Tuesday, March 15, 2011

Láithreacht

Is cuma cá dtéim sa teach, bíonn Sióg le mo thaobh.

Chuile mhaidin, bíonn sé do mo leanúint timpeall an tí. Nuair a shocraím ar láthair scríbhneoireachta, socraíonn sé le mo thaobh, cibé áit ina mbím féin i mo shuí, an dtuigeann sibh.

Go hiondúil.

Maidir Déardaoin seo caite, bhí mé i mo shuí ag an mbord sa chistin, ag scríobh liom ar an ríomhaire glúine, agus d’airigh mé a láithreacht. Mar sin féin, ní raibh mé in ann é a fheiceáil ar aon chathaoir taobh liom, ná ar aon cheann de na mataí urláir.

Fós, d’airigh mé a láithreacht.

Thosaigh mé ag breathnú thart orm, go bhfeicfinn cá raibh sé. Is ansin a baineadh geit asam.  Gan súil ar bith agam leis, chonaic mé súil amháin ag cúlchoimhéad orm ón halla.

Sióg sa teach, gan dabht!

2 comments:

Néidí said...

spiadóireacht, an raibh sé dána?

Mise Áine said...

Ní stopann sé, a Néidí, ach bíonn sé míle uair níos measa ar maidin.

Socraionn sé beagán, díreach roimh am lóin, agus bíonn sé ina chodladh, an chuid is mó den am, go dtí deireanach sa tráthnóna, nuair a thosaíonn an raic arís!