh ar m'aithne tríd an mblag seo - bhí, ahem, deoch nó dhó ólta agam, agus sheol mé féinpic chuig m'iníon, An Bhean Neamhspleách, bean a bhí ag cur fúithi i Londain ag an am.
'You look like Gollum!'
...an téacs a sheol sí ar ais chugam. Rinne me googláil ar 'Gollum images' go bhfeicfinn cén sórt boicín é an Gollum seo, boc nach raibh ar m'aithne agam. Nuair a chonaic mé mo leathchúpla, d'inis mé scéal na dtéacsanna don lucht dí i mo chomhluadar.
'Ba chuma liom...' arsa mé fhéin leo, '...ach níl aon aithne a'msa ar Ghollum, mar nach bhfaca mé Star Wars riamh i mo shaol!'
Tá siad fós ag gáirí fúm. Rinne mé tuilleadh googlála ar an ábhar ina dhiaidh sin, mar a thuigfeá. Níl Star Wars feicthe fós agam. Ná Lord of the Rings. Aiféala orm faoi sin, a lucht Sci-Fi!
Ar maidin, chonaic mé tvúit ó Aonghus, thall ar Twitter,
'Ná bac le mac a' Wookie is ní bhacfaidh mac a' Wookie leat...' a bhí cumtha aige.
Ar fhaitíos na bhfaitíos gur chaill sibh an scéal, a léitheoirí, rinne mé googláil ar Wookie, ar ár son. Mar eolas daoibh, tá ní darbh ainm Chewbacca ina Wookie... tá, ahem, seisean in Star Wars, freisin, is cosúil.
Is ait an mac an saol, ach táim ag foghlaim liom. Anois, ná bíodh sé le rá ag aon duine agaibh, a léitheoirí, nach bhfuilim do bhur gcoinneáil ar an eolas faoi, ahem, nithe tábhachtacha an tsaoil.

Monday, April 11, 2016
Smaointe ag Rith
'Life is too short to wake up with regrets. So love the people who treat you right and forget about the ones who don't.'
Is ar Twitter a bhí mé ar maidin, nuair a chonaic mé an t-athfhriotal thuas, athfhriotal a tháinig ó @WomenOfHistory, via @Tuigim. Táim den bharúil gur ó fhear a tháinig an t-athfhriotal, ar dtús, ach sin scéal eile, nach mbaineann leis an scéal seo. Ceapaim.
Pé scéal é, chuir an t-athfhriotal sin athfhriotal eile i gcuimhne domsa, ceann a chuala mé ó bhean chliste roinnt blianta ó shin, ceann a chum sí óna dúchas féin, agus í ag labhairt liom, le nádúr carad agus comhairleora,
Ná glan ach tóin an té a ghlanfadh do thóin duit.
Chinn mé an t-athfhriotal a roinnt ar mo chuntas féin thall ar Twitter agus, dá thoradh sin, thosaigh trácht nó dhó idir mé fhéin agus @uathachas agus @aonghusoha. Is féidir libh, más mian libh, na tráchtanna sin a léamh anseo.
Ar aon nós, thosaigh mo smaointe ag rith, siar ar bhóithrín na smaointe. Roinnt blianta ó shin, roinn mé athfhriotal na mná cliste le cara eile liom, agus an bhfuil a fhios agaibh céard a dúirt sí liom,
'Honestly, Áine, I don't think I could personally wipe your ass if it needed wiping... but I wouldn't leave you in that state - I'd pay somebody to do it!'
Agus, tuigim a cás...ina bealach féin, ní fhágfadh sí cara san fhaopach, agus sin, ahem, bun agus barr an scéil agus na fealsúnachta. I bhfocail an fhir chliste a chum an leagan nua dom ar maidin,
Ní grá go glanadh tóna.
Mar sin, is fearr comhluadar a choinneáil leis na daoine a 'who treat you right' agus 'forget about the ones who don't' is dócha. Lón machnaimh daoibh, ar maidin, a chairde.

Sunday, August 25, 2013
Focail Féilire
Labhair go réidh, smaointe faoi réir.
Talk slowly but think quickly.
An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ar m'fhéilire deisce.
Nílim céad faoin gcéad cinnte an ón mbíobla a tháinig an leagan Béarla ar dtús, ach bhí mé ag útamáil thart ar an idirlíon ar maidin agus tháinig mé ar an leagan Béarla anseo faoi Cowboy Quotes. Tá athfhriotail shuimiúla eile na mbuachaillí bó le léamh ar an suíomh sin, a léitheoirí, agus ní dóigh liom gur, ahem, caimiléireacht ach comhairliú atá i gceist le formhór mór acu.
Is maith liom an ceann 'don't squat with your spurs on.' Tháinig mé ar an leagan Gaeilge seo a leanas sa leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Comhairle, agus sí mo bharúil féin ná go bhfeileann an seanfhocal seo don athfhriotal Béarla sin thuas:
'Fainic na biríní géara,' a deireadh an púca agus é seo ag imeacht ar a dhroim.
.i. É féin á stróiceadh ag na driseacha.
Mo chuimhne, feicim go bhfuil Graifítí an Lae le léamh thall ar an mblag Rogha Gabriel anois - anonn libh, a chairde, agus bainigí sult astu!
Jab maith á dhéanamh ar an suíomh sin ag Gabriel Rosenstock, agus ag Aonghus, éascaitheoir an tsuímh. Maith sibh, a fheara!

Monday, November 12, 2012
Oireachtas na Samhna 2012; Léacht: An Ríomhlóid Abú!
Bhí mé ag tnúth go mór leis an léacht seo le Ciarán Ó Bréartúin, Innealtóir agus Bainisteoir le www.durud.ie, cuideachta atá, mar a deirtear ar an suíomh idirlín úd, ‘gafa le cursaí ríomhaireachta, go háirithe sa Ghaeilge.’
Cúpla bliain ó shin, am ar casadh Aonghus agus Micilín orm den chéad uair freisin, bhí Ciarán inár gcuideachta, agus bhí mé an-tógtha leis na smaointe ceannródaíocha a roinn sé liom ag an am. Mar sin, bhí mé ag súil go mór leis an léacht seo, ní hamháin le go mbeinn in ann éisteacht leis an dul chun cinn atá déanta aige, agus ag cuideachta dúrud, in earnáil ríomhaireachta na Gaeilge, ach le deis a fháil mo bhuíochas a ghabháil leis féin, agus leis an Dr. Kevin Scannell (fear a bhí ina aoi speisialta ag an léacht) as an obair éachtach atá déanta acu in earnáil na Gaeilge le blianta anuas.
Go deimhin, is ceannródaí eile i réimse na teicneolaíochta é Kevin Scannell; fear uasal ag a bhfuil dul chun cinn nach beag déanta aige féin in earnáil na Gaeilge: cláir, bogearraí, litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach, chomh maith le háiseanna eile na ríomhaireachta gaelaí forbartha aige.
Ar ndóigh, is dócha gur faoinár gcúram féin atá sé, a
léitheoirí, úsáid a bhaint as na háiseanna sin atá ar fáil anois (sonraí
thíosluaite) le go dtarlóidh an dul chun cinn atá luaite ar shuíomh dúrud, sé sin go ‘…cruthaítear iliomad féidearthachtaí gnó, mar bíonn gá le seirbhísí agus le táirgí sa teanga áirithe sin..’
Tá leaganacha Gaeilge de gach saghas feidhmchlár
ríomhaireachta curtha ar fáil ag foireann dúrud, le go mbeidh tusa agus mise, a
léitheoir, in ann ‘cuma agus dealramh ag gléas nó ag feidhmchlár a athrú sa chaoi is go n-oireann sé do thír nó do chultúr áirithe.’
Ar ndóigh, mhol Ciarán an Céim ar Chéim sin nuair a luaigh
mé féin, ag an léacht, nach raibh mórán ar eolas agam faoi chúrsaí
ríomhaireachta ach, ar fhaitíos amhras orm agus mé i mbun an phróisis amach
anseo, thairg Séamus Ó Briain, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na
hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, fear a bhí i gcuideachta Chiaráin
agus Khevin ag an léacht, go mbeadh sé breá sásta cúnamh agus comhairle a
thabhairt, dá mbeadh sé ag teastáil.
Anois, a léitheoirí, is léir nach bhfuil leithscéal ar bith
ag aon duine againn gan tabhairt faoin bpróiseas seo, agus ár ríomhairí a Ghaelú; ní ar mhaithe linn féin amháin, ach ar mhaithe leis an teanga, cheapfainn, agus le
go mbeidh sé le feiceáil ag na comhlachtaí móra, atá ag feidhmiú in earnáil na
teicneolaíochta agus ríomhaireachta, go bhfuil gá le seirbhísí agus táirgí trí
Ghaeilge, rud a chuideodh le geilleagar na tíre - tá tábhacht nach beag ag
baint lena leithéidí sin, más buan mo thuiscint ó léacht Chiaráin.
Mo chuimhne, ní hamháin go bhfuil áiseanna mar GoogleSearch,
Mozilla Firefox, Tux Paint (cluichí do pháistí), Thunderbird, Rainlender
(féilire), Toporopa (clár tíreolais), LibreOffice (clár cosúil le MS Office),
Litreoir do LibreOffice, Vicipéid, Facebook, Microsoft Office, Windows XP agus
Windows 7, Audacity agus Workwave, uilig le fáil as Gaeilge, agus eolas fúthu le fáil ar shuíomh www.nascanna.com, gan trácht ar na
háiseanna iontacha atá le fáil don scríbhneoir ag www.scriobh.ie agus don aistritheoir ag www.aistear.ie, nó don chainteoir ag www.abair.tcd.ie, d’inis an Dr. Scannell dúinn, ag
deireadh na léachta, faoin gcóras nua tuarthéacscála as Gaeilge atá forbartha
aige, i gcomhoibriú le Michael Bauer as Albain, agus atá ar fáil anois ar
Android do d’fhón póca – Adaptxt. Fear
gnóthach cumasach é Kevin Scannell, gan dabht.
A bhuí leis na daoine uilig atá ag obair go dian in earnáil
na Gaeilge, daoine cosúil le Ciarán agus le Kevin, daoine agus foirne éagsúla eile, mar shampla, a chuireann leithéidí focal.ie, acmhainn.ie, potafocal.com, sengoídelc.com, focloirfein.com, cruinneog.com srl., inár láthair, tá fáil againn ar na
háiseanna a chuidíonn linn, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Is fúinne atá sé iad a úsáid.
An Ríomhlóid Abú!
Friday, January 14, 2011
Cá Bhfuil Muid?
D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha. Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.
‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…’
agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,
‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’
Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?
Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail…
A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.
Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.
Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,
‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…’
agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,
‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’
Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?
Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail…
Subscribe to:
Posts (Atom)