Showing posts with label cluiche. Show all posts
Showing posts with label cluiche. Show all posts

Saturday, February 8, 2014

Aimsir Chrua...

                                       ...tráth a mbíonn an cat in aice na tine.

Seanfhocal é sin ón leabhar Seanfhocla Chonnacht - is léir nach raibh suim dá laghad ag Sióg s'againne sa chluiche, cluiche a bhain leaids s'againne, gan stró ar bith, inniu. Wúhú! 

Seanfhocal nó dhó eile, as an leabhar céanna,

Mara dtaitníonn an  drochaimsir leat, is é a bhfuil de leigheas agat air, déan thú féin níos fearr í. (Aimsear)

Tagann sé gan cuireadh gan iarraidh, ar nós na drochaimsire. (Aimsear)

Tá sé chuile áit, mar an drochaimsir. (Aimsear)

Is olc an t-éan a bhíos i gcrann lá fliuch. (Faillí)


Sunday, September 22, 2013

Fód Dúchais

Carr a chonaic mé i mBaile An Róba an tseachtain seo caite. 

Cé gur, ahem, Cailín na Gaillimhe mé féin, phós mé fear as Maigh Eo, b'as Maigh Eo do m'athair, agus do mo sheanmháthair ar thaobh mo mháthar, (gan trácht ar na mílte gaolta atá agam i dTuar Mhic Éadaigh!) mar sin, ar fhaitíos aon dabht ann faoi mo chuid dílseachta, tá mo chosa fódaithe sa talamh le dream Mhaigh Eo inniu - Maigh Eo abú!

Bainígí sult as Domhnach na Peile, a léitheoirí.

Thursday, September 27, 2012

Wúhúps!


Thosaigh sé mar gháir mholta, an cineál wúhú! sin a ligeann duine uaidh, go nádúrtha, nuair a tharlaíonn rud a chuireann fonn wúhúáil air nó uirthi;

rud cosúil leis an gcéad chúl sin a chiceáil Michael Murphy, captaen fhoireann Dhún na nGall, isteach san eangach, Dé Domhnaigh seo caite;   

ach, chríochnaigh sé ina gháir dhearmaid, an cineál úps! sin a ligeann bean uaithi, go nádúrtha, nuair a mheabhraíonn sí go mba chóir di, mar Chonnachtach atá, ahem, ina suí ar tholg in éineacht le fear as Maigh Eo, go mba chóir di bheith, abair, rúinín beag diomúch faoin gcúl sin.

Sea, bhí mé idir dhá stól, a léitheoirí, ag iarraidh go n-éireodh go maith leis an dá thaobh, an dtuigeann sibh, agus cé go raibh mé díomách nuair a chaill Maigh Eo, bhí áthas an domhain orm nuair a bhuaigh Dún na nGall. 

Wúhúps?

Sea, bhí mé ar an gclaí, a léitheoirí, ach ar fhaitíos aon amhras oraibh faoi cá mbeidh mo chuid tacaíochta ag dul Dé Domhnaigh seo chugainn, beidh sí le Gaillimh, agus le Gaillimh amháin.

Mar a tharlaíonn sé, beidh mé ar eitleáin ag am na himeartha, agus diabhal mórán a fhéadaim a dhéanamh faoi sin, mar go raibh na socruithe taistil déanta agam sular chinn Gaillimh go bhfanfadh siad tamaillín eile sula dtabharfaidh siad Liam siar abhaile leo.

Beidh mé ar ais libh gan mhoill, a chairde. Idir an dá linn, níl le rá agam ach…

…Gaillimh Abú! 

Saturday, September 22, 2012

Sunday, September 9, 2012

Cailín na Gaillimhe!

Ar fhaitíos nach bhfuil a fhios agaibh cén fhoireann lena mbeidh mé ag tacú inniu, a léitheoirí, beidh mé ag súil le toradh eile, cosúil leis an gceann seo.
Gaillimh Abú!
Níl ach cat amháin a fhaigheann mo thacaíocht sa teach seo.

Aguisín (17:11 i.n) 

Gaillimh 2-13  Cill Chainnigh 0-19

Ah bhuel...beidh lá eile ag an bPaorach..;-)

Sunday, September 2, 2012

Maigh Eo -v- Baile Átha Cliath



Cé nach mbeidh An Garraíodóir ag an gcluiche inniu, is léir ó na bratacha thuas, atá ar foluain taobh amuigh de Cheann Scríbe, cén fhoireann lena mbeimid ag tacú sa teach seo. Inniu, pé scéal é.

Dar le Conor Heneghan ar JOE.ie, 

‘Mayo might be underdogs but if they can come through that particular test unscathed, they'll be hard to stop.’

B’fhéidir nach bhfaca sé Dún na nGall ag imirt an lá cheana

Monday, September 26, 2011

Banláidreacht

Ní raibh mé in ann theacht ar aon leagan Gaeilge de na scéalta seo a leanas, agus níor mhaith liom an lá a ligean tharam, gan na mná seo thíos a lua:

Mná na hEorpa, a bhuaigh The Solheim Cup sa ghalf, in Éirinn, ag an deireadh seachtaine.

Mná Chorcaí, a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear na hÉireann i bPeil na mBan (TG4) inné.

Mná na hAraibe Sádaí, a fuair cead vótála, faoi dheireadh. Is fearr go deireanach ná go brách, is dócha, fiú más rud é go raibh ar na mná fanacht le cinneadh ón Rí Abdulladh, fear a chinn ‘that a study of Muslim history had shown that women were capable of rational thinking and decision making.’ Bhabha! An méid sin ráite, níl cead acu carr a thiomáint fós.

An bhfuil aon suíomh, ó na meáin Ghaeilge, ar a bhfuil scéalta reatha, fearacht na cinn thuasluaite, le fáil go rialta, a léitheoirí?

Monday, September 19, 2011

Míreanna Meara

Cé go raibh daoine ann a cheap go mbeadh an bua ag Ciarraí, bhí sé soiléir ó thús an chluiche, cheap mé féin, go raibh Baile Átha Cliath ní ba láidre, nó, b’fhéidir, ní ba thiomanta ar an lá. Pé scéal é, bhí an bua ag Baile Átha Cliath, agus tréaslaím leis an bhfoireann, agus lena lucht taca.

Agus, más rud nach raibh tú in ann do shúile a bhaint de scáileán na teilifíse nuair a bhí greadadh breá Gaelach á thabhairt d’fhoireann rugbaí na hAstráile, tuigim do chás, a léitheoir. Chuir sé ríméad orm ag breathnú ar na leaids, agus is dóigh liom nach mé an t-aon duine amháin a mhothaigh mar sin Dé Sathairn.

Ach, tá Gael láidir cróga eile i mo smaointe le lá nó dhó, agus sin í Meadhbh McGivern. Go n-éirí go geal léi, agus í ag teacht chuici féin óna hobráid mhór. Go dtaga sí abhaile, slán sláintiúil, go luath. 

Friday, September 16, 2011

An Uachtaránacht

Bíodh sé ina chamghaoth nó ina ghaoth mhór, ach tá an ghaoth, agus an teas, ag éirí faoi rás na huachtaránachta, feictear dom.

Beidh David Norris, fear a tharraing aird an domhain air féin, ach a d’imigh as an iomaíocht ní ba luaithe, beidh sé ar an Late Late Show anocht, agus táthar den bharúil go mbeidh sé ag teacht ar ais san iomaíocht.

Tá cluiche lúrapóg lárapóg á imirt ag Sinn Féin, agus ní bheidh a fhios againn, go dtí ar ball, an mbeidh Michelle, Mickey, nó Martin ag dul san iomaíocht, nó, an bhfuil duine éigin eile i bhfolach acu, áit éigin. Tá an páirtí féin ar an eolas, deirtear, ach caithfimis fanacht ar sceitheadh an rúin sin uathu.

Maidir le Fianna Fáil, nílim róchinnte an bhfuil cluiche folach bíog á imirt ag Mícheál Martin agus a chomhghleacaithe, ach anois is arís, feictear duine amháin, ansin feictear duine eile, agus anois, tá Labhrás á thaispeáint féin dá cheannaire. B’fhéidir nach bhfuil Mícheál bocht rómhaith ag coinneáil greama ar dhaoine ina pháirtí, nó, b’fhéidir nach bhfuil na rialacha uilig ar eolas ag an bpáirtí fós. Cé ag a bhfuil a fhios, mura bhfuil a fhios ag Mícheál é féin é.

Sa chúlra, agus iad ag obair leo go dícheallach, shílfeá, tá Gay Mitchell (Fine Gael), Michael D. Higgins (Lucht Oibre), Mary Davis (Neamhspleách) agus Seán Gallagher (Neamhspleách). An bhfuil an rás rite ag duine acu siúd cheana, meas tú, nó an bhfuil duine éigin eile le teacht isteach sa rás, fós? Beidh le feiceáil, a chairde.

Idir an dá linn, bainigí sult as an gcluiche, a léitheoirí.

Monday, June 20, 2011

Faoi Lánseol!

D’fhán mé i mo shuí, ag breathnú air, cé nár thuig mé, go hiomlán, céard a bhí ag dul ar aghaidh. Má chuir mé ceist amháin, chuir mé céad ceist. Bhí An Garraíodóir foighneach. D’fhreagair sé na ceisteanna, ceann i ndiaidh a chéile.

Ach, níor bhain sé a shúile den teilifís.  Bhí corr ‘Yaboyya!’ i lár na bhfreagraí, mar aon le ‘He has it!’ agus ‘There’s no stopping him now!’ Bhí an ceart aige.

Cé nach bhfuil leid dá laghad agam faoin gcluiche, tá a fhios agam go raibh mé i mo shuí sa seomra suite aréir, ag foghlaim faoi chluiche nach dtuigim, ag breathnú ar fhear óg uasal ag treabhadh leis, gan stró, shílfeá, agus tá a fhios agam gur mhothaigh mé iontach bródúil as an Éireannach a thug leis trófaí an U.S.Open aréir. 

Nár laga do swing go deo, a Rory McIlroy! 

Thursday, March 10, 2011

Irish Blog Awards 2011

Sin thuas na blagálaithe Gaeilge ar éirigh leo áit a fháil ar an liosta ceannais do na Irish Blog Awards 2011, sa rannóg faoin teideal. ‘Use of the Irish Language in a Blog’.

Bhí Rámhaille agus dinglenews.org, ainmnithe freisin, ach níor éirigh leo áit a fháil ar an liosta thuas. Sin mar atá an scéal, agus tréaslaím ó chroí leo siúd ar éirigh leo áit a fháil.

Mo chuimhne, táim buíoch den té a chuir Rámhaille san áireamh sa chéad dul amach - go raibh maith agat, a chara, cibé thú féin!

Beidh na duaiseanna á mbronnadh san Europa Hotel, i mBéal Feirste, ar an 19 Márta, agus is féidir leat d’áit a chlárú anseo, más mian leat bheith i láthair ag an ócáid.  

Feicim, agus tá áthas orm é a fheiceáil, go bhfuil áit faighte ag an gCultúrlann i nBéal Feirste ar an liosta ‘Best Arts and Culture Blog’, ach ní fheicim aon ainmniúcháin eile uaim san áireamh ar aon liosta ceannais eile, seachas an dá liosta luaite anseo agam.

Go n-éirí libh, a chairde na Gaeilge!   

Monday, January 24, 2011

As Alt, As Ord

Ní hamháin go gceapann an láithreoir spóirt Andy Gray nach dtuigeann bean ar bith ‘the offside rule’, ach tá a dhrochmheas maidir le mná ar láthair na himeartha, agus drochmheas a chomhghleacaí, Richard Keys, le cloisteáil go soiléir uatha.

Is cuma an raibh nó nach raibh a fhios acu go raibh a ‘sexist little conversation’ le cloisteáil, is léir go gcreideann an bheirt nach bhfuil an réiteoir Sian Massey in ann a jab a dhéanamh, cé go bhfuil na cáilíochtaí céanna aici is atá ag aon fhear a cáiliú mar réiteoir, is dóigh liom. 

Is láithreoirí an bheirt acu le Sky Sports, agus ní hé seo an chéad uair acu a ndrochmheas, ar chumas ban in earnáil na peile, a roinnt ar an aer.

Meas tú nach bhfuil sé thar am ag Sky cic sa tóin a thabhairt don bheirt seo, le go bhfanfaidh siadsan, agus a bhfocail ghnéasaíocha, ar an taobhlíne, áit nach mbeidh deis ag ceachtar acu bheith páirteach sna cluichí níos mó?  

Nó, an aontaíonn tú le Richard Keys, a dúirt nach bhfuil sa ‘complaining about sexisim’ ach an cluiche ‘gone mad’?

Cé atá 'out of touch'?