Showing posts with label smaoineamh. Show all posts
Showing posts with label smaoineamh. Show all posts

Monday, June 9, 2014

Na Boscaí Sin

Ar an deasc i m'oifig anseo i gCeann Scríbe, tá na trí bhosca sa ghrianghraf thuas. Chuir mé ansin iad, roinnt blianta ó shin, le go mbeinn in ann ord, de shaghas éigin, a choinneáil ar mo chuid, ahem, dea-rún. 

Sa chéad bhosca, cuirim na focail féilire, nó na hathfhriotail Bhéarla a fheicim, na cinn ar mhaith liom leagan Gaeilge a chumadh lena n-aghaidh, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa dara bosca, cuirim na nathanna cainte nua/focail nua/seanfhocail nua a chloisim...nathanna agus focail i mBéarla agus i nGaeilge, cinn ar mhaith liom a mbunús a fhiosrú/taighde a dhéanamh orthu, le go mbeinn in ann iad a roinnt ar mo bhlag, am éigin amach anseo, ach an deis a bheith agam é sin a dhéanamh. 

Sa tríú bhosca, breactha ar phíosaí páipéir, tá na smaointe sin a ritheann liom, go rialta agus go laethúil...smaointe as a dtiocfadh dán, nó scéal, nó amhrán, nó blagmhír, b'fhéidir, ach an deis a bheith agam ceann a scríobh, am éigin amach anseo.

Le bliain nó dhó, thug mé faoi deara go raibh i bhfad níos mó ag dul isteach sna boscaí sin, seachas mar a bhí ag teacht amach astu, mar a déarfá...bhí mo spiorad toilteanach ach, faraor, thug mé faoi deara go raibh mo chorp sách trodach. Bhí laethanta go leor ann agus ní raibh fuinneamh caitín agam, agus ghlac an bhean mheánaoiseach seo leis sin, mar gheall ar na focail eile sin a chuala mé sách minic...aois, athrú saoil, srl., srl., srl.

Ach, i ndeireadh na dála, ní mar a shíltear a bítear, i gcónaí. Rud eile ar fad a ghoid m'fhuinneamh uaim, fadhb bheag lena bhfuilim ag dul i ngleic, gan stró, ach fadhb bheag atá do mo choinneáil ó mo chuid scríbhneoireachta mar sin féin, agus, dá bhrí sin, do mo choinneáil ó mo bhlag. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí rialta dílse. Níl mo sheanléim i bhfad uaim, tá súil agam. 

Rith smaoineamh eile liom ar maidin - cuirtear daoine i mboscaí, freisin; aois, aicme, inscne, creideamh, srl., srl., srl. Cuirtear lipéid orainn, in ainneoin ár leithlí. Gura fada uainn dáileoirí na lipéad. Go raibh deis againn uilig cneasú. 


Saturday, January 25, 2014

Glanadh an Earraigh

Le seachtain anuas, táim ag glanadh amach cófraí agus tarraiceán anseo i gCeann Scríbe. Is dócha gur 'glanadh an earraigh' a thabharfadh duine ar an nglanadh seo, ó tharla muid i mbrollach an earraigh. 

Bíodh sin mar atá, buaileann rámhaille ghlantóireachta an scríbhneoir seo ó am go chéile, is cuma an t-earrach ann nó as, ach, mar sin féin, tugtar 'glanadh an earraigh' air, feictear dom, is cuma cén t-am den bhliain a ndéantar é.  (An ionann é sin agus 'grianghraf' a thabhairt ar phictiúr a thógfadh duine ar lá báistí, meas tú?) Hmmm...

Cibé scéal é, chuir sé iontas orm na nithe (truflais, giuirléidí) a bhí bailithe agam, sna cófraí agus sna tarraiceáin, thar na míonna - rudaí nach mbainfinn úsáid astu riamh, seans, ach nithe a choinnigh mé 'ar fhaitíos na bhfaitíos' go dteastódh siad lá éigin, is dócha. É sin nó cheap mé go raibh tábhacht éigin ag baint leo, agus go mba chóir dom iad a choinneáil 'ar eagla na heagla.' 

Ar aon nós, scaoil mé le m'fhaitíos agus le m'eagla, agus chaith mé formhór na dtaiscí sa bhruscar. 

Rith sé liom anocht, agus mé ag déanamh machnaimh ar mo sheachtain oibre, nach ndéanfadh sé dochar ar bith dúinn uilig dá gcaithfeadh muid amach cuid de na smaointe sin atá curtha i dtaisce againn thar na blianta; smaointe atá ag bailiú meirge, smaointe nach ndéanfaidh aon mhaith riamh.

Friday, May 17, 2013

Smaoineamh An Lae


Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops. 

Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am. 

An leagan Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar. 

Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.  

Mar chuid den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann seo. 

Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...

Thursday, May 10, 2012

Smaointe ag Rith

Léigh mé na focail seo a leanas ar m’fhéilire ar maidin, agus rith an smaoineamh liom go mb’fhéidir nach ionann ‘tabhairt faoi deara’ agus ‘chonaic mé’ nó ‘chuala mé.’

‘After you have heard two eye witness accounts of a car accident, it makes you wonder about history.’

Ní hé go gcuireann daoine an fhírinne as a riocht d’aon turas, b’fhéidir, ach go dtugann daoine nithe éagsúla faoi deara, ar an gcéad bhrath dóibh, le rud beag dá gclaontacht féin san aithris scéil, i ngan fhios dóibh féin. 

Ar ndóigh, bíonn daoine ar mhalairt intinne agus ar mhalairt tuairime faoi gach eachtra, is cuma iad i láthair na heachtra nó ná bíodh, mar sin an féidir aon leabhar nó cuntas stairiúil a thrust céad faoin gcéad?

Athfhriotal eile daoibh, a léitheoirí, ceann a fuair mé anseo, ar maidin:

A gloss is a total system of perception and language.

Fírinne nó faoiste fáiste? 

Monday, April 2, 2012

Smaointe Ag Rith

‘tis better to have to have loved and lost, than never to have loved at all.

Tharla sé gur léigh mé na línte sin thuas, ó Tennyson, arú inné, agus chuaigh mé ar mo mharana ar an ábhar iontu.

Meas tú, arsa mé féin liom féin, cé acu is fearr – an croí nárbh eol dó grá riamh, nó an croí atá cráite?

Tar éis an tsaoil, ní mhothófá uait an grá nach raibh ‘riamh’ agat, shílfeá, ach bheadh an croí cráite an-chrua ar dhuine, nach mbeadh?

Saturday, March 24, 2012

Graifítí i mBÁC!

Bhí mé ag éisteacht leis an gclár The Business inniu, agus chuala mé cailín as Dún na nGall, Aoife Dick, ag labhairt faoin ghnó nua, Urban Productions, atá bunaithe aici féin agus Conallach eile, Molly Gordon.

Tá socruithe déanta acu anois don ‘first graffiti and street art walking tour’ i mBaile Átha Cliath: Dublin tour with a twist’, mar atá tugtha ar an tsiúlóid ar shuíomh RTÉ, agus beidh sé ar siúl amárach, Dé Domhnaigh, 25ú Márta.

Smaoineamh úr agus smaoineamh suimiúil, i mo thuairim féin. Go n-éirí go geal leo!

Tuilleadh eolais le léamh anseo agus anseo 

Wednesday, March 21, 2012

Smaoineamh an Lae

Tuigfidh tú an bás nuair a thuigeann tú nach féidir é a thuiscint.