Showing posts with label Gaeltachtadh. Show all posts
Showing posts with label Gaeltachtadh. Show all posts

Saturday, January 11, 2014

Gaeltachtadh

B'fhéidir gur rud é a bhaineann le haois, nó b'fhéidir nach bhfuil ann ach go bhfuil fonn na hagóide caillte agam, ach cibé rud atá ann, a léitheoirí, ní chuireann Gaeltachtadh an rialtais ionadh ná brú ar bith orm, cé nach maith liom é, ach oiread le haon Gaeltachtadh eile a dhéantar. Ní maith liom ciníochas. 

Ní maith liom gnéasachas. Ní maith liom ábharachas. Ní maith liom barbarachas. Ní maith liom lámhachas. Ní maith liom seicteachas. Ní maith liom aon -achas a fhágann duine gan a chearta daonna. Is cuma liom cén reiligiún/deachtóir/polaiteoir atá i gceannas ar aon náisiún/stát/tír, ba cheart go mbeadh a gcearta daonna ag chuile fhear, ag chuile bhean agus ag chuile pháiste, is cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad.  Ach, ní mar sin a bhíonn an scéal, faraor. 

Mo chuimhne, alt suimiúil ag mo chomhbhlagálaí, An Croiait, anseo, más mian le haon duine agaibh é a léamh. 

Ach, ar ais liom chuig an tachtadh teanga, an Gaeltachtadh (m'fhocal féin) sin a luaigh mé ar dtús. Is Gael mé, atá Gaelach, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é. Ní le Gaeilge a tógadh mé, ach sí an Ghaeilge an teanga is ansa liom, seachas aon teanga eile. Sí mo mhian í a labhairt, í a scríobh, agus í a roinnt, aon deis a fhaighim. Sin mise. 

Níl aon pholaitíocht i gceist le mo mhian, níl ann ach go mothaím bá le agus grá don teanga; mar go mbaineann sí linn féin, mar Ghaeil, is dóigh liom. Bhí sí sa tír ó thús ama, agus seans go bhfuil sí i mo ghéinte, dá bhrí sin. Ní féidir an dúchas a sheachaint, cé gur léir go bhfuil Gaeil ann atá a shéanadh, gan dabht. Tá an rogha sin acu. Ní fúmsa atá sé mo ghrá do, ná mo bhá le, mo dhúchas a bhrú ar aon duine. Cé go bhfuil cónaí orm i nGalltacht, tá mise i mo Ghaeltacht féin anseo i gCeann Scríbe, dar liom féin. Sin mise. 

An méid sin ráite, fearacht Sheáin Uí Chuirreáin, An Comisinéir Teanga, goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais. Bíodh mé i nGaeltacht nó i nGalltacht, feictear dom go bhfuil an ceart sin tuillte agam, mar Ghael, gan trácht ar mo chearta bunreachtúla, mar atá siad luaite ag uimhir 1, 2 agus 3 anseo. Ní dóigh liom nach mbeadh fáil ar an bhFraincis in oifig phoiblí sa Fhrainc, mar shampla, ná nach mbeadh fáil ar an Spáinnis in oifig phoiblí sa Spáinn, abair, mar sin cén fáth nach bhfuil fáil ar an nGaeilge i ngach oifig phoiblí sa tír seo?

Ach, ní chaillfidh mé codladh na hoíche mar gheall air seo. Leanfaidh mé orm, in ainneoin an 'tachtadh' teanga sin a mhothaím ó na páirtithe polaitíochta éagsúla thar na blianta, agus in ainneoin mheath na teanga sna Gaeltachtaí, mar go gcreidim féin gur fúinn uilig atá sé ár dteanga a chaomhnú, más mian linn go mairfidh sí. Ní féidir brath ar aon rialtas, feictear dom. Is féidir linn ár nGaeltacht féin a chruthú, is cuma cá mbeimid; bíodh muid inár n-aonar, nó ná bíodh. 

Beannóidh mé do na hoibrithe sna siopaí, agus sna hoifigí poiblí, trí mheán na Gaeilge, agus déanfaidh mé chuile iarracht ar mo ghnó a dhéanamh leo sa teanga sin, ach ní bhrúfaidh mé mo theanga dhúchais ar aon duine. Mura dtuigeann an Gael é féin a dhúchas, nó más mian leis a dhúchas a shéanadh nó a sheachaint, tá an ceart sin aige. Mura mian le hoibrí na tíre an teanga dhúchais a fhoghlaim, tá an ceart sin acu. 

Ach, idir an dá linn, ná baintear mo chearta díomsa, le bhur dtoil.