Showing posts with label Scott. Show all posts
Showing posts with label Scott. Show all posts

Thursday, February 14, 2019

Lá Fhéile Vailintín


Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.

Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo

Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.  

Thursday, February 3, 2011

Difríocht á Déanamh

Is maith liom an feachtas seo atá ar bun ag Scott.

Más mian leat bheith páirteach, caith súil ar an bhfíseán seo uaidh ar YouTube, agus bí i dteagmháil leis.

A bhuí le hAonghus, i dtrácht uaidh thíos, seo an bunleathanach, agus ón mbunleathanach sin, tháinig mé orthu ar Facebook anseo.