Tugtar depression air i mBéarla. I nGaeilge, tá galar dubhach, ísle brí, dúlagar, lionn dubh, lagar spioraid, srl., feicthe agus cloiste agam. Cibé ainm atá agat féin air, tá sé ann, go forleathan, agus, faraor géar, go minic cuirtear é i bhfolach.
Aréir, chuala mé Conor Cusack ag labhairt ar Prime Time agus b'fhiú duit, a léitheoir, an méid a bhí le rá aige faoina 'chara' a chloisteáil anseo (42.48).
Mura bhfuil deis agat éisteacht leis ansin, tá deis agat a scéal a léamh ar a bhlag, In Your Mind, anseo, i mblagmhír dar teideal Depression is a friend, not my enemy.
Mar dhuine a shiúil as an dorchadas mé féin, molaim Conor go hard na spéire as a scéal a roinnt linn, agus tá súil agam go gcuideoidh a ionracas leo siúd atá ag streachailt leis an saol; go dtuigfidh siad go bhfuil bealach amach as an dorchadas.
Aontaím le Conor. Ina fhocail féin,
'There is no situation that is without hope, there is no person that can't overcome their present difficulties. For those that are suffering silently, there is help out there and you are definitely not alone.'
Áiméan, a chara.
Showing posts with label dúlagar. Show all posts
Showing posts with label dúlagar. Show all posts
Wednesday, October 30, 2013
As an Dorchadas
Labels:
blag,
Conor Cusack,
crann taca,
cuidiú,
dearfacht,
dóchas,
dorchadas,
dúlagar,
galar,
meáin,
RTÉ,
tacaíocht
Tuesday, September 13, 2011
Dúlagar
Ó am go chéile, cloisim clár a théann i bhfeidhm go mór orm, agus is amhlaidh a tharla Dé Sathairn seo caite, nuair a chuala mé an clár My Dad’s Depression, ar an Documentary On One.
Is é seo an chéad chlár faisnéise ón leaid óg, Conor McGinnity, agus an rud is suntasaí faoin gclár, seachas go bhfuil sé curtha le chéile go hiontach ag Conor, ná go bhfuil sé féin agus a theaghlach ag labhairt go hionraic macánta faoi dhúlagar fhear an tí, athair Chonor; dúlagar lena bhfuil chuile dhuine sa teaghlach ag streachailt, go laethúil.
Más rud go bhfuil tú den bharúil gur ionann gach duine le dúlagar, gur daoine iad nach gcuireann a ndúlagar isteach ná amach ar aon duine eile ach orthu féin, bhuel, b’fhiú duit éisteacht leis an gclár seo.
Ná lagaítear go brách focail na ndaoine sin a labhraíonn go hionraic oscailte ar an rud is dúlagar ann, an ‘patient’ agus an ‘victim’ araon.
Subscribe to:
Posts (Atom)